THALL IS ABHUS
Toronto, Cathair na Dála
Sarah Ní Chonchobhair Sarah Ní Chonchobhair Sarah Ní Chonchobhair

eolas ar chathair mhór mhaorga Toronto breactha ag Sarah Ní Chonchobhair san alt seo, cathair ar fiú eolas a fháil uirthi.

Íomhá
Eas Niagara
Íomhá
An Túr CN
le Wladyslaw ar Vicipéid
Íomhá
Ionad Rogers agus Túr CN ón loch
Íomhá
Céad tollán PATH á thochailt 1900
W. James ar Vicipéid
Íomhá
PATH, cosán fothalún Toronto
Aardvark ar Vicipéid

Is cathair ollmhór í Toronto, príomhchathair chúige Ontario. Tá sí ar an gcathair is mó i gCeanada tharla go bhfuil níos mó ná sé mhilliún duine ina gcónaí anseo. Ní dhealraíonn sé ar do thuras tríd gurb í Toronto an chathair is mó sa tír mar tá na sráideanna agus páirceanna glan néata. Tá an chathair gnóthach agus bríomhar agus ní bhraithfear fuadar ná sluaite daoine sa mullach ort in áit ar bith. Is í Toronto croílár geilleagair agus saol sóisialta agus cultúir Cheanada. Cathair inimirceach atá inti gan na slumaí, an chreachadóireacht, an brú tráchta agus gan an cúngach céanna a bhaineann le cathracha móra eile i Meiriceá Thuaidh. Cathair fhuinniúil atá inti ach gan a bheith róghnóthach.

Is ceannchathair í Toronto le haer ghlan agus comharsanachta uirbeacha sláintiúla. Is féidir a rá gur cathair ghlas í Toronto le siúlóidí, bealaí rothaíochta, páirceanna, agus áiteanna súgartha ar fud an bhaill. Má bhíonn fonn ort a bheith ag siúl thart anseo mar ní gá duit a bheith buartha faoin trácht. Iontas na n-iontas, seasfaidh na carranna díreach romhat má léiríonn tú iarracht siúl trasna na sráide! Dealraíonn sé go bhfuil daoine i bhfad níos réchúisí ná na hÉireannaigh, go fiú más in ollchathair thú.

Tá Loch Ontario, ceann de na Locha Móra Mheiriceá, sa teorainn aneas le Toronto agus tosaíonn an lár anseo, ag síneadh ó thuaidh le cúpla míle. Feictear foirgnimh ilstóracha ag bun na spéire na cathrach. Seasann na foirgnimh ilstóracha ar airde mhillteanach agus feidhmíonn siad mar tholláin gaoithe uaireanta nuair a bhíonn an lá séidte. Dhá cheann de na comharthaí teorainn faoi leith ná an Túr CN agus an tIonad Rogers atá le taobh a chéile ar bhruach an locha. Mheallann an Túr CN leis an urlár gloine cáiliúil turasóirí go leor gach bliain. Tarraingíonn an túr CN an-chuid daoine chun féachaint amach ar an gcathair ina hiomláine. Is fearr an radharc a bheas ag an turasóir uaidh anseo. Is cruinneachán suntasach é an tIonad Rogers. Ionad spóirt atá ann agus ar lá brothaill, tarraingeofar siar an díon.

An Dáil

Ciallaíonn an focal dúchasach Toronto áit na gcruinnithe agus is cathair mar a tuairisc í mar sin mar is minic daoine ag teacht i ndáil a chéile anseo. Tá éagsúlacht chine, chreidimh agus saoil mar dhlúthchuid de shaol na ndaoine abhus. Agus mé ag spaisteoireacht timpeall, cloisim teangacha difriúla an t-am ar fad. Tá níos mó ná 140 teanga á labhairt anseo in Toronto. Mar imirceach as Éirinn, braithim ar mo shuaimhneas anseo -- braithim sa bhaile i gcéin. Mar gheall ar an gcorás imirceach i dToronto, tagann 107,000 imirceach idirnáisiúnta anseo as gach cearn den domhan chuile bhliain. Tá ceangal ag níos mó ná 75% den daonra leis an inimirce. Ar ndóigh, tháinig na mílte Éireannach go Ceanada le linn an Drochshaoil agus tugadh tearmann dóibh anseo i dToronto.

Murab ionann an corcán meascaithe, nó leáite, na Stát Aontaithe, tugtar sailéid ilchineálacha ar na comharsanachta agus ar na fobhailte thart orainn. Tá an ceantar Gréigeach thoir, tá an ceantar Iodálach thiar agus ó dheas tá an ceantar Síneach. Is féidir leat cuairt a thabhairt ar an bPortaingéil Bheag, béile a ithe i mBaile Choiré, a bheith sáite in éadaí ar athreic ag margadh Kensington nó dul chuig an Annex, ceantar na mac léinn mar a bhfuil an t-atmaisféar is bíogúla sa chathair. Tugtar cead a gcinn do na pobail eitneacha a gcuid teangacha féin, a gcuid cultúr féin agus a gcuid creideamh féin a bhuanú. Mar fhianaise ar sin, feictear comharthaí dátheangacha sna comharsanachta faoi leith. Mar gheall ar an ilcultúracht i dToronto, tá clú agus cáil uirthi mar phríomhchathair an bhia i gCeanada. Deirtear go bhfuil níos mó ná 18,000 bialann sa chathair agus rogha gach bí agus togha gach dí ann dá réir.

Caint na Cathrach

Tá sé thar a bheith tábhachtach don chuairteoir teacht isteach ar chanúint na tíre, ar bhéarlagair chathair Toronto. Labhraíonn na Ceanadaigh faoin ‘T Dot’, leasainm na cathrach. Tá siad thar a bheith tugtha do Tim Hortons, sraith tithe caife ar fud na háite. Is iontu a gheobhfá an dá oiread’ (double double) cáiliúil. ’Sé sin caife le dhá siúcra agus dhá láib uachtair. Tugtar loonie ar an mbonn dollar tar éis an éin uisce comónta, an ‘Loon’ agus mar gheall ar an ainm seo, tugtar ‘toonie’ ar an mbonn dhá dollar. Is é an TTC an córas iompair Toronto (Toronto Transit Commission). Tá córas metro agus córas tram in Toronto. ’Sé an tram an rud a dtugtar an Diúracán Dearg air ach i ndáiríre is ainm mí-oiriúnach é mar níl an Diúracán Dearg chomh tapa sin. Is é an leagan cainte Ceanadach is cáiliúla ná an focal ilfheidhmiúil ‘Eh?’. Baintear úsáid as an bhfocal seo in áit ‘nach bhfuil?’ mar shampla: ‘Tá ticéad sa bhreis agat don cluiche anocht, eh?’ Ina theannta sin, ba cheart duit a bheith eolach ar haca oighir, an spórt náisiúnta anseo i gCeanada. Tá an-ghnaoi ag na daoine ar na Maple Leafs agus bíonn an-tóir ar thicéidí do na cluichí haca.

Tá Toronto tógtha ar chóras eangaí agus mar gheall ar sin, is furasta taisteal timpeall na cathrach. Tá sé deacair dul amú sa chathair, fiú más turasóir nó coimhthíoch thú. Is í Sráid Yonge an phríomhshráid agus is í an tsráid is faide i Meiriceá Thuaidh. Tá achar 1,896 ciliméadar sa tsráid seo ó bhruach an locha in Toronto, ó Thuaidh go dtí Rainy River, Ontario, in aice le teorainn Minnesota.

Caocháin na Dúluachra

Titfidh an teocht i bhfad faoin reophointe sa gheimreadh scaití ach ní gá duit dul ós cionn talún. Is féidir leat fanacht faoi thalamh ar chóras cosáin do na coisithe darb ainm an PATH. Ceanglaíonn an cosán faoi thalamh 1200 siopa agus bialann, 50 túr oifigeach, agus cúig stáisiún traein fobhealach. Tá breis is 25 ciliméadar de chosáin faoi thalamh agus braitheann tú, uaireanta i ndúluachair an gheimhridh, mar chaochán éigin ag smúrthacht thart faoin talamh.

Agus ar ndóigh, nílimid i bhfad ón eas mór cáiliúil, Niagara. Níl sé ach uair an chloig síos an bóthar. Is ceann de sheacht n-iontas aiceanta an domhain é an t-eas cumhachtach. Tá codarsnacht i gceist in Niagara idir áilleacht aiceanta an easa agus an baile é féin. Tá borradh mór tagtha faoi thionscal an chasaíne sa cheantar in imeacht na mblianta agus tá íomhá phlaisteach ar an mbaile anois. Ach fós tagann tocht ort nuair a fheiceann tú ollchumhacht an easa ag tuargaint síos uait ar an alt.

Is dream macánta, ionraic iad na Ceanadaigh. Ní haon iontas gurb í Toronto an chathair is sábháilte i gCeanada. Tá siad béasach agus fáiltiúil, ach caithfidh mé a admháil, an chraic agus an acmhainn grinn atá le braistint in Éirinn, níl sé le fáil anseo. Fiú más ollchathair í Toronto le daonra níos mó ná daonra na hÉireann, tá na Torontonians an-chairdiúil, oscailte agus díreach, cathair ar fiú cuairt a thabhairt uirthi má tharlaíonn sa taobh seo domhain thú.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is as Sligeach an Dr. Ní Chonchobhair agus tá sí ag obair i gCeanada faoi láthair.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.