AR NA SAOLTA SEO
Ag cuimhneamh orthu siúd a d’fhulaing in am an ghátair
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Tá ionad nua oidhreachta tógtha i Learpholl i gcuimhne orthu siúd a thug aghaidh ar Learpholl aimsir an Ghorta Mhóir. Tuairisc ó Tony Birtill.

Íomhá
Séipéal Naomh Antóin
Íomhá
Taobh istigh de Shéipéal Naomh Antóin

Osclóidh Ardeaspag Learphoill, Patrick Kelly, ionad oidhreachta ag teach pobail Naomh Antóin ar Scotland Road ar Lá Fhéile Pádraig i mbliana.

Bhunaigh an sagart Francach Jean Baptiste Antoine Geradot an paróiste in 1804 i séipéal beag thart fá mhíle ó lar na cathrach. Bhailigh muintir na háite airgead chun teach pobail mór a thógáil agus leagadh an bhuncloch ar Lá Fhéile Pádraig, 1832.

Pobal réasúnta rathúil a bhí sa pharóiste, agus ní raibh leid ar bith acu faoin tubaiste a bhí i ndán dóibh i gceann cúig bliana déag.

Nuair a theip ar na prátaí in Éirinn in 1845, thosaigh na teifigh ag teacht go Learpholl ar na báid ó Bhaile Átha Cliath agus Droichead Átha ag iarraidh dídine. Ní raibh mórán acu ann ar dtús, ach nuair a theip ar na prátaí arís i bhFómhar na bliana 1846, agus nuair a tháinig drochgheimhreadh ansin, tháinig méadú ar an líon daoine. Ghearr Rialtas Shasana siar ar an fhóirithint agus in “1847 Dubh” tháinig 116,000 Éireannach i dtír ag Clarance Steamship Dock i Learpholl. Rinne na póilíní iad a chomhaireamh, agus thug siad faoi deara gur Ghaeilgeoirí iad. Bhí cuid acu i ndiaidh siúl aniar, trasna na hÉireann, ó áiteanna mar Ros Comáin, Mhaigh Eo, Ghaillimh agus Shligeach.

Ní raibh taithí acu ar thuras báid ná ar chathracha móra agus bhí siad lag agus trína chéile. Chuir 30,000 acu fúthu i siléir sa cheantar thart ar theach pobail Naomh Antóin.

Cé nach raibh na húdaráis i Learpholl ullamh do shlua mar seo, ní bhfuair ach dhá dhuine is fiche acu bás le hocras, de réir an chláir oifigiúil. Dhiúltaigh rialtas Londain cuidiú a bith a thabhairt dóibh, ach rinne na húdaráis áitiúla iarracht bia a sholáthar dóibh agus bhailigh muintir na háite airgead dóibh fosta.

Galair mar thífeas, buinneach agus dinnireacht a mharaigh na mílte, 8,500 acu in 1847 amháin.

Cuireadh 2,303 acu i reilig Naomh Antóin, cuid acu in uaigh ollmhór agus gan leacht ar bith uirthi. D’fhreastail mé ar sheirbhís chuimhneacháin ansin i mí Dheireadh Fómhair 1997, a d’eagraigh Coiste Cuimhneacháin an Ghorta Mhóir agus an sagart paróiste. Bhí siad ag iarraidh déanamh cinnte nach mbeadh dearmad déanta ar na daoine a fuair bás in 1847, go mbeadh níos mó i gceist ná na staitisticí. Mar sin, bhí liosta 2,303 ainm i leabhrán na seirbhíse.

Sloinnte Éireannacha

Cuireadh 7,219 eile in uaigh na mbochtán in dhá áit eile sa chathair agus tá na hainmneacha uilig sa leabhrán fosta. Sloinnte Éireannacha atá ar a bhformhór, agus go minic is daoine ó theaghlach amháin atá i gceist, idir thuismitheoirí agus pháistí.

Sa Liverpool Journal, 13 Márta, 1847, faoin cheannlíne “A Skibbereen Liverpool”, dúradh: “We fear that there is at this moment suffering as great and undeserved in this town as can be witnessed, even on the West coast of Ireland.’

Ina thuairisc ar an 30 Meán Fómhair, 1847, thug an tArd-Chláraitheoir “the cemetery of Ireland” ar Learpholl.

Níor stad an tuile go dtí 1853.

Chuir na sagairt an ola dhéanach ar gach duine, agus fuair deichniúr acu bás le tífeas dá bharr. Sasanaigh ab ea seo iad ar fad. Chomh maith leo siúd, cailleadh an tUrramach John Johns, deichniúr dochtúirí agus 30 banaltra.

Thug an tOllamh Frank Neal ó Ollscoil Salford léacht ag an tseirbhís agus dúirt sé: “I personally feel a sense of satisfaction that the terrible events of 1847 are not passed by, ignored, and that the names of thousands of obscure poor, dying in a foreign land, are rescued from anonymity.”

Cuid thábhachtach d’ár stair é seo, agus fuair teach pobail Naomh Antóin £250,000 ó Chrannchur Náisiúnta Shasana chun an t-ionad oidhreachta a thógáil. Faigheann siad a lán fiosrúchán ó Stáit Aontaithe Mheiriceá faoi shinsir daoine agus beidh na rollaí agus an chartlann uilig ar ríomhaire san ionad nua, agus beidh cartlannaí ann le cuidiú a thabhairt do chuairteoirí.

“I hope it is not too grand to say this, but it will be a little like Ellis Island in New York,” arsa an tAthair Graeme Dunne, an sagart paróiste.

Beidh dhá sheomra taispeántais ann fosta, ina mbeidh eolas faoin pharóiste agus faoin cheantar máguaird.

In aice leis an tslí isteach san ionad tá séadchomhartha ann do “Dandy” Patrick Byrne, a fuair bás in 1890. Rugadh i Loch Garman é agus bhí sé ina bhall de Comhairle na Cathrach i Learpholl, mar chomhairleoir de chuid Pháirtí Rialtas Dúchais na hÉireann. Tábhairneoir agus fear gnó ab ea é, fear flaithiúil, a bhíodh i gcónaí gléasta go maith. An chéad phost a bhí aige nuair a tháinig sé go Learpholl in 1863 ná ag obair mar dhugaire agus ba é cisteoir an choiste tacaíochta sa stailc mhór sna duganna in 1887. Tá sé curtha i bhFearna, Contae Loch Garman, áit ar rugadh é in 1845.

Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Tá sé ag obair sa chathair sin mar mhúinteoir agus mar shaoririseoir.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.