Is iomaí uair ó ré Shuibhne Geilt i leith ar bhain aos ealaíne feidhm as an ghealach agus as solas na gealaí ina saothar. Tá cuntas ar an obair sin ag Ciara Nic Gabhann.
“Blianta fada ó shin nuair a cuireadh ceist ar an taiscéalaí mór Sasanach, George Mallory, a bhí le bás a fháil ar Shliabh Everest, cén fáth a raibh sé ag iarraidh an sliabh a dhreapadh. D’fhreagair sé, mar is eol dúinn, ‘Mar go bhfuil sé ann’.Bheul, tá an spás ansin thart timpeall orainn, agus tá muidinne ag dul a dhreapadh air agus tá an ghealach agus na pláinéid ansin chomh maith agus dóchas againn go n-aimseoidh muid eolas úr agus síocháin iontu.” - John F. Kennedy, Uachtarán na Stát Aontaithe a dúirt.
Nuair a bhain Apollo 11 an ghealach amach ar an 20 Iúil, 1969 agus nuair a d’inis Neil Armstrong don domhan gur ‘céim bheag amháin d’fhear é ach gur léim ollmhór don chine daonna’ a bhí déanta aige, cuireadh idir ríméad agus iontas ar dhaoine gur éirigh leo a leithéid de rud a dhéanamh.
‘An tseachtain is fearr i stair an domhain ón chruthú’ an breithiúnas a thug Richard M. Nixon ar an éacht a bhí bainte amach acu - éacht nach raibh ach ina ábhar aislinge go dtí sin agus a mhaireann ina choincheap mhealltach go fóill a spreagann agus a thugann ábhar inspreagtha d’ealaíontóirí.
Gealach an Bhéaloidis
Tá tagairt déanta don ghealach i mbéaloideas tíortha éagsúla chomh maith len í a bheith ina híomhá choitianta i saothar ealaíne. Anuas go dtí an Athbheochan, shíl an Eaglais go raibh an ghealach chomh mín agus chomh glan le criostal. Thaispeáin ealaíontóirí ar nós El Greco, Rubens agus Velázequez, Deastógáil na Maighdine go minic agus an ghealach dheirceach, nó an corrán gealaí, faoina cosa. Bhíodh an ghealach le feiceáil i bpictiúir faoi Chéasadh Íosa chomh maith agus an ghealach faoi urú curtha ar thaobh amháin den chrois agus an ghrian ar an taobh eile. Feictear an ghealach i scéalta a bhaineann leis an Chruthú agus le Lá an Bhreithiúnais fosta. Nuair a d’fhoilsigh Galileo, Sidereus Nuncius i 1610, áfach, b’éigean don domhan athbhreithniú a dhéanamh ar an tslí a mbídís ag amharc ar an ghealach.
Tá an ghealach ina comhartha láidir i scéalta béaloidis ar fud an domhain. Chreid an Inuit, cuirim i gcás, go raibh sealgaire darb ainm Tarqeq ina chónaí ar an ghealach agus gur choinnigh sé súil ghéar ar an chine dhaonna agus ar a gcuid míghníomhartha. Chreidtí sa tSín i Chang O, bandia na gealaí a chónaigh in áras ansin. Chreidtí go raibh nasc idir an ghealach agus an bás fosta agus go raibh contúirt bháis ceangailte le líonadh agus le lagan na gealaí nó nuair a ligfeadh madra uaill leis an ghealach lán.
Measadh fear na Rúraíochta, Lugh Lámhfhada (agus Llew Llawgyffes na Breatnaise faoina leagan thoir) le dia na gealaí, éarlamh nimhe do Chú Chulainn. Tchítear Cú Chulainn in aghaidh Ghoill mhic Carbada, is é sin, carbadóir na leathsúile, nó dia na Gréine. Le linn a riastartha, léimeadh a ‘lúan láith’ amach as a chloigeann agus thugadh aghaidh in airde spéire. Dála an scéil, measann Mike Baillie, Ollamh le Bitheolaíocht Ársa nó pailé-éiceolaíocht, in Ollscoil na Banríona Bhéal Feirste, gur eascair Cú Chulainn as dreige a theagmhaigh le haeráid an domhain sa bhliain 540i.ch. (Irish Times, 9-9-2000).
Gealach an Ealaíontóra
Bhí baint ag an ghealach le cúrsaí grá agus seirce fosta, agus bhíodh sé go minic le feiceáil i saothar ealaíontóirí ón tréimhse rómánsach sna 1800í agus é ag lonrú ar bhean óg agus ar a leannán ag suirí.
Chuir an t-ealaíontóir Edvard Munch suntas sa ghealach agus an tionchar atá aici ar an aigne agus ar chorp an duine. Tá sé seo le feiceáil i Faoi Sholas na Gealaí 1895 agus i Rince na Beatha 1899, áit a ndearna sé machnamh ar chúrsaí gnéis, báis agus gealtachta.
Bheadh sé rídheacair cuntas a thabhairt ar an mhéid ealaíontóirí agus óráidithe a bhain feidhm as an ghealach mar shamhail nó mar mhóitíf ina gcuid saothar. Dúirt Shakespeare gur ‘arrant thief’ a bhí sa ghealach a sciob a solas báiteach ón ghrian. D’fhógair Mahatma Ghandí gur mhéadaigh a anam in ómós don Chruthaitheoir, nuair a mheabhraigh sé ar áilleacht luí na gréine nó na gealaí.
In ainneoin an tsaineolais atá againn faoi dhéantús na gealaí agus an dóigh a fheidhmíonn sí, tá draíocht ag baint léi go fóill, draíocht rúnda álainn a spreagann agus a mheallann an té a amharcann uirthi.
‘Is geall le hardéirim í an áilleacht. Tá sí níos airde ná an ardéirim fiú, nó ní gá an áilleacht a mhíniú. Is ceann de mhórfhírinní an tsaoil í ar nós solas na gréine, nó scáil an tsliogáin ghléghil sin ar a dtugaimid an ghealach, ar dhromchla dorcha an locha. - Oscar Wilde a dúirt.