149
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Is bean óg a bhfuil gealladh fúithi í Clíona Ní Chíosáin, as a cuid aisteoireachta mar ‘Aifric’ an chláir theilifíse. Beidh cuimhne uirthi mar dhéagóir, ach caithfear cuimhneamh leis go bhfuil cúig bliana imithe thart ó chuir Clíona agus a comhchliar sa chlár Aifric isteach ar na hagallaimh roghnaithe don chlár ar dtús. Chas Seosamh Mac Muirí léi gar don ollscoil a bhfuil sí ag freastal ar chúrsa céime sna teangacha le cúpla bliain anuas, Maigh Nuat. Labhair sí ar bhronnadh na nduaiseanna IFTA, an saol cathrach, an Ghaeltacht, Raidió na Life agus ar mhórán eile thairis sin.
»»»Braitheann muintir Galicia go bhfuil an rialtas áitiúil agus Rialtas na Spáinne tar éis loic orthu ó tharla tubaiste an Prestige i mí na Samhna, dar le Carmen Rodríguez.
»»»Le cois a bheith ina amhránaí cumasach, is scoláire é Lillis Ó Laoire a bhfuil staidéar cuimsitheach déanta aige ar an sean-nós. Roinn sé roinnt dá chuid tuairimí ar an ábhar le hAntaine Ó Faracháin le déanaí.
»»»Tá Máire Ní Chuagáin san Afraic faoi láthair, agus beidh sí ag triall ar an Áis níos moille sa bhliain. Sa cheathrú tuairisc seo uaithi, déanann sí cur síos ar an drochaimsir a bhí ann nuair a shroich sí Leosóta, an tír bheag atá timpeallaithe ag an Afraic Theas.
»»»Chas Seosamh Mac Muirí le duine de cheoltóirí Kíla, Rossa Ó Snodaigh, i Liatroim agus cheistigh é faoina chur chuige fuinniúil i gcúrsaí Gaeilge. Tá sé ag ceapadh faoi láthair gur mithid do shaol na Gaeilge tabhairt faoi ghné an-tábhacht eile, saol an airgeadais, trí chomhar creidmheasa a bhunú do mhuintir na Gaeilge.
»»»Chuir JP McCarthy spéis i gcaint Albie Sachs, Breitheamh na Cúirte Bunreachtúla san Afraic Theas. Loiteadh Albie Sachs go dona i mbuamáil a rinne an NIS air sa bhliain 1988.
»»»Chomh maith le teacht ar an gcéad fhoclóir Breatnais-Gaeilge sa mBreatain Bheag, tháinig Diarmuid Johnson ar chainteoirí Gaeilge na Breataine Bige féin a bhfuil sí mar ateanga acu.
»»»Níor bhain an gadaí deireadh dúile de do rothar go fóill. Tá Roseanne Smith ag lorg bealach teicneolaíochta thart ar fhadhb ghadaíocht na rothar, grá ár gcroí iad na rothair chéanna.
»»»Cé gurb é an Béarla an teanga is forleithne sa Nua-Shéalainn, tá stádas oifigiúil bainte amach ag an Maoiris ón mbliain 1987. Pléann Ruth Nic Giolla Iasachta cúrsaí teanga agus cultúrtha na Nua-Shéalainne.
»»»Ní leithne an t-aer ná an timpíste a deir an seanrá. Is fánach mar a tharlaíonn sa teach féin nó faoin sliabh ard, ach is faide a bheas tú ag fanacht le tarrtháil más amuigh ar an sliabh a thiteann sé amach. Thit cara le Tony Birtill ar a’ Mhònadh Ruadh in Albain ar na mallaibh, titim a ghortaigh go dona é agus a thug a bhás.
»»»Chaith Diarmuid Johnson oíche Nollag i measc daoine gan dídean i bPoznań na Polainne bliain go ham seo.
»»»Níl Brian Ó Broin ag tacú le ‘cogadh’ eile san Iaráic, ná le fad a bhaint as an bhforéigean a thosaigh airm ‘an Iarthair’ sa tír chéasta sin ag deireadh na mílaoise.
»»»Tugann Colm Mac Séalaigh a chuid tuairimí maidir le himeacht tobann Roy Keane of Manchester United an mhí seo caite.
»»»Níl mórán trua ag Colm Mac Séalaigh don dream i measc lucht leanúna Manchester United atá ar buile gur díoladh an club leis an Mheiriceánach Malcolm Glazer.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.