Sa tsraith seo, tugann Beo! cuairt ar Ghaeltachtaí na hÉireann. In alt na míosa seo, tá cur síos ag Niall Mac Eachmharcaigh ar Rann na Feirste i dTír Chonaill.
Ta Rann na Feirste suite idir Gaoth Dobhair agus Gaoth na Brághad ar chósta thuaidh na Rosann. Bhí fearsaid ar an dá ghaoth agus sin mar a fuair sé a ainm, "Rannaigh na Fearsaide ". Tá feirmeacha sa tír atá níos mó ná baile fearainn Rann na Feirste, mar níl ach 556 acra uilig ar an bhaile agus níl ina gcónaí ann ach 350 duine. Mar sin de déarfadh daoine aineolacha gur áit é nach bhfuil mórán tábhachta ag baint leis. Ní bheadh an ceart acu nó níl baile fearainn in Éirinn a bhfuil níos mó iomrá air.
Is dóigh go raibh cónaí anseo sa tseanam nó tá cúpla cruthú fágtha air sin go fóill. Tá an Chloch Stuacach ann, sin liagán nó gallán a tógadh roimh theacht na Críostaíochta. Tá beanna na Lochlannach ann agus Ard an Chrabharlaigh.
Sa bhliain 1736 cheannaigh beirt deartháireacha, Seán agus Pádraig Mac Grianna as na Stacarnaigh in aice Mhín an Lábáin, an baile ar £5 agus cíos de chúig scillinge sa bhliain. Má ba deartháireacha féin iad ní raibh siad cosúil le chéile. Bhí Pádraig saoltach santach gan suim aige in a dhath ach obair. Ba chuma le Seán cá n-éireodh an ghrian fhad is go raibh ceol, filíocht agus deoch le fáil. Tá a n-iaróibh le feiceáil go sóileir ar an bhaile go fóill ach sílim gur lean níos mó acu Seán.
Phós Pádraig agus bhí seisear de theaghlach aige. Phós Seán agus bhí ceathrar de theaghlach aigesean agus is beag duine ar an bhaile inniu nach bhfuil ábalta a ghabháil siar naoi nglúin fhad leo.
Bhí iníon ag Seán darbh ainm Róise agus phós sise Pádraig Dubh Ó Domhnaill as oiléan na Cruite. File ceoil a bhí ina athair agus is é a chuir síol na fílíochta i Rann na Feirste, atá beo go dtí inniu.
Leoga tá sé ráite go raibh eagla ar dhaoine a theacht go Rann na Feirste nó dá mbainfí tuisle dóibh ar dhóigh ar bith go mbeadh cúpla rann filíochta cumtha fá dtaobh díobh sula mbeadh an baile fágtha acu.
Ní fios dúinn gur chum Pádraig Dubh filíocht ar bith ach chum triúr dá chuid mac, Séamus, Aodh agus Peadar, filíocht atá i mbéal na ndaoine go fóill. Is é an t-amhrán is mó a bhfuil trácht air is dócha ná an ceann a scríobh Séamus, nuair a báitheadh a mhac Pádraig ar an chéad Mháirt d’Fhómhar, 1811.
Ar charraig na ndeor is dó gur chaill mé mo radharc, Is go dtéighe mé faoi fhód ní thógfad m’aigneadh ' do dhiaidh ("An Chéad Mháirt d’Fhómhar ")
Scríbhneoirí
Tá ceithre cloigeann déag as Rann na Feirste a bhfuil a saothar foilsithe, ach níl mé ag gabháil a lua ach triúr anseo, triúr deartháireacha Mhic Grianna.
Níl a fhios agam an bhfuil aithne mar is ceart ag aon duine ar Sheosamh Mac Grianna (1900-1990) nó níor scaoil sé a rún ariamh ach tá aithne go leor ar a shaothar. Tá *Mo Bhealach Féin *ar an leabhar is ionraice a scríobh údar. Sa leabhar seo cuireann sé síos ar a shaol agus ar na deacrachtaí a bhí aige. Bhí sé ag iarraidh a bhealach féin a shiúl, rud a rinne sé agus a d’fhág beo bocht é ar mhaoin an tsaoil ina dhiaidh sin. Thigeadh lionn dubh air ó am go ham agus chaithfeadh sé go leor ama ag siúl leis féin ar an uaigneas. Cuireadh isteach in Otharlann Naomh Conall i Leitir Ceanainn é i 1958, áit ar chaith sé an chuid eile dá shaol.
Máire an t-ainm cleite a d’úsaid Séamus Ó Grianna (1889-1969) mar ómós dona mháthair. Scríobh Máire 30 leabhar a bhfuil saibhreas Gaeilge iontu. *Mo Dhá Róisín *agus *Caisleáin Óir *an chéad dá cheann a scríobh sé agus déarfainn gurb iad is fearr ó thaobh scéil de. Tá stair agus seanchas sa leabhar *Rann na Feirsde *a chuir sé i gcló i 1942 agus gan í bheadh go leor de caillte inniu.
Cé gur bheirt deartháireacha Seosamh agus Máire ní raibh mórán cairdis eatarthu. An lá ab fhearr a bhí siad ní thiocfadh leo aontú ar aird na gaoithe. “Tá tú ag scríobh leat go fóill,” arsa Máire, “ach chím nach raibh tú ábalta theacht isteach go cisteanach Rann na Feirste go fóill i do chuid leabhar. " "Tá tú féin ag scríobh go fóill, " arsa Seosamh "agus chím nach bhfuil tusa ábalta an chisteanach a fhágáil. "
File ceoil a bhí in Seán Bán Mac Grianna, deartháir Sheosaimh agus Shéamuis, agus tá a chuid amhrán le fáil go forleathan ar fud na tíre. Tá “Cumha an Fhile” ar amhrán chomh deas agus atá le fáil. Níor chaith Seán ach cúpla lá ar an scoil ach thiocfadh leat a rá go raibh sé ar Ollscoil sa bhaile. Bhíodh sé ag teagasc ar Choláiste Bhríde seal an tsamhraidh ar feadh na mblianta agus ag baint sult as an tsaol an chuid eile den am.
Coláiste Bhríde
I 1926 bhunaigh an tAthair Lorcán Ó Muirí coláiste Gaeilge ar an bhaile agus ó shin tá thar 70,000 scoláire i ndiaidh freastal uirthi. Tá an choláiste ag gabháil go láidir go fóill agus is dócha gur í an fhoinse airgid is tábhachtaí ag go leor de bhunadh na háite. D’fhreastail go leor daoine móra le rá uirthi agus bheadh an Cairdinéal Tomás Ó Fiaich ar bharr an liosta sin. Fíor-Ghael go smior.
Cosúil le gach baile ar chósta thiar na hÉireann, bhí ar bhunadh na háite a ghabháil ar imirce le linn an chéid seo caite. Nuair a d’éirigh obair fairsing ó 1970 ar aghaidh, siocair na monarchain i nGaoth Dobhair, phill go leor ar a bhfód dúchais. Bhí cuid acu pósta ar dhaoine nach raibh teanga na Gaeilge acu agus thóg siad a dteaghlach le Béarla. I dtréimhse iontach gairid d’athraigh teanga an aosa óig go Béarla. Mar gheall ar dhianobair na múinteoirí scoile, tá Gaeilge ag éirí coitianta ag an aos óg arís. D’fhoghlaim cuid de na strainséirí Gaeilge fosta, cuid eile acu faraor níl siad ábalta, nó níl siad ag iarraidh í a fhoghlaim, fiú go bhfuil níos mó dá saol caite anseo acu ná a chaith siad san áit ar tógadh iad.
Tá brú an Bhéarla ag teacht orainn ó eagraisí stáit agus ón eaglais chomh maith. Sin ráite, tá Rann na Feirste níos Gaelaí ná mar a bhí tá 15 bliana ó shin agus, má mhaireann an biseach, thig linn a bheith dóchasach.
Aisteoir agus léiritheoir teilifíse atá in Niall Mac Eachmharcaigh agus tá a chomhlacht léiriúcháin féin, Lios na Sí Teoranta, aige i Rann na Feirste. Tá eolas maith ar dhá shraith dá chuid, *Luí na Gréine agus CU Burn. a bhí le feiceáil ar TG4.*