RANNÓG NA bhFOGHLAIMEOIRÍ/TAISCE FOCAL
Taisce Focal
Gordon McCoy, Gordon McCoy, Róise Ní Bhaoill Róise Ní Bhaoill

Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: stádas sóisialta.

“Cúpla tiontú eile,” arsa Nell léi féin, “agus ba cheart go mbeinn ann.” Bhí treoir mhion faighte aici ó Lillian ar an ghuthán an oíche roimhe sin agus lean sí í focal ar fhocal.

“Siúd thall é,” arsa Nell. “Uimhir 16, Sráid an bhFearnóg. Chosain sin pingin ach ina dhiaidh sin is eile níl Lillian ná a hiaradh gann san airgead.”

Stad an tacsaí ar thaobh na sráide, dhíol sí an tiománaí agus suas léi go dtí an doras. Bhrúigh sí cnaipe an chloig agus ní raibh sé i bhfad gur oscail girseach bheag chatach bhán an doras.

“An bhfuil do mhamaí istigh?” arsa Nell.

“Cé tusa?” arsa an páiste agus í ag coinneáil greim maith ar an doras. Taobh thiar di thiocfadh le Nell duine inteacht eile a chluinstean ag tarraingt uirthi. Dúirt guth “An sin tusa, a Nell?”

“Is é,” arsa Nell.

“I ngeall ar Dhia, a Emma, lig isteach an bhean bhocht. Bhéarfá mionna nach bhfaca tú aon duine ariamh,” arsa Lillian le hEmma.

Lig Emma uaithi an doras agus phóg Lillian Nell ar an leathcheann. Cé go raibh seanaithne acu ar a chéile ó bhí siad beirt ar an ollscoil i nGaillimh, bhí sé istigh agus amuigh le cúig bliana ó chonaic siad a chéile anois.

“Emma, nach bhfuil tú ag dul a thabhairt croí isteach do Nell?” arsa Lillian.

D’fholaigh an tachrán í féin i sciorta na máthar.

An ndéan sí coimhthíos nó an faiteach atá sí?” arsa Nell.

“Ó, fan go bhfeicfidh tú, ní bheidh sí i bhfad ag dul i ndánacht. Ní thiocfaidh druid ar a béal ansin. Beidh sí ag ceastóireacht mar a bheadh an diabhal ort. Ná habair nár cuireadh ar do shúile é,” arsa Lillian. “Tá mé céasta ag ‘Cad é, Cad chuige’ ó mhaidin go hoíche.”

D’amharc Nell ar an pháiste agus ar an teach agus dúirt léi féin go raibh an t-ádh dearg ar Lillian. Ar dhóigh inteacht bhí an gruth agus an bainne i gcónaí aici.

“Seo, isteach leat,” arsa Lillian.

Ionnach nár bhain an dath buí a bhí ar bhallaí an halla radharc na súl de Nell. “A Dhia inniu,” arsa sí léi féin, “tá buí agus buí ann.”

“Rachaidh muid siar anseo go dtí an chisteanach,” arsa Lillian. “Tá an caife ar obair agam.”

“Maith thú,” arsa Nell agus lean sí siar Lillian a raibh greim rubaill ag Emma uirthi. Bhí an chisteanach teolaí sochmar agus cibé tallann a bhuail Lillian agus í ag péinteáil an halla, bhí sé curtha thairsti fán am a dtáinig sí a fhad leis an chisteanach. Bhí péint uachtair the shaibhir ar na ballaí agus ba faoiseamh mór é nó bhí leaspáin ar a cuid súl i ndiaidh an halla sin.

“An ólann tú bainne?” arsa Lillian. “Nach saoithiúil an rud é nach cuimhin liom anois.”

“Deor bheag bhídeach,” arsa Nell, “le dath a chur air go díreach.”

“Anois a leanbh, cad é a bheas agatsa? Braon bainne? Sú oráiste?” arsa Lillian le hEmma.

“Tae,” arsa Emma.

Ní bheidh tae ná tae agat,” arsa an mháthair. “Suigh isteach chuig an tábla anois agus ól siar an bainne sin.”

Shuigh Emma isteach gan focal a rá ach leagfadh sí thú leis an aghaidh a bhí uirthi.

“Ná hamharc siar uirthi, a Nell. Féadann sí smut a bheith uirthi anois ach dhéanfar dearmad glan de sin taobh istigh de dheich mbomaite,” arsa Lillian. “Is é sin nó beidh sí ina suí ansin ag conlach oilc agus níl a fhios cad é a bheas déanta aici sula dtiocfaidh an oíche.”

“Orú, a Dhia, lig di. Níl inti ach tachrán,” arsa Nell agus í ag smaoineamh siar ar na hócáidí sin uilig ar an choláiste a raibh a croí ag brúcht le feirg agus í i ndiaidh léasadh béil poiblí a fháil ó Lillian.

Shílfeá nach leáfadh an t-im ina béal, ach dhíolfadh sí sin ar an aonach tú,” arsa Lillian. “Choinneodh sí sa tsiúl céad.”

Níor dhúirt Nell focal nó cad é a thiocfaí a rá. Sa deireadh, le cor a chur sa chaint, dúirt sí, “Tá boladh breá agat, Bolognaise ab é?”

“Is é. Sin oideas ó Tuscany. Bhí duine de na comharsana ar laetha saoire ansin agus mionnann sí nach mblaisfidh tú go deo a shárú.”

“Ní dheanfadh Tescos gnaithe duitse,” arsa Nell léi féin.

D’éirigh Lillian ina seasamh agus anonn léi chuig an phota agus sháith sí spúnóg adhmaid sna súileogaí a bhí ar an Bolognaise. Thug sí cúpla casadh dó agus dúirt, “Anois, ní chuirfidh muid an sócamhach roimh an dócamhach. Beidh seo againn i ndiaidh mé turas an tí a thabhairt duit,” arsa Lillian. “Níor cheart go gcuirfeadh an Bolognaise amach sula bpillfidh muid. Tiontóidh mé síos an teas ar eagla na heagla.”

“Beidh sé sábháilte go leor,” arsa Nell. “Caithfidh sé go bhfuil morgáiste mór oraibh leis an teach seo.”

“Níl muid chomh olc sin. Rinne muid pingin mhaith ar an teach eile agus tá post maith ag Nigel sa chathair,” arsa Lillian.

Bhí muileann iontach ag Lillian nuair a thosaigh sí ag caint ar Nigel agus ba chúis mhaíte go leor an teach gan í toiseacht ar phost Nigel sa chathair.

Níor mhaith liom a bheith dána ort, a Lillian, ach b’fhéidir gurbh fhearr dúinn tabhairt faoin turas. Beidh orm tacsaí a ordú thart fán hocht leis an traein dheireanach a fháil,” arsa Nell.

" Ó, nach bhfuil tú ag fanacht anocht? Tá seomra ansin fá do choinne agus tá a fhios agam gur bhreá le Nigel bualadh leat arís,” arsa Lillian.

“Tá mé buíoch as an chuireadh agus cinnte ba deas liom fanacht ach tá cruinniú agam an chéad rud ar maidin agus ní thiocfadh liom á athrú.”

“Nach mór an trua sin,” arsa Lillian. “Bhuel, níl neart air. Seo, bhéarfaidh mé suas an staighre ar dtús tú.”

Suas leo agus chonaic Nell na seomraí leapa uilig agus an lofta agus na leithris agus a raibh ann. Anuas leo ansin agus rinne siad turas ar an seomra suí, seomra staidéir Nigel a bhí i gcúl an tí agus a raibh radharc álainn aige amach ar an gharradh. Bhí luach airgid sa teach céanna.

“Bhuel, an maith leat an teach?” arsa Lillian. “Ní thig liom a inse duit cé mhéad prochóg a chonaic muid sula dtáinig muid ar an teach seo.”

“Tá an t-ádh oraibh mar sin,” arsa Nell agus í ag iarraidh gan í féin a thachtadh ar a dea-mhéin. “Is dócha go bhfuil sé suaimhneach go leor anseo fosta. Ní chuirfidh aon duine as nó uaibh,” arsa Nell.

“Duine ná deoraí,” arsa Lillian “agus ina mhullach sin tá scoil bhreá fá cheann míle dúinn.”

Sin nuair a smaointigh Lillian nach bhfacthas Emma le tamall. Rinne sí ar an chisteanach agus bhí Emma ina seasamh ar stól ag cur tae agus sú oráiste sa bhainne.

Thóg Emma a ceann agus d’amharc ar a máthair agus ansin ar Nell.

“Och,” arsa Lillian, “nach tú an ghirseach dhána dhásach dholba” agus bhris an gáire uirthi.

“Suigh ansin a Nell,” arsa Lillian. “Beidh greim bí againn nuair atá achan rud in ord agus in inneall.”

Tá Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy ag obair le hIontaobhas ULTACH i mBéal Feirste.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.