COMHFHREAGRAS
Scríobh chugainn!

Scríobh chugainn! Más mian leat tuairim a chur in iúl faoi ábhar na hirise nó faoi aon rud eile, scríobh chugainn ag litreacha@beo.ie. Mura mian leat go gcuirfí do theachtaireacht i gcló, cuir na focail “Ná cuirtear i gcló” roimh an teachtaireacht, le do thoil.

Write to us! If you wish to express an opinion on the content of this magazine or on any other matter, write to us at litreacha@beo.ie. If you do not wish your message to be published, please ensure that it is preceded by the words “Not for publication”.

Ag deisiú fálta

A Chara,

Is mór mo mheas ar Bharra Ó Donnabháin, mar gheall ar a chuid oibre ar son na Gaeilge, ach ní mór mo mheas ar a chuid tuairimí polaitiúla. Ní raibh san alt leis a d’fhoilsigh sibh i mí Iúil ach sruth liobrálach (an galar, ní an bua), in ionad tuairisc cheart, agus é gan bhunús, gan cothrom na Féinne, gan fíricí. Bhí sé lán de mhaslaí ar chuid mhór de phobal Mheiriceá, mise ina measc. Is coimeádach “sotalach neamaiteach ceartaiseach” mé, dar leis. Is focail dheasa iad sin gan amhras, ach níl siad cóir i “dtuairisc” mar seo. Cad a déarfadh sibh dá mbeadh a leithéid scríofa in alt faoi ghrúpa polaitiúil ar bith in Éirinn, in ionad fíricí? Theip air trácht a dhéanamh ar na hadharca atá ar ár gceann!

Má tá suim agaibh sna fíricí, seo cúpla sampla agus baint acu le halt Bharra.

Is droch-chonradh é Prótacal Kyoto, agus tá a fhios ag an domhan mór sin. Féachaigí ar an sliocht seo as alt a foilsíodh in iris Mheiriceánach:

The Kyoto Protocol was never popular in the United States. In August 1997, the Senate, by a vote of 95-0, put the Clinton administration on notice that it would not ratify any treaty that: a) excluded developing countries such as China and India, the world’s number-one and number-two greenhouse-gas emitters, or b) did serious economic harm to the United States.

The Kyoto treaty did both - studies by the Clinton administration’s own Energy Department showed that gross domestic product would decline 3% to 4% annually under a Kyoto regime, reducing U.S. output by at least $300 billion a year - but, in December 1997, Vice President Gore signed it anyway. The treaty, however, was never submitted to the Senate for ratification.

Nor have the complaining European countries approved it. The only developed country that has ratified the treaty is Romania, which, because its economy has collapsed, faces no reductions at all.

Agus tá drocheolaíocht ann freisin:

At the heart of the debate over global warming is the state of the science, and a report issued by the highly regarded National Academy of Sciences last month showed clearly that uncertainty dominates the climate-change field.

Rinne Barra trácht ar “roinnt tionscadal caomhnaithe a chuir Clinton ar bun sular imigh sé as an Teach Bán”. An bhfuil sé ag caint faoi na “last minute land grabs” a rinne sé? Rinne Clinton a lán rudaí nach bhféadfadh sé a dhéanamh murach go raibh sé ar tí imeacht! Bhí a fhios aige go maith nach dtaitneodh na rudaí sin le daoine, agus sin an fath nach ndearna sé iad go dtí an nóiméad deireanach.

Maidir leis an dá eite sa Pháirtí Poblachtach, is fabhalscéal é sin. Bíonn gach (fíor)Phoblachtach ina C(h)oimeádach Eacnamaíoch, ach is minic nach n-aontaíonn siad faoin nginmilleadh (an phríomhdhifríocht idir Coimeádaigh Shóisialta agus na liobrálaithe). Agus nílimid go léir inár gcónaí sa “deisceart agus iardheisceart.” Is í an fhírinne go bhfuil an chuid is mó dínn inár gcónaí faoin tuath, agus is éasca sin a fheiceáil ar an léarscáil “dhearg-ghorm” ón olltoghchán idir Bush agus Gore.

Maidir le Jeffords, níl a fhios agam cén fáth a raibh sé ina Phoblachtach in aon chor, agus d’fhág sé an páirtí mar gheall ar an gclú agus ar an gcumhacht.

B’fhearr liom nuacht, nó cothrom na Féinne a léamh, in ionad na ráiméise seo.

Dála an scéil, cad iad pobalbhreitheanna a bhí i gceist aige? Cinn as an aer?

Le meas, agus díomá,

Séamas Ó Neachtain (Nua-Eabhrac) www.scoilgaeilge.org

Géarchéim? Cén ghéarchéim?

A Eagarthóir, a chara,

Aontaím le gach focal san eagarfhocal (Iúil 2001). Tá eagraíochtaí ann a mhaireann ar mhaithe le “is” agus “tá” (agus an tuiseal ginideach). Is ag dul siar seachas ag dul ar aghaidh atá siad. Níl aon aird acu ar na hathruithe móra atá tagtha ar shaol na hÉireann le 20 bliain anuas. Is gnéithe suntasacha dá gcultúr corparáideach an col le machnamh, le hathmheas agus le nuálaíocht. An phríomh-mhír ar an gclár gnó acu méadú deontais a bhaint amach agus caitear é sin ar thuarastail feidhmeannach nach bhfeictear i measc an phobail ó cheann ceann na bliana.

Is géarchéim cheart é an chaoi nach bhfuiltear ag freastal ar an líon mór daoine atá ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim. Séanadh deontas ar chumann áitiúil amháin (atá bríomhar agus forásach) ar an mbonn go raibh a gclár oibre bunaithe an iomarca ar ranganna.

Is mise,

Mícheál Mac Aonghusa

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.