492
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Níor ghlac Balor le eiseamláir Chathail Uí Éanacháin RTÉ le dul i mbun agallaimh, ach chuaigh a bhealach eisceachtúil éagsúil féin i mbun cainte le ceannaire úr an domhain uile olúil. An bhfuiltear mar a shíltear? An dtuigtear mar a chloistear? An itear mar a suítear? An ndlitear mar a reachtaítear? An mbítear mar a shíltear agus an mbítear mar a síltear?
»»»Tá sinn ag teannadh le cothrom míle bliain ó leag Bruadar béal scine ar phutóg Bhriain Bhómánta ag Cath Chluain na Bó Fireannaí a deir Balor gan bhréag, gan áibhéil, gan uaibhéal, gan chroiméal, gan dronnbhéal, gan Chaimbeul.
»»»Tá Rialtas na hAstráile ag maíomh go rachaidh comhaontú nua atá sínithe idir an tír agus na Stáit Aontaithe chun sochair fheirmeoirí na hAstráile ach, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin, tá go leor daoine sa tír amhrasach faoi.
»»»Tús na míosa seo caite, tháinig moladh ó Frank Feighan T.D go mba cheart ‘Gaeltacht’ a dhéanamh de Chliara, oileán amach ó chósta Mhaigh Eo. Tá Donncha Ó hÉallaithe den tuairim go léiríonn a mholadh go bhfuil easpa buntuisceana ar urlabhraí nuacheapaithe Fhine Gael ar chúrsaí Gaeltachta agus go mba cheart do Enda Kenny fáil réidh leis mar urlabhraí a pháirtí ar chúrsaí Gaeltachta agus Gaeilge.
»»»Bhí cáil ar réalteolaithe na hÉireann ar fud an domhain sa naoú haois déag ach tá faillí an-mhór á déanamh sa réimse seo sa tír sa lá atá inniu ann. Measann Diarmaid Mac Mathúna gur polasaí éigiallta é seo.
»»»Ní haon ribín réidh ar bhain Katie Taylor amach in imeacht blianta gairide dornálaíochta. Scríobh Colm Mac Séalaigh fúithi anseo cheana ach is mithid a héachtaí a aithint an athuair.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Tomás Mac Gearailt, Gaeltalk.net (www.gaeltalk.net), Co. Chorcaí.
»»»Déanaigí dearmad ar Beyoncé - tá damhsa ar an sean-nós ar an damhsa is mealltaí dá bhfuil ann, dar le Breandán de Gallaí.
»»»Bhí Áine Ní Ghallchóir siúlach faoin Ibéir, ag déanamh a hanama ar oilithreacht. An té a bhíos siúlach, beidh sé scéalach agus tá a chruthú le feiceáil sa chuntas a sheol Áine chugainn. Ar lean as BEO Mhí Mheán Fómhair
»»»Léiríonn tuarascáil a d’fhoilsigh Coimisiún na gCeart Daonna sna Sé Chontae go bhfuil lochtanna ag baint leis an tseirbhís phóilíneachta ansin go fóill ó thaobh ethos de. Tá Robert McMillen den tuairim, áfach, go gcaithfidh athrú a theacht ó thaobh meoin de, ní hamháin ar na PSNI, ach ar Shinn Féin chomh maith.
»»»Cé go raibh ráiteas Uachtarán na hÉireann faoi fhuath na bProtastúnach ó thuaidh do na Caitlicigh amscaí, ní hionann sin is a rá nach raibh fírinne éigin ag baint leis, dar le Robert McMillen.
»»»Léirigh an tslí ar cuireadh deireadh le triail na rialacha nua sa pheil Ghaelach le gairid easpa misnigh i gCumann Lúthchleas Gael, dar le Colm Mac Séalaigh.
»»»Déanfar sraith nua teilifíse 20 páirt dar teideal Turas Teanga, atá dírithe ar fhoghlaimeoirí Gaeilge ag an meánleibhéal, a chraoladh ar RTÉ agus ar TG4 ó dheireadh mhí Eanáir ar aghaidh. Tá na cláracha sa tsraith mar chuid de chúrsa teanga ilmheáin, ina bhfuil leabhar (arna fhoilsiú ag Gill and Macmillan), dlúthdhioscaí, suíomh gréasáin, dioscaí digiteacha ilúsáide (DVDs) (a eiseofar i mí an Mhárta 2004) agus cláracha raidió. Tá na heilimintí difriúla seo den chúrsa comhtháite go hiomlán.
»»»Tá Ciara Nic Gabhann in ann eolas ar Thaispeántas suntasach a roinnt leat anseo. Má bhíonn am le caitheamh agat faoin ardchathair, agus roinnt pingneacha le caitheamh uait, thig leat súil a chaitheamh thart ann.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.