Léiríonn tuarascáil a d’fhoilsigh Coimisiún na gCeart Daonna sna Sé Chontae go bhfuil lochtanna ag baint leis an tseirbhís phóilíneachta ansin go fóill ó thaobh ethos de. Tá Robert McMillen den tuairim, áfach, go gcaithfidh athrú a theacht ó thaobh meoin de, ní hamháin ar na PSNI, ach ar Shinn Féin chomh maith.
Bhí beirt mhac léinn póilíneachta ag glacadh rólanna i seisiún traenála ar chearta daonna ag Coláiste Póilíneachta an PSNI i mBéal Feirste.
Bhí duine acu ina “phóilín”, an duine eile ina “shibhialtach” a chuaigh fríd soilse tráchta dearga.
D’iarr an “péas” ainm an duine agus thug an “sibhialtach” dó é. Scríobh an “péas” síos an t-ainm.
“Ní mar sin a litríonn tú m’ainm,” arsa an “sibhialtach”. Ansin dúirt sé: “Níl litrítear mar sin i nGaeilge é.”
D’iarr an “péas” an t-ainm arís agus thug an “sibhialtach” an t-ainm arís dó. Ag an phointe seo, labhair an múinteoir.
“Ná bacaigí leis sin - bogaimis ar aghaidh,” ar sé.
Níor luadh an t-ábhar arís sa rang.
Dúirt mac léinn eile, nár tógadh “sa traidisiún Caitliceach”, gur dúradh leis go minic go gcaithfeadh sé meas a bheith aige ar bharúlacha agus ar thraidisiúin daoine eile. Ach shíl sé féin nach raibh faill ar bith ar an chúrsa léargas a fháil ar an traidisiún Caitliceach agus go raibh sé buartha go dtiocfadh leis daoine den traidisiún sin a mhaslú, más de thaisme féin.
Tig na samplaí seo as tuarascáil a d’ullmhaigh Coimisiún na gCeart Daonna ó thuaidh ar thraenáil an PSNI maidir le cearta daonna. Is léir, dar le náisiúnaithe, nach bhfuil mórán difir idir *ethos *an PSNI agus *ethos *an sean-RUC.
Ós rud é go dtig linn a rá go mbeidh an cogadh thart nuair a bheas poblachtánaigh óga sásta (nó nuair a bheas cead acu) dul isteach sa tseirbhís phóilíneachta, is ceist an-tábhachtach í cén fháilte a chuirfear roimh bharúlacha agus thraidisiúin Chaitliceacha, phoblachtánacha féin, i gcroí an PSNI.
Cnámh spairne
Ina aitheasc ag Ard-Fheis Shinn Féin ag deireadh na míosa seo caite, dúirt Gerry Adams gurb í ceist na póilíneachta an chnámh ba mhó spairne sna comhchainteanna atá ag dul ar aghaidh faoi láthair.
Chuir sé síos ar thaithí an phobail náisiúnaigh ar an phóilíneacht ó thuaidh. Níl fáth ar bith ann nach féidir cumhachtaí póilíneachta, dlí agus cirt a aistriú ó Westminster a dúirt sé, comhartha eile den mhalartú atá ag dul ar aghaidh idir straitéisí poblachtánacha agus aontachtacha.
Anois, agus seilbh glactha ag poblachtánaigh ar chuid de shean-*status quo *na n-aontachtach - rialtas áitiúil i Stormont, cumhachtaí póilíneachta i lámha rialtas na Sé Chontae - measann siad gur féidir leo anois aontachtaithe a mhealladh mar go n-aontaíonn siad ar go leor rudaí. Ach tá an talamh bogtha, tá seasamh na n-aontachtach athraithe de dheasca straitéisí naisiúnacha.
“Tá ceannaireacht Shinn Féin sásta agus toilteanach comhoibriú libh,” arsa Martin McGuinness ag an Ard-Fheis.
“Come into my parlour, said the spider to the fly,” a chuala na haontachtaithe.
Níl fáth ar bith ann go nglacfadh siad lena leithéid de chuireadh. Chuaigh David Trimble chuig an chóisir cainteanna deireanach a raibh an Taoiseach agus Príomh-Aire Blair i láthair aici, ach d’imigh sé sula raibh faill ag an spéirbhean léimnigh amach as an chíste.
Páirtí aon-ábhair atá san UUP, dar le Sinn Féin, agus is é caitheamh amach Shinn Féin an t-aon ábhar a bhfuil suim acu ann.
Ach tá dualgas ar phoblachtánaigh na haontachtaithe a mhealladh, chan le focla suaimhneacha, ach le gníomh. Ag breathnú ar thorthaí toghchán, is léir gurb é Sinn Féin páirtí na todhchaí ó thuaidh. Caithfidh siad, mar sin, dalta an PSNI, dul i ngleic le barúlacha agus traidisiúin sheanbhunaithe.
Is iriseoir leis an *Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.*