TEANGA AGUS CULTÚR/DÚSHRAITH NA GAEILGE
Gaeltalk.net
Tomás Mac Gearailt Tomás Mac Gearailt

San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Tomás Mac Gearailt, Gaeltalk.net (www.gaeltalk.net), Co. Chorcaí.

Íomhá
Tomás Mac Gearailt, Príomhfheidhmeannach Bhard na nGleann
Grianghraf: Liam Mac Gearailt
  1. Cén ról atá agat féin sa chomhlacht agus cén fhad atá tú sa phost?

Ba cheart a rá ar dtúis nach comhlacht leis féin é Gaeltalk.net, ach píosa amháin den gcomlacht Bard na nGleann. Is mise a bhunaigh Bard in Aibreán 1999, agus táim fós mar phríomhfheidhmeannach ar an gcomhlacht. Is scríbhneoireacht theicniúil príomhobair Bhard, ach tá litriocht.com (an siopa leabhar Gaeilge is mó ar an idirlíon) féna scáth freisin.

  1. Cathain a bunaíodh Gaeltalk.net?

Táimid ag obair ar Ghaeltalk.net anseo i mBard le cúpla bliain anuas, ach is ar an 10 Márta 2003 a deineadh lainseáil oifigiúil air.

  1. Cén fáth ar bunaíodh é? Cén obair a dhéanann sibh ó lá go lá?

Bunaíodh é chun Gaeilge a mhúineadh ar an idirlíon do lucht foghlamtha na Gaeilge timpeall an domhain. Bhíos féin ag múineadh Gaeilge thar lear agus go minic bhíodh sé deacair ag mic léinn teacht ar mhúinteoir; agus go minic nuair a thagadh, d’imíodh an múinteoir sin tar éis tréimhse agus bhíodh sé deacair duine eile a aimsiú. San am céanna, nuair a dheineann duine iarracht Gaeilge a fhoghlaim as leabhar, is deacair leanúint ar aghaidh gan múinteoir.

Ó thaobh na Gaeltachta de, tá an Ghaeilge ag fáil bháis go tapa sna Gaeltachtaí agus caithfear rud éigin a dhéanamh chun í a shábháilt. Tugann mórán den bhfostaíocht a thuilleadh Béarla isteach go dtí an nGaeltacht. Dar liomsa go bhfuil sé in am fostaíocht a chabhraíonn leis an nGaeilge a thabhairt go dtí an nGaeltacht, agus sin ceann d’aidhmeanna Bhard agus Gaeltalk.net. Ba mhaith linn freisin radharc ar shaol na Gaeltachta a thabhairt don domhan agus ceangail chultúrtha agus ceangail teanga a dhaingniú idir daoine gur suim leo cultúr agus teanga na Gaeilge.

Ó lá go lá bíonn an fhoireann ag ullmhú ceachtanna, ag caint le daltaí thar an idirlíon, agus ag réiteach fadhbanna teicneolaíochta.

  1. Ar éirigh libh maoiniú a fháil ón stát? Má d’éirigh, an leor é mar dheontas?

Ar deireadh d’aontaigh Údarás na Gaeltachta céatadán d’ár gcostaisí a íoc, ach caithfidh an t-airgead seo a bheith caite againne ar dtús. Níl pingin tógaithe againn fós ón Údarás dó seo mar tá drochamhras againn as na sreanga a thagann leis an airgead.

  1. Cén fáth a bhfuil maoiniú tuillte ag Gaeltalk.net?

Tá Gaeltalk.net ag spreagadh fhoghlaim na Gaeilge agus ag cur fostaíochta ar fáil sa Ghaeltacht. Sin iad príomhaidhmeanna Údarás na Gaeltachta, agus muna féidir leo cabhrú linne is deacair a thuiscint cé leis a chabhródh siad.

  1. Cén fhad a thógfaidh sé go dtí go mbeidh an comhlacht ag déanamh brabúis, dar leat?

Tá sé ana-dheacair a rá, ach measaim go ndíolfaidh Gaeltalk.net as féin taobh istigh de dhá bhliain. Tá Bard féin brabúsach ón dtús.

  1. Cad iad na spriocanna a leag sibh síos do Ghaeltalk.net nuair a bhunaigh sibh é?

Ranganna Gaeilge labhartha a chur ar fáil trí mheán an idirlín a thabharfadh cabhair do dhaltaí ar fud an domhain chun an Ghaeilge a labhairt, agus san am céanna an ceangal a dhéanamh idir na foghlaimeoirí agus lucht labhartha na Gaeilge sa Ghaeltacht i slí is go bhfaigheadh siad spreagadh chun leanúint ar aghaidh á labhairt agus á tabhairt dá gclann. Foghlaimeoirí na Gaeilge ar fud an domhain a nascadh le cainteoirí dúchais sa Ghaeltacht. Saol na Gaeltachta a léiriú don domhan agus, ag an am céanna, ceangail chultúrtha, agus go háirithe ceangail teanga, a dhaingniú idir daoine gur suim leo cultúr agus teanga na Gaeilge. Forbairt eacnamaíoch i gceantraibh Ghaeltachta na hÉireann a spreagadh.

  1. Ainmnigh na trí rud is tábhachtaí, dar leatsa, ba cheart a bheith bainte amach ag Gaeltalk.net faoi cheann cúig bliana.

Gaeltalk.net a bheith bunaithe i ngach Gaeltacht in Éirinn agus na mílte scoláire a bheith ag foghlaim na Gaeilge timpeall an domhain. Tuilleadh fostaíochta a chur ar fáil agus forbairt a dhéanamh ar fud Ghaeltachtaí na hÉireann. Go nglacfadh roinnt ollscoileanna sna Stáit Aontaithe agus i gCeanada le Gaeltalk.net mar chúrsa do thosnaitheoirí ina gcláracha teagaisc agus ansin dianchúrsaí cónaithe sa Ghaeltacht d’eagrú do dhaoine go bhfuil an cúrsa ar líne déanta acu.

  1. Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an gcomhlacht faoi láthair?

Na laigí: Easpa maoinithe agus deacrachtaí leathanbhanda sa Ghaeltacht.

Na láidreachtaí: Foireann mhaith atá sáite san obair; neamhspleáchas Bhard na nGleann mar ghnó; an ardteicneolaíocht is déanaí; tacaíocht agus anam croíúil na nGael ar fud an domhain.

  1. Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge?

Go ndéanfaí Gaeltachtaí na hÉireann a neartú agus go dtarraingeofaí an Ghaeilge ar ais ón mbruach. Go ndéanfaí forbairt láidir bunaithe ar theanga agus chultúr na hÉireann sa tslí is go mbeadh obair as Gaeilge ar fáil do na glúnta atá ag teacht inár ndiaidh. Go mbunófaí Ollscoil lán-Ghaelach sa Ghaeltacht agus, tríd an idirlíon, go gcuirfí a cuid cúrsaí ar fáil do dhaoine de shliocht Éireannach timpeall an domhain.

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Bard na nGleann ag an seoladh seo:

Béal Átha an Ghaorthaidh, Contae Chorcaí Ríomhphost: info@bardnangleann.com

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.