Guth na Gaeltachta
»»»Chas Orla Ní Threasaigh, mac léinn cumarsáide in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, leis an Dr. Daniel Bourgeois saineolaí ar theangacha mionlaithe, sa Spidéal le déanaí tar éis dó léacht phoiblí a thabhairt ar “Stiúradh na scoileanna lán-gaeilge: Dúshláin & Riachtanais”.
»»»Samhlaíonn Breandán Delap cad é a bheas le rá ag ceannaire nuathofa Fhianna Fáil Nua ina aitheasc d’Ard Fheis a pháirtí sa bhliain 2016, tráth a bheas céad bliain Éirí Amach na Cásca á chomóradh.
»»»An fear ceart san ionad ceart ag am toghcháin, tá Alex Hijmans sa Bhrasaíl agus tá cur amach cruinn aige ar thoghadh Dilma Rousseff ina hUachtarán ar cheann de na tíortha is mó ar domhan.
»»»Anbhás atá i ndán don té nach mbíonn ar a fhaicheall roimh chrogall fionnuisce na hAstráile. Tá fios na contúirte ag Bearnaí Ó Doibhlin.
»»»Tá Ciarán Mac Aonghusa sásta rátaí tí a íoc leis an tír a chur ar ais ina neart, ar a dhá bhoinn go luath.
»»»Saothar samhailteach Jason de Caires Taylor i gCuan Mheicsiceo atá faoi thrácht ag Ciara Nic Gabhann. Tá fás faoi líon na ndealbh go fóill ach is fás orthu a bheas ag tarlú amach anseo.
»»»Is spéis le Tony Birtill an dóigh a chuaigh is a rachaidh úinéireacht Chumann Peile Learphoill. Ní gnó amháin atá ann agus ní beag líon na ndaoine atá ag faire an scéil faoi imní.
»»»Bhí Roseanne Smith i láthair nuair a bronnadh Gradaim Ghréasáin na hÉireann an mhí seo caite agus chonaic sí fiúntas mór sna suíomhanna a bhí ainmnithe ann.
»»»Buail an ceann is seachain an muineál! Is é an rud céanna é a deir Maidhc Ó Cathail, gur beag, dar leis, idir dearcadh an Daonlathaigh agus dearcadh an Phoblachtaigh i SAM.
»»»Molann Pat Butler go mór script, aisteoireacht agus scéal anamreoiteach an scannáin Astrálaigh, Animal Kingdom.
»»»Bhi Colm Mac Séalaigh ag cluiche na hÉireann is na hAlban i bPáirc an Chnoic, Indreabhán. Iomain Cholmcille a reáchtáil an cluiche iománaíochta - camanachd.
»»»Chaith Balor a leathshúil nimhe neanta ar Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne, mar a raibh idir Bhanríon is Bhaincéirí ar princeam damhsa agus ar rancás drabhláis.
»»»Tá Brian Ó Broin den tuairim gur ré chorraíola agus achrainn atá I ndán do shaol na polaitíochta i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
»»»Chomh gliceach le sionnach, dar le PJ Mac Gabhann, roghnaigh Sarkozy ceist aois an phinsin leis an bhfreasúra a chniogadh.
»»»Tá cur amach ag Tomás Ó hAodha ar fhear na bhfrachtal, fear a cheap cuma na matamaitice do chuma aiceanta an dúlra thart orainn ar fud an domhain.
»»»Ní bhaineann ciorruithe le féiniúlacht, is cosúil. Má bhítear ag máirseáil ó thuaidh, feictear do Robert McMillen nach mar léirsiú in aghaidh ciorruithe a tharlóidh sé.
»»»Bhí Donncha Ó hÉallaithe ag a chéad chluiche sacair i Sasana le gairid - cluiche sa Phríomhshraith idir Arsenal agus Manchester City. Chuir feabhas na himeartha agus díocas na coimhlinte gliondar air. Ardaíonn sé an cheist faoi cé chomh Sasanach is atá cluiche dúchais Shasana!
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.