Is spéis le Tony Birtill an dóigh a chuaigh is a rachaidh úinéireacht Chumann Peile Learphoill. Ní gnó amháin atá ann agus ní beag líon na ndaoine atá ag faire an scéil faoi imní.
Bhuail John W Henry, úinéir nua Chumann Peile Learphoill, le baill de lucht tacadóirí Spirit of Shankly (SOS) agus Share Liverpool FC (SLFC) 18.10.10 i lár na cathrach le haghaidh “cainteanna neamhfhoirmeálta gearra”. D’fhág sé an cruinniú le cóip den leabhar ‘Football and its Fans: Supporters and the Relations with the Game, 1885-1985’ faoina ascaill aige. Scríobh Rogan Taylor, urlabhraí Share Liverpool FC agus ceannaire an Roinn Sacair in Ollscoil Learphoill an leabhar seo. Is é an spríoc atá acu ná an club a cheannach le £500 milliún – airgead ó 100,000 tacadóir a cheannóidh scair £5,000 an duine.
Cé go raibh an dream tacadóirí sásta go raibh deis acu iad féin a chur in aithne do Henry, tá siad airdeallach faoin ‘Meiriceánach nua.’ I gcomhráiteas a d’eisigh siad 15.10.10 dúirt siad: “SOS-SLFC welcomes the end of Hicks and Gillett’s ownership of Liverpool Football Club. At this stage we remain open minded about any new ownership. Recent experience has demonstrated that meaningful fan representation through democratic supporter ownership is the only fail-safe way that we can ensure that a re-occurrence of recent events never happens again.”
Imeachtaí deireanach? Fír gnó ag baint úsáid as CP Learphoill ar a son féin, argóint faoi bhogadh go páirc imeartha úr, cáin faoi cheangal le grúdlann, conspóid faoi bhainisteoir agus faoi imreoirí as tíortha eile. Maith go leor, bhí sin sa nuacht i 2010 ach bhí sé sa nuacht i 1891 fosta!
Jim Houlding
Is maith le tacadóirí Everton a chuir i gcuimhne dúinn go raibh siad rathúil mar chumann sacair sular raibh CP Learpholl ann, fiú.
Anfield an pháirc a bhí acu, os comhair teach John Houlding, grúdaire áitiúil agus riarthóir iontach. Bhí an-spéis sa spóirt aige agus faoina riar, d’éirigh go maith le Everton FC in 1884. D’fhoilsigh siad an chéad chlár cluiche i 1885 agus bhunaigh siad An tSraith Sacair in éineacht le 11 foireann eile trí bliana dár gcionn. Everton in aghaidh Accrington Stanley an chéad ‘League Game’ riamh ag Anfield, an 8 Meán Fómhair 1888.
Ach bhí daoine sa chumann a bhí mí-shásta leis an gceangal le John Houlding. Modhaigh sa séipéal St. Domingo a bhunaigh an cumann sa chéad dul síos, mar chaitheamh aimsire d’oibrithe in ionad an teach tábhairne Dé Sathairn. Is ea, bhí fadhb leis an drabhláis thiar an t-am sin fosta agus ba lánstaonairí iad na Modhaigh. Rinne John Houlding riarachán an chumainn ón Sandon Hotel, tábhairne a bhí aige cóngarach d’Anfield agus áit a raibh seomra feistis don fhoireann. Socrú maith a bhí ann do ghnó Houlding, ach ba dhrochrud do shlánú agus do shláinte na n-imreoirí agus dá lucht tacaíochta.
Chuaigh an cumann ó neart go neart agus bhain siad an tSraith i 1891, ach nuair a rinne John Houlding iarracht cíos na páirce a chur suas, bhí réabhlóid i measc bhaill an chumainn. Ag cruinniú ar Mhárta 12ú 1892, mhol George Mahon, orgánaí ó Séipéal St Domingo, slán a fhágáil le John Houlding agus Anfield, agus d’aontaigh an móramh leis.
Tom Hicks
“I cannot understand why a gentleman that has done so much for the club and its members should be given such treatment,” a scríobh sé. Macalla Tom Hicks an mhí seo: “It’s hurt my family and I tremendously. It is a valuable asset that was swindled away from me in an epic swindle” a dúirt seisean. Ní raibh faic fágtha ag Tom Hicks. Ní raibh ann ach páirc, triúr imreoirí agus dream tacadóirí fanta ag Houlding. Rinne sé iarracht an t-ainm ‘Everton’ a choinneáil ach dhiúltaigh an Football League é seo. Lonnaigh Everton iad féin sa pháirc Goodison, leath míle ó Anfield.
Bhí an-smaoineamh ag Houlding ansin - an t-ainm ‘Liverpool Football Club,’ a úsáid chun tacadóirí a mhealladh ó gach ceantair na cathrach, ní hamháin as Everton. D’earcaigh sé Éireannach, John McKenna mar an chéad bainisteoir don chumann nua, agus chuaigh seisean thar an teorainn go hAlbain le foireann a earcú.
Mar sin bhí déja vu leis an cháin a fuair CP Learpholl faoin cheangal a bhí acu leis an ghrúdlann Carlsberg 1992-2010 agus an dráma faoi úinéireacht an chumainn ar na mallaibh.
Bhí an t-ádh orm go raibh mé in ann iad a fheiceáil ó na 1970aidí i leith. Tá clár i mo lámh agam anois: LFC in aghaidh Bristol City, 21.4.1979, leis an phraghas air : 20 pingin! Agus an cead isteach – 80 pingin! Nuair a chuaigh muid síos go Wembley (go rialta!) ní raibh sin daor ach oiread. Féach Corn na hEorpa 1978, LFC in aghaidh Club Brugge KV: 40 pingin ar an chlár agus £6 ar an ticéad! B’aoibhinn a bheith beo an t-am sin! Ach anois £40 atá an cead isteach, má atá tú in innimh ticéad a fháil a chor ar bith!
Gnó Móide Gnéithe Eile
Club áitiúil a bhí ann 40 bliana ó shin, do dhaoine nach raibh saibhir ach a raibh paisean ina gcroí faoin sacar. Ba chúis mórtais dúinn gur mheall ár gclub tacadóirí, ní hamháin ar fud Sasana ach ar fud an domhain fosta, go mór mór An Iorua, Éire agus An Bhreatain Bheag, tíortha a raibh ceangal láidir acu le Learpholl anuas na blianta.
Ghoill sé ar John W Henry, gan amhras, nuair a chonaic sé na sráideanna bochta thart an pháirc sacair galánta atá aige anois – a leithéid de chodarsnacht! Agus imreoirí a faigheann pá gan insint do gnáthdhaoine. Ach is iad na gnáthdhaoine a chruthaíonn an t-atmaisféar ar leith in Anfield; gan iad, ní bheadh mórán craic ann. Féachann cuid mhaith de mhuintir na háite sa lá inniu, ar an chluiche sa teach tábhairne trí bhealach saitilite as an Ghréig, agus tá SKY ag déanamh iarrachta trí na cúirteanna stad a chur leis.
Cé gur ghnó a bhí ann i gcónaí, ó am John Houlding anuas, tuigeann Rogan Taylor agus SLFC go bhfuil níos mó ná sin i gceist. Sin é an fáth go mbíonn siad ag amharc ar chumainn mar Barcelona i La Liga, nó na clubanna sa Bundesliga mar eiseamláir. An dtuigeann John W Henry é seo ? Deirtear go bhfuil a lán cosúlachtaí idir Boston agus Learpholl, lena lán Éireannach a bhfuil suim sa spóirt acu, ach chuala muid go chuir sé praghas na dticéad suas nuair a cheannaigh sé The Red Sox. Thiocfadh leis rudaí a dhéanamh níos measa. Leis an chumann ag streachailt sa tsraith agus le strainséir nua i gceannas an ghnó, tá imni orainn nach mbeidh muid ag filleadh go dtí an seansaol breá “anytime soon.”