CÚRSAÍ SPÓIRT
Iomain Cholmcille
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Bhi Colm Mac Séalaigh ag cluiche na hÉireann is na hAlban i bPáirc an Chnoic, Indreabhán. Iomain Cholmcille a reáchtáil an cluiche iománaíochta - camanachd.

Íomhá
An mórshiúl roimh ré
Íomhá
Foireann Mhícheáil Bhreathnaigh
Íomhá
Sgioba na h-Alba
Íomhá
Poc sleasa
Íomhá
Poc sleasa eile
Íomhá
Coimhlint ghéar

Dhá leagan de theanga uasal na nGael, dhá leagan de chluiche ársa na nGael, nascaithe le chéile, fite fuaite ina chéile. Is mar sin a bhí Dé Sathairn, 9 Deireadh Fómhair, ar Pháirc an Chnoic, páirc imeartha Chumann Mhícheáil Bhreathnaigh in Indreabhán, Co. na Gaillimhe. Bhí sé d’áineas orm a bheith i láthair nuair a thug foireann iománaíochta Mhícheáil Bhreathnaigh aghaidh ar Sgioba na h-Alba (= foireann na hAlban) i gcluiche iománaíochta/camanachd ar son Chuach Cholmcille (an corn a bhronntar ar na buaiteoirí). Tráthnóna breá Fómhair a bhí ann, geal agus grianmhar go deimhin, agus gaoth mheasartha aduaidh ag séideadh i dtreo na farraige ón gcnoc anuas. Bhí cuma an-bhreá ar Pháirc an Chnoic, an féar gearr mar ba chóir do chluiche iománaíochta, an dromchla mín agus an fód seasmhach. Bhí na cúinsí i gceart mar sin le haghaidh cluiche maith agus is cluiche maith a cuireadh i láthair an tslua bhreá a bhailigh isteach faoin ardán ar an taobh thiar den pháirc.

Cluiche breá spórtúil a bhí ann idir dhá fhoireann a bhí ag déanamh iarrachta chomh tréan is a bhíodar in ann chun an bua a fháil agus an Corn Ceilteach a choinneáil sa bhaile i gcás amháin nó a bhreith leo trasna na dtonnta go dtí A’ Gháidhealtachd sa chás eile. Is ag Sgioba na hAlba a bhí an lámh in uachtar sa chéad leath mar is acu sin a bhí cóir na gaoithe. Leis an gcumas a bhí i bhfearaibh na hAlban an sliotar a thiomáint ón talamh go fada, go hard agus go cruinn, bhíodar in uachtar sa chéad leath. Le linn na tréimhse sin bhí buachaillí cois fharraige faoi bhrú go mór mar bhí sé i bhfad níos deacra orthusan an sliotar a thiomáint i gcoinne na gaoithe toisc nach raibh cead acu breith air agus é a thiomáint mar ba dhual dóibh i dtreo na sprice. De réir na rialacha speisialta a bhíonn i bhfeidhm don chluiche iománaíochta/camanachd níl cead ag na hiománaithe breith ar an sliotar ná é a chiceáil ar an talamh. Chuaigh sé rite mar sin le hiománaithe Chois Fharraige scóranna a fháil sa chéad leath sin agus dá bhrí sin bhí fir na hAlban chun tosaigh ag leath ama leis an scór seacht gcúilín i gcoinne a trí.

Cuidiú na Gaoithe

A mhalairt a thit amach sa dara leath áfach. Agus cóir na gaoithe leo, bhí fad breise le buillí imreoirí Mhícheáil Bhreathnaigh agus bhí ag éirí leo cúl na nAlbanach a chur faoi léigear arís agus arís eile. Chuidigh an ghaoth le haimsiú an chéad chúil – poc saor i bhfad amach ag Seán Ó Féinneadha a chuaigh díreach isteach i gcúl na heangaí. Mar sin féin, níor ghéill fir na hAlban gan troid agus i ngeall ar thrí phoc saor a chur thar an trasnán, chuir siad sé chúilín ar chlár na scór. Bhí na hAlbanaigh fíorchumasach ar phoc saor a thógáil ón talamh agus b’fhiú de réir na rialacha dhá chúilín gach poc saor a chuirfí thar an trasnán. Ach bhí iománaithe na háite níos inniúla ar na cúil a aimsiú agus dob é an cúl a d’aimsigh Naoise Ó Lionáird a chuir Na Breathnaigh chun cinn agus bhí an bua ag fir Chois Fharraige ar éigean leis an scór dhá chúl agus naoi gcúilín i gcoinne trí chúilín déag.

Cuireadh tús leis an gcomórtas iománaíochta/camanachd, nó Iomain Cholmcille, idir Cumann Mhícheáil Bhreathnaigh agus ‘Sgioba na h-Alba’ ceithre bliana ó shin nuair a d’fhreastail na Breathnaigh ar Fhéile Cholmcille in Oban na hAlban. Ghlac na Breathnaigh páirt i gcluiche iomána in aghaidh foireann d’imreoirí camanachd a labhraíonn a’ Gàidhlig. Bhuaigh na Breathnaigh an cluiche agus thug Cuach Cholmcille abhaile leo go Cois Fharraige. Bhuaigh na Breathnaigh arís an bhliain dár gcionn agus an cluiche in Indreabhán ach thug na hAlbanaigh an Corn leo an bhliain dar gcionn agus an cluiche á imirt ar an Oileán Sgitheanach. Níor éirigh leis na hAlbanaigh an corn a bhuachan ar thalamh na hÉireann go fóill ach bhí siad an-ghar don éacht sin i mbliana. Dáiríre, ba chóir go mbuafaidís an cluiche sin, ach in ainneoin tréaniarrachta níor leor an trí chúilín déag a bhaint sin chun na Breathnaigh a chloí.

Gaeilge na hÉireann agus na hAlban

Is é an eagraíocht Colmcille faoi deara an comórtas bliantúil seo idir iománaithe Chois Fharraige agus lucht camanachd na hAlban. Theastaigh agus teastaíonn ó Cholmcille an nasc idir lucht na Gaeilge agus lucht na Gaidhlige a chothú agus a neartú agus is nós agus tuiscint lucht an chomórtais, idir imreoirí agus lucht tacaíochta, gurb iad an Ghaeilge agus an Ghaidhlig a labhraítear ar an bpáirc agus ag na himeachtaí sóisialta a bhaineann leis an ócáid.

Deir an lucht eagair agus cairde an chomórtais go bhfuil sé ag dul ó neart go neart agus go bhfuil an imirt ag treisiú leis. I dtosach, ní raibh an caighdeán an-ard ar an ábhar go raibh an cluiche iomána (iománaíocht/camanachd) coimhthíoch don dá thaobh. Anois, agus roinnt taithí ag formhór na n-imreoirí ar an gcluiche, tá an caighdeán imeartha ardaithe agus an choimhlint faighte níos géire. Thug na hAlbanaigh foireann láidir go hIndreabhán i mbliana mar go raibh imreoirí le taithí agus scil ar nós Iain Mac Neacail, Gilleasbuig Mac Dhomhnaill agus Aonghus Mac Dhomhnaill ar fáil. Ach bhí imreoirí breátha ag na Breathnaigh chomh maith a d’imir le scil agus le crógacht, imreoirí ar nós Naoise Ó Lionáird a bhí ar fhoireann mhionúr na Gaillimhe agus Antaine Ó Féinneadha a d’imir le foireann idirmheánach na Gaillimhe. Mar sin, bhí idir scil, chur chuige ainmhianach agus ghaiscíocht le feiceáil ón dá fhoireann i mbliana agus an bua ar éigin ag fir Chois Fharraige faoi dheireadh.

Dhá fhocal scoir

Ar dtús, d’fhéadfadh an CLG foghlaim ó na cluichí iománaíochta/camanachd agus dhá chúilín a bhronnadh ar phoc saor a chuirfí thar an trasnán – laghdódh sé ar líon na bhfeall dar liom. Údar díomá an scéal a tháinig chugainn as Corcaigh nach mbeadh áit do Sheán Óg Ó hAilpín feasta ar fhoireann an chontae. Ba chóir go mbeadh muintir Chorcaí ar buille agus éileamh a chur faoi bhráid bhainisteoir na foirne agus Choiste an Chontae an éagóir atá déanta ar fhíorlaoch a chur ina ceart.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.