CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Uair na Cinniúna don Ghaeltacht – Am le Gníomh a Dhéanamh!

Guth na Gaeltachta

Íomhá
Tá gach taighde déanta
Íomhá
Teorainn
Íomhá
Riachtanais phobail

Tuarascáil Choimisiúin na Gaeltachta (2002), Staid Reatha na Scoileanna Gaeltachta (2004), Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (2007), Dréachtstraitéis 20 Bliain don Ghaeilge (2009), Tuarascáil an Chomhchoiste Oireachtais ar an Dréachtstraitéis 20 Bliain don Ghaeilge (2010). Tá an taighde déanta, tá na tuarascálacha scríofa. Tá an plé déanta. Tá sé ráite ag cuid mhór daoine go mb’fhéidir gurb é seo an seans deiridh a bheas againn gníomh suntasach a dhéanamh leis an Ghaeltacht a tharrtháil mar phobal ina bhfuil an Ghaeilge mar ghnáth-theanga labhartha in uachtar. Tá sé ráite ag an Rialtas go bhfuil siad lándáiríre faoin Straitéis.

“Níl aon mhaolú tagtha ar dhiongbháilteacht an Rialtais maidir le gníomh fónta agus radacach a dhéanamh ar son na teanga.” a dúirt Aire na Gaeltachta, Pat Carey. Dúirt sé gur “i gcomhthéacs na straitéise” a dhéanfaí cinneadh ar bith faoi thodhchaí na Gaeilge agus na Gaeltachta agus faoi thodhchaí Údarás na Gaeltachta fosta. Dúirt sé go raibh na leasuithe a mhol an Comhchoiste Oireachtais “á scrúdú faoi láthair.” Ní foláir, áfach, deireadh a chur am éigin leis an díospóireacht agus tús a chur le feidhmiú na straitéise. “Próiseas fada a bhí ann ach ag a dheireadh, beidh straitéis láidir againn agus Rialtas atá lándáiríre faoin deis stairiúil seo a thapú chun a chinntiú go mbeidh rath ar an teanga sa Ghaeltacht agus lasmuigh di amach anseo.” (Irish Times 1 Meán Fómhair 2010).

Tá sé ráite go mbeidh an Straitéis chríochnaithe foilsithe agus aontaithe roimh dheireadh na bliana. Ar an drochuair, is beag seans go mbeidh sé sin déanta roimh an cháinaisnéis ar an 7 Nollaig, ach bheifeá ag súil leis go mbeadh lorg na Straitéise le feiceáil insna cinntí a dhéanfar don cháinaisnéis. Mar shampla, má tá cinneadh déanta go mbeidh Údarás na Gaeltachta ag leanúint ar aghaidh ag cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht, bheifeá ag súil le go mbeadh sin le feiceáil insna figiúirí. Ní mar sin a bhí go dtí seo, áit a raibh moltaí na Roinne Airgeadais ó thaobh caiteachas caipitiúil 2010-2016 ag teacht iomlán salach ar aon fhís rathúil do ról an Údaráis sa Ghaeltacht. Ach caithfidh muid a bheith dóchasach agus dearfach.

Aithnítear an Gníomh roimh an gCaint

Glacann muid leis mar sin go bhfuil an Rialtas seo dáiríre ‘maidir le gníomh fónta agus radacach a dhéanamh ar son na teanga’ agus mar sin de, cén gníomh a bhfuil muid ag súil leis sa Ghaeltacht:

1 Roinn na Gaeltachta faoi chúram Aire sinsearach le freagracht a ghlacadh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ag an leibhéal is airde sa chóras daonlathach atá againn sa tír seo.

2 Soiléiriú agus buanú ar stádas Údarás na Gaeltachta go háirithe ó thaobh cúraimí forbartha bonneagair agus geilleagair de.

3 Tacaíochtaí do na teaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge sa Ghaeltacht, mar shampla, Ionaid Tacaíochta Teaghlaigh, bunú gréasáin shóisialta don aos óg, athdhréachtú ar Scéim Labhairt na Gaeilge srl.

4 Atarraingt a dhéanamh ar roinnt toghranna le cosaint a thabhairt do Ghaeltachtaí láidre cosúil le Rann na Feirste.

Oideachas:

  • Bord Oideachais Ghaeltachta agus Ghaelscolaíochta a bhunú faoi chúram COGG.

  • Áireamh ar riachtanais dhifriúla foghlaimeoirí agus cainteoirí dúchais

  • Polasaí náisiúnta ó thaobh an tumoideachais de

  • Scéim ‘Erasmus’ na Gaeltachta a bhunú agus Cúrsa Gaeltachta an BA (Oideachas) a leathnú

  • Clár oibre d’fhorbairt na hollscolaíochta lán-Ghaeilge

  • Ábhar scoile eile “Saíocht agus Litríocht na Gaeilge” a sholáthar

  • Curaclam comhtháite a chur i bhfeidhm

-5 Tacaíocht, treoir agus maoiniú cuí a chur ar fáil do na heagrais dheonacha agus phobail a mbeidh ról criticiúil acu i gcur i bhfeidhm pleananna teanga insna ceantair Ghaeltachta.

Taobh amuigh den mholadh faoin Bhord Oideachais do Scoileanna Gaeltachta agus do Ghaelscoileanna, ní fhéadfaí a rá gur gníomh ‘radacach’ atá in aon cheann de na moltaí eile. Séard atá i gceist i ndáiríre ná láidriú agus athstruchtúrú ar an chóras atá ann cheana féin. Beidh le feiceáil againn gan mhoill cé chomh dáiríre agus cé chomh radacach a bheas an Rialtas seo, ach níl aon amhras ach go gcaithfear gníomhú go luath agus go feidhmiúil le todhchaí pobal labhartha na Gaeilge sa Ghaeltacht a chinntiú do ghlúin eile.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.