Samhlaíonn Breandán Delap cad é a bheas le rá ag ceannaire nuathofa Fhianna Fáil Nua ina aitheasc d’Ard Fheis a pháirtí sa bhliain 2016, tráth a bheas céad bliain Éirí Amach na Cásca á chomóradh.
A Chairde Gael,
Is mór an onóir dom labhairt libh anseo anocht ar an ócáid stairiúil seo. Ba mhaith liom i dtús báire mo bhuíochas a ghlacadh libh as bhur dtacaíocht liom mar cheannaire úr ar an pháirtí úr seo. Fáisceadh é as an chuid is fearr a bhí fágtha de sheanpháirtí Fhianna Fáil, páirtí a chuaigh ar bhóthar an aimhleasa, a chaill a threo traidisiúnta agus a luachanna seanbhunaidh agus a chur ár bhflaitheas agus ár bhféiniúlacht i mbaol a gcaillte.
I mbunú an pháirtí úrnua seo, tá cinneadh críochnúil déanta againn scaradh go deo le seanpháirtí na teipe; nach bhfuil d’oidhreacht fágtha aici ach an tubaiste agus an feall. Bhí stair uasal ag an seanpháirtí sin, préamhaithe i luachanna an phobail go dtí gur cailleadh radharc ar na haidhmeanna uaisle a bhí ag lucht a bhunaithe. Ba theip a bhí i ndán don seanpháirtí ón uair sin ar aghaidh, go dtí go raibh sé de mhisneach againn líne a tharraingt agus beartú ar thús úrnua. Páirtí úr le luachanna úra do ghlúin úr.
Tar éis dúinn cúig bliana a chaitheamh sa fhreasúra agus slad ceart déanta orainn in dhá olltoghchán i ndiaidh a chéile, ní raibh de rogha againn ach cúl iomlán a thabhairt don seanchur chuige a bhí againn le linn réimeas an Tíogair Cheiltigh agus pilleadh ar bhunluachanna lucht bunaithe an pháirtí agus ag ceannairí éirí amach na Cásca atá á gceiliúradh againn i mbliana.
Gabháil Leithscéil
Rinne an seanpháirtí botún i ndiaidh botúin le linn dóibh a bheith i mbun rialtas sna blianta deiridh. Gabhaim pardún ó chroí le muintir na hÉireann, chan amháin as an tréimhse sin ach as a laige a bhí an páirtí mar fhreasúra le dornán blianta anuas. Léirigh an toghlach a laghad measa a bhí acu orainn in Olltoghchán na bliana 2011. Bhí muid ag súil le greadadh ach ní thiocfadh leis an té ba dhuairce a thuar go gcaillfeadh muid a oiread sin suíochán. Ba bheag ball den chomhaireacht a atoghadh, rud a chuir laincisí go leor ar cheannaire úr an pháirtí. Theip go tubaisteach airsean i dtoghchán na hEorpa agus sna toghcháin áitiúla agus níor éirigh a dhath níos fearr lena chomharba in olltoghchán na bliana seo (2016), ainneoin an méid fadhbanna a bhí ag an rialtas. Sin an chúis go bhfuil tús úrnua de dhíth.
Ní hionann sin le rá go bhfuil an toghlach iontach sásta leis an chomhrialtas de Fhine Gael agus de Pháirtí an Lucht Oibre. Is léir ón bhorradh atá tagtha faoi líon na bpáirtithe beaga agus faoi líon na dTeachtaí neamhspleácha nach amhlaidh atá. Ach dá olcas iad, níl pobal na hÉireann réidh le Fianna Fáil a chur arais i gcumhacht. Cé thógfadh orthu é, mar dáiríre, ba bheag freasúra a thug muid le fada. Admhaím go raibh rith an ráis ina iomláine ag an Chomhrialtas le cúig bliana anuas. Aon uair a cháin muid a gcuid meancóg agus a gcuid dúnghaoisí míchiallmhara, deineadh scigmhagadh orainn. “Is ag iarraidh an brachán bocht a rinne sibhse den gheilleagar a chur ina cheart atáimid. Murach sibhse, ní bheadh aon ghá leis an cháin seo a ardú ná leis an liúntas siúd a ísliú,” an freagra a thugtaí ar mhórán achan ráiteas a rinne muid.
Ní Iontaofa an Ní gan Iontaoibh
Ar an drochuair, ba dhoiligh cur in éadan a leithéid. Chiallaigh sin gur beag freasúra a thug muid ag am nuair a bhí géarghá leis. Caitheadh linn sa Dáil agus sna meáin chumarsáide mar a bheadh staicín áiféise. Tugadh aithisc spreagúla sna hArdfheiseanna a leag polasaithe uaillmhianacha amach, ach i ndáiríre ba bheag cluas éisteachta a tugadh dóibh. Leanadh leis an chur i gcéill go ndéanfadh pobal na hÉireann dearmad dár dtréimhse deireanach i rialtas agus nach fada go mbeadh muid arais ar ár seanléim. Thug siad a bhfreagra in olltoghchán na bliana seo (2016) nuair a toghadh níos lú teachtaí Fhianna Fáileacha ná i 2011 go fiú! De bharr nach raibh muid iontaofa, ní raibh muid intofa!
Chonacthas domsa nach raibh againn ach dhá rogha: deireadh ar fad a chur le Fianna Fáil nó athbhrandáil ó bhonn a dhéanamh air agus é a athsheoladh mar pháirtí úr. B’fhusa b’fhéidir é a scor ina iomláine ach ní fúmsa an cosán simplí a shiúl. Óir ní raibh aon rud contráilte leis na prionsabail a leag muid síos ón tús. Tógadh an páirtí ar bhunshraith d’ionraiceas agus de bhá leis an chosmhuintir. Sheas muidinne leis an fheirmeoir bheag agus leis an iascaire ag am nuair a bhí páirtithe eile ag cuimilt boise lucht an rachmais. Ba ó na gnáthdhaoine - a itheann a ndinnéar i lár an lae - a fuineadh agus a fáisceadh sinn.
Ach chaith muid rófhada i gcumhacht agus tháinig bolg orainn le teann sotail is le falsacht aigne. Loic muid ar ár lucht tacaíochta fadbhunaithe agus rinne muid cairdeas le forbróirí móra agus le lucht na mbanc. Bhí muid sásta dlíthe na tíre a lúbadh agus ár dtimpeallacht álainn a scriosadh ar mhaithe lena mbeannacht agus lena n-airgead siúd. Ní raibh de fhís ag an pháirtí ach forbairt - sa chiall is cúinge den fhocal. Ba fhóirsteanaí i bhfad an easóg Cheilteach mar shiombal dár réimeas cumhachta ná an tíogar bocht úd nach maireann.
Tréigean an Dúchais
Creidim go láidir nár chaill pobal na hÉireann muinín ionainn siocair gur chloígh muid go dílis lenár seanluachanna. A mhalairt glan: b’amhlaidh gur thréig siad muid mar gur thug muid an t-eiteachas do na luachanna úd agus gur chum muid cinn úra. Tá sé i gceist againn anois pilleadh ar ár ndúchas.
Ba le linn tréimhse an iar-Thaoisigh, Cathal Ó hEochaidh, a thosaigh an lobhadh ach lean an bréantas ar feadh scór bliain ina dhiaidh sin ar a laghad. Thug Haughey comhairle do dhaoine a bhí ag saothrú a gcuid pingeacha go cneasta go raibh siad á gcaitheamh go fánach agus go rábach fad is a bhí sé féin ag síneadh bhabhla na déirce i dtreo bhoic mhóra an rachmais. Ó tharla go raibh lámh an tsaoiste i bhfostú sa sparán, mheas roinnt dá chuid comhleacaithe go raibh a leithéid d’iompar inghlactha. Ghlac Ray Burke agus Liam Lawlor le breabanna agus bhí rath fáistine ag Bertie Ahern leis na caiple. Ar bhonn áitiúil, thug comhairleoirí áirithe droim láimhe do mhianta na ndaoine a thogh iad nuair a rinne siad athchriosú ar thalamh ghlas ar mhaithe le tríocha bonn airgid. Ba mhó an masla dár bpobal tacaíochta é nuair a cumadh bréaga áiféiseacha faoin airgead a tugadh dóibh. Míchumas seachas mí-ionraiceas a léirigh Brian Cowen agus a chomhleacaithe agus an tír ag sleamhnú go tubaisteach i dtreo na féimheachta. Rinne siad iarracht áirithe muid a thabhairt slán ón tsáinn ach ní raibh muinín an phobail acu.
Ar ndóigh ní raibh na polaiteoirí cama a tháinig os comhair na mbinsí fiosrúcháin agus na gcúirteanna éagsúla ar dhóigh ar bith ionadaíoch ar bhunús mór ár mbaill. Ní raibh, mar ní ligfeadh an t-ionraiceas daofa siúd caimiléireacht den chineál sin a shamhlú gan trácht ar a chleachtadh. D’fhulaing an tromlach de bharr gníomhartha an mhionlaigh. Bíodh sin mar atá, de bharr scabhaitéireacht dornán beag daoine tá na focail ‘Fianna Fáil’ comhchiallach le ‘teip’ agus le ‘calaois.’ Sin an chúis go bhfuil gá le hathbhrandáil.
Fógraím go sollúnta inniu nach mbeidh aon fháilte roimh éinne a chuireann a leas féin thar an leas coiteann i bhFianna Fáil Nua. Séanaim go huile is go hiomlán na cleachtais chama agus na dúnghaoisí tubaisteacha a chleacht muid le dornán blianta anuas. Cuirfear tús leis an phróiseas ghortghlanadh láithreach bonn. Ní thabharfar cuireadh d’éinne (iarcheannairí ina measc) a tharraing míchlú orainn chuig an Ard-Fheis feasta. Tá an páirtí i bpurgóid le hocht mbliana anuas, ach má táimid i ndáiríre faoi aithreachas a dhéanamh, níor mhór dúinn údar na bpeacaí a dhíbirt go hifreann.
Pocán Gabhair i Lár an Aonaigh
Tar éis dúinn teip go tubaisteach sa dá olltoghchán deireanach, dúirt na tráchtairí polaitiúla nár éirigh linn ‘ár dteachtaireacht a dhíol.’ Ach deirimse libh inniu nach raibh muid ábalta ‘ár dteachtaireacht a dhíol’ mar nach raibh aon ghlacadh ag an phobal leis. Ní raibh muinín acu ionainn agus mheas siad nach bhféadfaí muid a thrust le haire cheart a thabhairt do pháistín fionn ar nós géilleagar na tíre.
Bhain manaí ar nós “Go leor déanta, níos mó le déanamh” cáil amach don pháirtí san am a chuaigh thart, ach drochsheans go nglacfar le geisfhocail dá leithéid ariamh arís. Caithfear, mar sin, ceann úr a chumadh. “Cosa nite, lámha glana,” a bheas againn mar rosc catha don am atá le teacht. Tá ár gcosa nite mar thoradh ar an cosa nostra a chleacht muid le scór bliain anuas. Ach má tá, ní shalóidh lucre Liútair ár lámha ariamh arís. Óir is mian linn gort úr a threabhadh feasta. Tuigim go rímhaith gur le beart seachas briathar a chaithfimid muinín an phobail a ghnóthú in athuair. Chuige sin, geallaim go sollúnta go dtabharfar bata agus bóthar d’aon fhorbróir nó do ghnólacht a dhéanfas iarracht airgead a dheonú. Inár dtréimhse dheireanach i mbun rialtais, chuir muid go fíochmhar in éadan dúnghaois ár gcomhleacaithe, Comhaontas Glas, cosc a chur ar shíntiúis pholaitíochta. Botún ab ea é seo agus geallaim daoibh go mbeidh a leithéid ar an chéad ní ar ár bhforógra toghchánaíochta feasta. Más mall is mithid.
Ní bheidh aon bhraon meisciúil ar fáil le linn ár gcomhdháil bhliantúil as seo amach. Nílimd ag cur cosc ar an tsiamsaíocht, ná baol air; níl ann ach go bhfuilimid ag iarraidh é a scarúint ón obair mhór atá romhainn amach, ’sé sin géilleagar na tíre a chur ina cheart. Fada go leor a chaith muid i mbun fidle fad is a bhí an tír ag imeacht le sruth. Léinte róin seachas charvet agus culaithe bréidín seachas mohair a bheas á gcaitheamh againn feasta.
Mar fhocal scoir, impím ar phobal na tíre maithiúnas a thabhairt agus seans eile a thabhairt dúinn. Cé gur fhág muid san fhaopach sibh san am a chuaigh thart, geallaim go sollúnta daoibh nach loicfidh Fianna Fáil Nua oraibh arís. Le casadh úr a chur sa tsean-nath: "The future is a foreign country, we’ll do things differently there."
Go raibh maith agaibh.
Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.