AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
An tSúil Nimhe
Balor Balor Balor

Chaith Balor a leathshúil nimhe neanta ar Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne, mar a raibh idir Bhanríon is Bhaincéirí ar princeam damhsa agus ar rancás drabhláis.

Íomhá
Nollaig Ní Laoire, Corn Uí Riada agus Nell Ní Chróinín ag Club na Féile
Íomhá
Lucht féachana ár mbanríona
Íomhá
Cheannaigh Eilis t-léine anseo, Cailín Dána
Íomhá
Mánas Mac Ray, Donncha Mac Maitiú & oirircigh uile an cheoil
Íomhá
Ceann cosanta Bhanríon Shasana ag an Oireachtas
Íomhá
Banríon Eilis ag spraoi na Samhna san Oireachtas

Is minic é ráite cheana, ach is fiú é a rá athuair: “Bhí an tErectus ina cockup!” Ba é sin mar a cuireadh síos arís ar an tseachtain ragairne a bhí ag na fíor-Ghaeil Ghaelacha i gCill Airne ag deireadh na míosa seo caite. Agus cé a rinne an cur síos maslach seo? Cé eile ach Balor an Bhéil Bhinn, nó tharla go raibh sé féin i láthair ag an scliúchas ar bhruach Loch Léin. Ní raibh beár ar bith san óstán ná ar an bhaile féin ar oscailt roimh a deich a chlog maidin ar bith, rud nár shásaigh Balor, ná nár shásaigh leath na ndaoine a bhí ag freastal ar an fhéile, agus iad ag dul thart ag lorg leigheas na póite.

Rud eile nach raibh Laoch na Litríochta sásta leis ná díograis na ndaoine óga. “Bhí i bhfad barraíocht daoine óga thart, iad ag spalpadh Gaeilge ó mhaidin go hoíche – agus níos measa fós: ó oíche go maidin. Ní raibh stad ná fuaradh leo; ach iad ag labhairt Gaeilge, ag ceol i nGaeilge, ag troid i nGaeilge, agus ag bromadh i nGaeilge bhinn bhlasta,” a chaoineann Balor Bocht. “Dia go deo leis na laethanta nuair ba leis an tseanghlúin an teanga. Níl só ar bith fágtha againn.”

Cúis mhór ghearáin eile a bhí ag Balor faoi Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne ná líon na mbaincéirí, na n-iarbhaincéirí, na bhfobhaincéirí agus na neasbhaincéirí a bhí i láthair agus a bhí ag cur samhnais ar na fíor-Ghaeil lena mbréagchrábhadh faoi thábhacht theanga na Gaeilge ina saol agus i saol an náisiúin. B’fhurasta a dhéanamh amach go bhfuil athruithe móra ar na bacáin ar an oileán seo. Ba léir go síleann na daoine seo mbeidh tábhacht mhór gheilleagrach ag baint leis an chultúr Ghaelach faoin reachtas úr a bheidh in Éirinn. Bhí dul amú ar na daoine seo cheana, agus gach seans go mbeidh dul amú arís orthu – ach cá bhfios.”

Inis Iathghlas na nIarbhaincéirí

Agus ós ag caint dúinn ar an reachtas úr in Éirinn, ní miste do Bhalor tagairt a dhéanamh do chuairt na Banríona Eilís II ar Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne. Ní miste a rá fosta gur éirigh go breá leis an chuairt, agus léi féin, ar mhórán bealaí. Má thugtar san áireamh nach fada go mbeidh sí ina ceann stáit ar Oileán na Naomh, na nOllamh is na nIarbhaincéirí, mar a fógraíodh sa liarlóg seo an mhí seo caite, is fiú cúpla focal a scríobh mar gheall uirthi féin: an cineál duine atá inti, mar a chonacthas do Bhalor í i gCill Airne.

Ar an chéad dul síos tá moladh mór ag dul di as an Ghaeilge a fhoghlaim – nó Gaeilge de shórt. “Cad a bhfuil an domhan seo ag teacht go dtí?” a d’fhiafraigh sí dá raibh i láthair, nuair nár ghéill Balor an Graoisín an tslí di nuair a shroich siad beirt doras an óstáin ag an am céanna. “Bhí mise anseo céad,” a mhaígh sí. “Arú, grá mo chroí thú a thaisce,” arsa Balor léi nuair a chuala sé an Ghaelscoilis ag teacht as béal na Banríona, agus d’fhág sé an bealach di. Ní hamháin gur fhág sé an bealach, ach ghlan sé gach duine eile amach as an bhealach le dhá bhoiseog agus trí chic.

Ón bhomaite sin ar aghaidh bhí Balor an Breallán smíochta; bhí sé prioctha ag an bheach Shasanach, agus ní raibh sí féin in ann mórán a dhéanamh as bealach de réir Laoch na Cealgaireachta. Lean sé thart í ar gach ócáid san fhéile ar fhreastail sí uirthi, agus ar chúpla ceann eile chomh maith. Ba ghairid gur léir nárbh í an Ghaelscoilis amháin a bhí ar a toil aici, ach an damhsa ar an sean-nós chomh maith. Bhí sí i ndiaidh ceachtanna príobháideacha a fháil Tigh Buck le Labhrás Sonaí Choilm Learaí, le cuidiú ó áis aistriúcháin chomhuainigh a chuir Patsaí Dan Mac Ruairí ar fáil. “Maith thú féin hey!” a scairteadh Patsaí Dan achan uair a thuig sí focal úr a tháinig as béal Labhráis.

Princeam na Rónóige

Siocair fad agus méid a gúna, tugadh cead speisialta di damhsa na scuaibe a dhéanamh le scuab fiacla, seachas le scuab urláir. Ba mhór an gar é seo di, nó bhí sí ar airgead mór ó Colgate, a bhí ag déanamh urraíochta uirthi. Nuair a tháinig sí sa dara háit sa chomórtas damhsa, agus Labhrás sa chéad áit, léirigh sí a cumas i gcúrsaí ólacháin chomh maith, agus i gcúrsaí maslaithe, nuair a thug sí faoi na moltóirí cionn is nach bhfuair sí an chéad áit. “Cad é a bheadh a fhios agatsa faoi dhamhsa ar an sean-nós?” a d’fhiafraigh sí de Bhreandán de Gallaí. “Tusa agus do sissy prissy River Dance! Cad é a bheadh a fhios agatsa faoi fhíordhamhsa, a húirín gan rath?” Ní miste a rá go raibh Balor thar a bheith sásta léi, ní hamháin le caighdeán a cuid Gaeilge, ach gur aontaigh sé go hiomlán lena raibh le rá aici fosta.

“Duine fial flaithiúil atá inti,” a deir Balor an Bligeard. “Croí mór na féile í.” É seo i ndiaidh di deochanna a cheannach do gach duine i gCill Airne agus sa cheantar máguaird nuair a bhain sí an chéad áit sa chomórtas amhránaíochta nach amhránaíocht sean-nóis í. Cheol sí leagan álainn de Mo Theaichín Beag Tuí in Balmoral, a ndúirt na moltóirí faoi nár chuala siad a leithéid riamh roimhe sin, agus a ndúirt roinnt daoine eile faoi nach raibh siad ag súil lena leithéid a chluinstin arís go brách. Ní raibh istigh ar an chomórtas ach í féin, ach mar sin féin ba mhór an chreidiúint di gur shroich sí an caighdeán cuí le duais a bheith bronnta uirthi, arsa Balor an Bladaire.

Ag Club na Féile oíche Dé Sathairn seo caite bhí an damhsa agus an ceol ag gabháil go tréan nuair a rinneadh fógra go raibh An Bhanríon Eilís chun fanacht sa halla go dtí go mbeadh an ceol thart, nó gur theastaigh uaithi a bheith i láthair agus gach duine ag ceol Fad Saoil Dár mBanríon Ghrástúil. Tá Club na Féile fós ag dul go tréan, agus an seachtú banna ceoil is daichead i ndiaidh dul ar an ardán. Mar a dúirt Balor an Bligeard faoi God Save The Queen: “Enough is enough, but too much is pure barraíocht!”

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.