Tá Brian Ó Broin den tuairim gur ré chorraíola agus achrainn atá I ndán do shaol na polaitíochta i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Beidh toghcháin ‘lár téarma’ ar siúl ar an 2ú lá de Shamhain i mbliana. Idir dhá cheann na meá, beidh 37 suíochán Seanaid (as 100), 39 gobharnóireacht, agus 435 suíochán sa Chomhdháil (’sé sin, iad go léir). Más toghchán é, ámh, is reifreann é freisin ar uachtaránacht Obama agus ar cheannaireacht an Pháirtí Dhaonlathaigh i dtrí theach rialtais na tíre. Níl mórán le tabhairt faoi deara go nuige seo. Ainneoin an chaint go léir faoin tríú páirtí (an ‘Tea Party’), níl sa toghchán seo ach athimirt den seachchomhrac beirte atá ar siúl sa tír seo le céad bliain.
Táimid i lár baill na ‘Culture Wars’ faoi láthair anseo i Meiriceá. Ní féidir leat a bheith i do ‘Thadhg an dá thaobh’ níos mó. Tá tú ar thaobh na heite deise, nó ar thaobh na heite clé, agus sin a bhfuil de. Tá sé seo le tabhairt faoi deara go soiléir i measc na bPoblachtánach, atá scoilte ina dhá leath faoi láthair. Páirtí den eite dheis is ea an Páirtí Poblachtánach, ach tá go leor sa pháirtí sin atá níos sócúlaí sa lár. B’fhéidir go bhfuil tuairimí coimeádacha acu i leith airgeadais, ach go bhfuil tuairimí oscailte acu i leith cúrsaí craicinn. Más ea, dar le daoine áirithe sa pháirtí sin, níl iontu ach ‘RINOs’ (‘Republicans In Name Only’, nó ‘Poblachtánaithe Mar Dhea’). Ar ndóigh, tá faitíos an domhain ar an lucht láir, go háirithe Poblachtánaithe, mar tá toghcháin ar na bacáin, agus is faoi antoiscigh eite dheis an Pháirtí sin atá an gealladh. Níl éinne ag iarraidh go gcuirfí ‘RINO’ ina leith.
Mar sin, is ag scoilteadh atá pobal Mheiriceá faoi láthair, agus cuirtear Abraham Lincoln i gcuimhne dom agus é ag labhairt os comhair ollshlua i Springfield, Illinois in 1858: “Gach teach a bhíonn ar deighilt ina aghaidh féin, ní féidir leis seasamh”.
Chun Caingne
Is mar sin atá Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe faoi láthair, an chúirt a chíorann mórcheisteanna na tíre, go háirithe mar a bhaineann siad le bunreacht Mheiriceá. Mar gheall ar ainmniúchán George Bush, tá tromlach cúigear sa naonúr breithiúna atá claonta i dtreo na heite deise. I gcás breithimh mar Clarence Thomas, a d’ainmnigh George Walker Bush i 1991, tá an chlaontacht sin sách soiléir - sular ainmníodh é, bhí sé ag obair do Monsanto, ollchomhlacht bith-theicneolaíochta talmhaíochta, agus tá a bhean ina ball de ‘Liberty Central’ - meitheal smaointe agus brúghrúpa atá i bhfad amach ar an eite dheis.
Mí Eanáir 2010, tháinig cás os comhair na Cúirte Uachtaraí a raibh saoirse labhartha agus ról ghnó sa phróiséas polaitíochta mar cheisteanna lárnacha. B’í an cheist ná ar cheart ligint do brúghrúpaí airgead a thógáil ó chomhlachtaí d’fheachtais polaitíochta. Ní rabhthas cinnte faoin gceart seo go dtí sin, ó ba léir go dtabharfadh comhlachtaí airgead d’iarrthóirí a bheadh báúil le gnó, agus go n-obfadh siad na hiarrthóirí eile faoi airgead.
Fágann sé seo go bhfuil comhlachtaí ag scairdeadh airgid isteach i bhfeachtais iarrthóirí áirithe, agus níos measa fós, go bhfuilid á dhéanamh go rúnda. Más brúghrúpa neamhbhrábúis thú, ní gá duit foinse d’airgid a nochtadh. Tá grúpaí nua mar sin, macasamhail Liberty Central, nach bhfuil iontu, b’fhéidir, ach triúr ball, ag bailiú airgid go tréan agus á chaitheamh go fras ar iarrthóirí a bhfuil, dar leo, dearcadh ‘bog’ acu i leith cánach do chomhlachtaí agus a sheasann in aghaidh airgead stáit a chaitheamh ar na boicht nó ar thograí poiblí.
Más Dona Maol is Measa Mullach
Fiú gan an trioblóid sin, bheadh dúshlán mór roimh pháirtí an rialtais cheana féin - na Daonlathaigh. Bhí geilleagar na tíre ag cúlú agus an tUachtarán Obama ag glacadh a phoist 21 mhí ó shin, agus ní léir go fóill go bhfuil an cúlú thart, ainneoin go bhfuil lucht geilleagair ar a ndícheall ag iarraidh cur ina luí ar dhaoine go bhfuil an chuid is measa thart. Ach má tá, tá daoine thíos leis go fóill. Bhí daoine ag maireachtáil i bhfad thar a n-acmhainn ar feadh i bhfad, le creidmheas ar fáil go héasca, agus carranna ollmhóra acu i gcabhsaí a dtithe ollmhóra fobhailteacha. Anois, agus an bille tagtha, ní maith leo an cúiteamh. Tá go leor daoine as obair, agus iadsan nach bhfuil, tá siad ar a dtáirm ag íoc morgáistí ar thithe a bhfuil cuid mhaith dá luach caillte acu, nó ag déanamh íocaíochta ar shócharranna móra mar an Hummer nach ndéantar níos mó, fiú. Ní hamháin sin, ach tá na comhlachtaí creidmheasa ag cnagadh ar dhoirse ag iarraidh a gcuid iasachtaí ar ais. Ní nach ionadh go bhfuil athrú ag teastáil ó dhaoine, arís. Gheall an tUachtarán Obama go mbeadh athrú ann, agus go deimhin tháinig an t-athrú, ach athrú searbh ba ea é i ndeireadh an tsaoil. Cé acu ab fhearr leat - an tuismitheoir a thugann bia sláintiúil duit, am leapan luath, agus rothar le dul ar scoil, nó an tuismitheoir a cheannaíonn bia beagmhaitheasa duit, teilifís go lár na hoíche, agus síob ar scoil sa charr ar maidin?
Tá daoine tuirseach den aiste bhia mar sin. Teastaíonn na dea-laethanta ar ais uathu. Mar sin, amach leo siúd atá in oifig!
Marbh le Tae is Marbh gan É
Más gráin nó más grá leat lucht pleanála an Pháirtí Phoblachtaigh, ní féidir a shéanadh go bhfuil siad cliste. Mar a fheictear in Éirinn, tá lucht vótála tinn tuirseach de na ghnáthpháirtithe polaitíochta, go háirithe agus geilleagar mar atá. Tá meath mór tagtha ar Fhianna Fáil agus ar Fhine Gael araon in Éirinn, rud a théann chun leasa an tríú pháirtí, Páirtí an Lucht Oibre. Ach níl aon tríú páirtí i Meiriceá. Agus a fhios seo go maith ag lucht ceannairce an Pháirtí Phoblachtaigh, chruthaíodar bréagpháirtí, an ‘Tea-Party’, a ndearna mé trácht air cheana. Amuigh ar an eite dheis, is é seo páirtí na bhfeargach, páirtí na ndaoine míshásta, páirtí an tríú bealaigh - bealach nach bhfuil comhghéilleadh i gceist ann. Agus, ar ndóigh, is é seo an páirtí atá in aghaidh cánach agus seirbhísí poiblí. Is isteach i bhfeachtais toghchánaíochta iarrthóirí an ‘pháirtí’ seo atá an t-airgead rúnda ag scairdeadh.
Agus tá ag éirí go seoigh leis an tseift. Bealach é an tríú páirtí seo (nach ann dó in aon chor) go mbeidh na Poblachtánaithe in ann vótaí a phiocadh suas, fiú nuair atá daoine ag ceapadh go bhfuil siad ag vótáil ina n-aghaidh. Tá sé tuartha go gcaillfidh na Daonlathaigh 9 suíochán seanaid sa toghchán seo, agus go bpiocfaidh an ‘Tea Party’ suas iad. Beidh caint mhór faoin tríú páirtí seo ar feadh míosa go gcríochnóidh sé go tobann. Fógrófar go bhfuil entente idir an Tea Party agus na Poblachtánaithe. Ní bheidh fágtha arís sa Seanad ach an dá pháirtí - mar a bhí agus mar a bheidh, go deo na ndeor. Ach beidh difríocht shuntasach amháin ann - beidh siad níos scoilte ansin ná ariamh. Cuimhnígí ar Lincoln: “Gach teach a bhíonn ar deighilt ina aghaidh féin, ní féidir leis seasamh”.