AR NA SAOLTA SEO
Feidhmeannas gan Ardcheannasaíocht
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Ní bhaineann ciorruithe le féiniúlacht, is cosúil. Má bhítear ag máirseáil ó thuaidh, feictear do Robert McMillen nach mar léirsiú in aghaidh ciorruithe a tharlóidh sé.

Íomhá
Sammy Wilson, an tAire Airgeadais
Íomhá
Brian Campfield, ceannaire an NIPSA
Íomhá
Osborne, an Camshrónach agus May

Out of the frying pan, into the fire a deirtear i mBearla – ‘ó mhaoil go mullachis dóigh - agus tá muintir an tuaiscirt i ndiaidh bogadh ó na dTrioblóidí go dtí ré an chruacháis agus ciorruithe fíochmhara le cur i bhfeidhm ag Feidmheannas Stormont. Léiríonn sé an easpa intleachta atá i gcroí an rialtais anseo nuair atá bearna billiún punt idir luach na ciorruithe atá á thuar ag an Aire Airgeadais, Sammy Wilson (£4bn) agus ag an Chéad-Aire, Peter Robinson (£5bn).

Is cuma cé acu £4bn nó £5bn atá i gceist, tá suim dochreidte airgid le as geilleagar Thuaisceart Éireann. Meastar go gcaillfear 36,000 post sna hearnálacha poiblí agus príobháideach. Ach dóibh sin a mbuaileann tubáiste na dífhostaíochta iad, tá buille eile ann - bainfear £18 billiún as tiachóg an leasa shóisialaigh. “Agus an comhrialtas i Westminster ag caint ar “cothromaíocht” agus ar an ualach is mó a bheith á iompar acu sin is mó acmhainn, is fiú an £18bn sin a chur i gcomórtas leis an £2.5bn a thógfaidh an rialtas ón cháin a ghearrfaidh siad ar na bancanna agus ar na forais airgeadais,” arsa Brian Campfield, ceannaire NIPSA (the Northern Ireland Public Service Alliance). Deir sé go mbeidh daoine beo bocht mar gheall ar na ciorruithe seo, agus ní hamháin sin, ach go súfaidh na ciorruithe seo ar leasa shóisialaigh idir £300m agus £400m breise as geilleagar na Sé Chontae, próiséas as a dtiocfaidh níos mó dífhostaíacht ina dhiaidh.

Chomh maith le héilitheoirí leasa shóisialigh, is iad státseirbhisigh na huain íobartha ar altóir fhiosca na córa, (on the altar of fiscal rectitude) daoine a bhfuil postanna sócúla saoil agus pinsin thar an choitiantacht acu, dár lena lán, ach deir an tUasal Campfield go bhfaigheann státsheirbhisigh ar an mheán, pinsin idir £5000 agus £6000 sa bhliain. Creideann rialtas Westminster go líonfaidh an earnáil phríobháideach an bhearna nuair a chaithfear státsheirbhisigh amach ar an dól, ach déanfaidh beartais an rialtais dochar don earnáil phríobháideach chomh maith. Ba bheag an rath a bhí uirthi ag cruthú postanna san am atá thart agus is éadocha go bhfuil siad inchurtha leis an dúshlan inniu.

Scéal gan Leigheas

Agus tá fadhb eile ann. Ní rialtas ardcheannasach (sovereign) é Feidhmeannas Thuaisceart Éireann agus is beag cumacht atá aige airgead a thógáil chun sochar seirbhísí pobail agus infheistíocht i gcruthú postanna. Dá mbeadh féin, chaithfí eolas cruinn a bhailiú ar na foinsí as ab fheidir go leor ioncaim (revenues) a thógáil. “Ní chreidim go bhfuil ceann ar bith de na páirtithe san Fheidhmeannas i bhfách le ciorruithe sa chaiteachas poiblí ar bonn ídéolaíochta, ach is beag scóp atá acu clár oibre a thógáil a sheachnaíonn gearradh siar agus dífhostaíocht ollmhór” arsa an tUasal Campfield.

Nach iontach é go dtiocfaidh na slóite síoraí amach ar na sráideanna lena bhféiniúlacht chultúir a léiriú, ach arbh’fhearr leo a bheith ag breathnú ar Neighbours ar an teilifís ná léirsiú in éadan na gciorruithe seo a fhágfaidh na slóite ar an ghannchuid. Ba cheart ráfla a chur thart nach mbainfidh na ciorruithe ach le Caitlicigh amháin nó le Protastúnaigh amháin agus feicfidh muid an daonra ar fad amuigh agus clár crochta in airde ina nglaic acu!

Glacfaidh sé am le gluaiseacht iomaíochta a bhunú ach measann an eite dheis gur féidir stad a chur leis na ciorruithe frí ghníomhaíocht phobail agus cheardchumainn. Deir an tUasal Campfield gur cheart do bhaill an Tionóil agus an Fheidhmeannais a bheith ag gríosú an phobail ina iomláine le brú a chur ar rialtas Westminster. Measann sé gur cheart fosta go mbeadh comhoibriú idir Rialtas Stormont agus na rialtais in Albain agus sa Bhreatain Bhig. Cá bhfios cén tionchar a bheadh ag a leithéid de chomhoibriú. Ní neart go cur le chéile ach Gallóglaigh geilleagair atá de dhíth orainn an aimsir seo!

‘.. Táimse im’ chodladh, is ná dúistear mé ..’

Ní bheinn féin ródhóchasach. Fuarchúis agus patuaire na tréithe is suntasaí faoi mhuintir na Sé Chontae díomaite den cheist náisúnta agus cúrsai CLG. Sin ráite, de réir mar a dhéanfar creach ar airgead daoine idir an aicme oibre agus an mheánaicme, is mó an fhearg a bheas ar dhaoine. Bhí scaifte nach beag ag léirsiú amháin ar an 23ú Deireadh Fómhair, nuair a bhí an aimsir go hainnis agus tá daoine ag éisteacht le teachtaireachtaí taobh amuigh den dioschúrsa coitianta a mhaíonn nach bhfuil rogha ar bith ann ach ní fios an iompóidh an míshásamh seo ina fhonn troda agus ina ghluaiseacht daingean. Thiocfadh le daoine aonair páirt a ghlacadh san fheachtas in éadan na gciorruithe agus iad páirteach i dtograí logánta.

Díríonn Brian Campfield aird na ndaoine sin a deir nach bhfuil bealach ar bith eile ann an t-easnamh sa cháinaisnéis a ghlanadh ar Paul Krugman agus ar Joseph Stiglitz, beirt bhuaiteoirí Dhuais Nobel sa Gheilleagar. Chuir an dís ar shúile rialtas na Breataine nach féidir éalú as an chúlú airgeadais frí chiorruithe agus tá go leor de lucht geilleagair ar an téad céanna. “Tá bealaí eile ann an t-easnamh a ghearradh gan daoine bochta a ghortú,” ar sé, agus bheadh sé mar a gcéanna ó dheas ar ndóigh. Athdháileadh maoine a bheadh i gceist. “Meastar go gcailleann Státchiste na Ríochta Aontaithe £123bn sa bhliain mar thoradh ar imghabháil cánach (tax evasion), seachaint cánach (tax avoidance) agus cáin nach bhfuil bailithe.” Sin an fáth go bhfuil daoine ag moladh cáin ar mhaoin nó cáin Robin Hood.

Níl an Ríocht Aontaithe bancbhriste - tá mí-úsáid á baint as an airgead. D’éirigh le Vodafone cur ina luí ar Her Majesty’s Revenue Commissioners nár cheart dóibh bille cánach £6bn a ioc. Yep, £6bn leoga. Dá mba duine thú a bhuail bob ar lucht leasa shóisligh, is í leaba chláir na carcrach a bheadh i ndán duit!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.