Cuireann Donncha Ó hÉallaithe an cheist: an mbeidh Barack Obama in ann beart a dhéanamh do réir a bhriathair, nó an dteipfidh air, mar a theip ar John F. Kennedy roimhe?
Ar chlár raidió Phat Kenny, breis is bliain ó shin, a chéadchuala mé Barack Obama i mbun aithisc. Más cuimhneach liom i gceart, bhí sé ag caint lena lucht tacaíochta tar éis dhó Hilary Clinton a bhualadh i Carolina Theas. Chuaigh óráidíocht Obama i bhfeidhm go mór orm. Bhraith mé go raibh a chuid cainte difriúil ón ngnáthmheascán de bhladar is plámás, a chloistear rómhinic ó pholaiteoirí Mheiriceá. Bhí clisteacht ag baint leis an mbealach ar éirigh leis cumarsáid a dhéanamh lena chuid éisteoirí. Thug sé le fios gur chreid sé féin, an méid a dúirt sé. Bhí meascán den idéalachas agus den phaisean smachtaithe in úsáid go héifeachtach aige.
Cé go mba í Hilary Clinton rogha na coitiantachta, ag an am, chuir mé geall beag ar Obama agus fuaireas 13/1 air, ag an am. Mar sin féin ba dheacair dom a chreidbheáil go bhféadfadh fear dubh anaithnid ainmniúchán na nDaonlathach a bhaint ó Hilary Clinton. Fiú dá n-éireodh leis an t-ainmniúchán a fháil, níor chreid mé go raibh muintir Mheiriceá réidh le fear gorm a chur sa Teach Bán, cuma cé chomh maith is a bhí a chuid óráidíochta is a chuid smaointí. Áthas orm go rabhas mícheart agus ní mar gheall ar an gcúpla euro a shaothraigh mo gheall le Betfair ar Obama, ach mar gheall go bhfuil cur chuige nua agus smaointí nua ag teastáil, má táthar leis na fadhbanna ollmhóra atá ag bagairt ar an domhan a réiteach.
Murach Bush, ní bheadh Obama ann. Rinne Bush oiread praisigh le linn a réimis ocht mbliana is gur fáiltíodh roimh iarrthóir a bhí difriúil uaidh ar mórán chuile bhealach, seachas a ghnéas: óg agus dubh seachas bán agus meánaosta, daonlathach ón tuaisceart seachas poblachtánach ón deisceart, deisbhéalach agus síochánta ina chuid cainte in áit a bheith místuama agus trodach. Bhí sé mealltach mar dhuine, ach bhí an cheist mhór ann, an mbeadh sé in ann an jab a dhéanamh.
John F. Kennedy
Toghadh uachtarán deisbhéalach eile ar na Stáit Aontaithe sa bhliain 1960. Ba é an chéad uachtarán Caitliceach ar na Stáit Aontaithe, an chéad duine de shliocht na nGael. Bhí John F. Kennedy chomh mealltach céanna le Obama agus thug sé féin aitheasc iontach spreagúil ar ócáid a insealbhaithe inar dhúirt sé leis an domhan mór an méid seo leanas:
“my fellow citizens of the world, ask not what America will do for you, but what together we can do for the freedom of man.”
Taobh istigh de thrí mhí, tar éis dhó na focail breátha sin a rá, cheadaigh Kennedy don CIA, ionradh náireach a dhéanamh ar Chúba, a bhí tar éis saoirse ó dheachtóireacht Baptista a bhaint amach, an bhliain roimhe sin. Chuir sé na B52 bombers go Cúba le tacaíocht a thabhairt don arm a bhí curtha le chéile ag an C.I.A leis an ionradh a dhéanamh. “Freedom of man” mo thóin. Níor oibrigh an tseift, mar a tharla, agus d’éirigh le muintir Cuba, an tsaoirse a bhí bainte amach acu ó dheachtóireacht Baptisa an bhliain roimhe sin, a chosaint ag Playa Girón (Bá na Muc).
Céard faoi Obama?
Dúirt Obama ina óráid ag an searmanas insealbhaithe go bhfuil Meiriceá ina chara le gach náisiún, beag agus mór. “To those who cling to power....” a dúirt sé:
“.... through corruption and deceit and the silencing of dissent, know that you are on the wrong side of history, but that we will extend a hand if you are willing to unclench your fist.”
Nósfaidh an t-am céard a chiallaíonn an chaint bhreá seo. Tá bealach amháin ina bhféadfadh sé a dhearcadh nua sin a léiriú: deireadh a chur leis an imshuí trádála atá curtha ag Meiriceá ar Chúba le beagnach 50 bliain. Ní hea go gcreidim go bhfuil gach rud foirfe i gCúba agus gur tír dhaonlathach í ina bhfuil saoirse chainte agus saoirse pholaitiúil á gcleachtadh. Níl ná baol air, cé go bhfuil sé i bhfad níos goire don daonlathas ná mar atá an Araib Shádach, lena bhfuil dlúthchairdeas ag Meiriceá. Bhí seanpholasaí Stáit Aontaithe Mheiriceá faoi Chúba bunaithe ar an bhfaitíos néaróiseach roimh an gcumannachas. Tá deireadh tagtha leis an gcumannachas, faoi stiúir na Rúise. Ní féidir le Meiriceá an bac ar thrádáil le Cúba a chosaint ar bhonn slándála a thuilleadh. An mbeidh sé de mhisneach agus de stuaim ag Obama an lámh a shíneadh i dtreo Havana?
Ní leor do Obama príosún Guantánamo, atá suite ar oileán Cúba, a dhúnadh le go mbeidh a fhios againn go bhfuil bunús lena ndúirt sé ina óráid insealbhaithe. Má dhéanann sé iarracht tíocht ar shocrú cóir le Cúba maidir le saoirse trádála a cheadú arís idir an dá thír, beidh a fhios againn nach caint san aer atá ar bun aige.
Tá na briathra breátha ráite aige. An ndéanfar beart dá réir nó an mbeidh sé cosúil le Kennedy sa deireadh? Is é an t-am a ársóidh an méid sin.