AR NA SAOLTA SEO
Fás Geilleagair agus an Comhshaol
Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa

Caithfimid bealach a athrú nó athróidh an timpeallacht an bealach romhainn. Is leithne an margadh ná a bhfuil ar díol is á cheannach, deir Ciarán Mac Aonghusa linn. Éiríonn caoi ruda slí ruda eile, le feancadh a bhaint as an seanrá. Má tá an saol ag athrú go gasta, sinne, an duine, is máthair le cuid mhór de na hathruithe seo.

Íomhá
Aerfort Átha Cliath (le Jentje)
Íomhá
Rian na heitilte le Csaba Karai as an Ungáir
Íomhá
Nicolas Stern
Íomhá
Pavan Sukhdev
Íomhá
Herman Daly

lucht comhshaoil ag rá le roinnt blianta anuas gur gá dúinn an nasc idir fás an geilleagair agus gur gá fás na n-astuithe ceaptha teasa a bhriseadh. Bhíodh baint an-láidir ag an fhorbairt gheilleagair leis an mhéid gháis cheaptha teasa a gineadh roimhe seo. Le linn an tíogair cheiltigh, fágaim, mhéadaigh na hastuithe carbóin as éadan in Éirinn. Is beag aire rialtais a mhol gur chóir srian a chur ar an fhás gheilleagair ar mhaithe leis an timpeallacht. Ba é an aidhm a bhí ag an rialtas, an fhorbairt a chothú, bíodh sé olc, maith, nó dona. Léiríonn dearcadh an rialtais gur chuma leo faoin timpeallacht nuair a bhí postanna á gcruthú agus nuair a bhí saol an duine níos rathúla. D’fhéadfaí a rá nach raibh na polaiteoirí ach ag freastal ar mhian na ndaoine mar, sa deireadh thiar thall, nach bhfuilimid go léir mar a gcéanna: táimid tugtha don fhorbairt gheilleagrach agus nílimid sásta mórán doghrainne a chur orainn féin ar son na timpeallachta.

Dochar na heitilte

Fiú amháin agus an geilleagar ag cúlú go géar, tá an scéal amhlaidh. Nuair a thiteann an OTI (GDP), tagann laghdú ar an mhéid gháis cheaptha teasa a astaítear. Mar shampla, ní théann daoine thar lear chomh minic agus a théadh nuair a bhí an borradh ann, agus ar ndóigh, titfidh líon na bpaisinéirí ag na haerfoirt. Ciallaíonn sé seo gur lú an méid carbóin a astaítear as na heitleáin. Ach anois, agus an cúlú faoi lán seoil, tá Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath ag iarradh ar an rialtas dreasachtaí a chur ar fáil chun daoine a spreagadh le húsáid a bhaint as an aerfort! Tá eagla ar Údarás Aerfort BhÁC go gcaillfear postanna má leantar leis an laghdú ar líon na n-eitiltí. Léiriú deas é seo ar a dheacra is a bheidh sé gearradh siar ar an mhéid gháis cheaptha teasa a chruthaítear sa tír seo.

An carr tineadh

Ar ndóigh tá fiche sampla eile ann. Tá na díoltóirí gluaisteáin ag cásamh ar son faoiseamh cánach ionas go mbeidh siadsan in ann níos mó carranna a dhíol. Thug rialtas Shasana sampla eile dúinn nuair a laghdaigh siad an ráta CBL (VAT). Bhí sé mar sprioc acu daoine a mhealladh chun caiteachais agus beidh de thoradh air sin, dochar breise don timpeallacht. Sin é an tsáinn a bhfuilimid ann faoi láthair. Tuigimid go bhfuil an aeráid ag athrú agus go bhfuil an comhshaol á scriosadh againn, ach táimid tugtha don chineál saoil seo, saol atá bunaithe ar an tomhaltas agus ar an fhás gheilleagair.

Fíorluach agus luach an mhargaidh

Tá sé tuigthe ag eacnamaithe le fada an lá – nó ag cuid mhaith acu – go bhfuil an saormhargadh lochtach. Loiceann an margadh go mion agus go minic agus bíonn drochthoradh air. Uaireanta is beag é an tábhacht a bhaineann leis an fhadhb: bíonn an iomarca aráin ar fáil nó bíonn easpa bóithre ann nó easpa scáthanna fearthainne. Ach nuair a chliseann an margadh ar léibhéal mór, nó i réimse an-tábhachtach, bíonn toradh millteanach air. Go bunúsach is cliseadh ar an mhargadh í gach fadhb a bhaineann leis an chomhshaol: idir scriosadh na bhforaoisí báistí agus théamh an domhain. Agus is é an t-aon easpa amháin a bhíonn i gceist, mar atá, nach gcuireann an margadh aon luach (nó má chuireann, gur luach beag é) ar rud éigin atá fíorthábhachtach don timpeallacht nó do shaol an duine. Mar shampla, tá luach an-ard ar sheodra (nach bhfuil riachtanach) ach tá luach íseal ar an uisce (atá riachtanach). Cliseadh margaidh is cúis leis an ghéarchéim airgeadais fosta, ach sa chás áirithe seo, chuir an cliseadh isteach ar shaol an phobail go tobann. Thosaigh an caighdeán maireachtála ag titim agus chuaigh rialtais ar fud an domhain i ngleic leis an fhadhb go tapaidh. Ní bhfuair siad réiteach na faidhbe fós, ach tá siad ag teacht ar aon intinn maidir leis na srianta nua ar chóir dóibh a chur ar an mhargadh airgeadais.

Dearcadh eile ar an mhargadh

I gcás an chomhshaoil, táthar ag súil go dtuigfidh ceannairí rialtais an ceacht céanna. Is é go bhfuil ag teip go dona ar chóras an mhargaidh agus go gcaithfear an córas a athrú sa chaoi go gcuirfear luach airgid ar shocmhainní an nádúir ar nós an uisce, an aeir, agus an éiceachórais ar fad. Ina thuarascáil ar athrú aeráide sa bhliain 2006, mhol an geilleagraí Nicolas Stern do rialtas na Breataine go gcaithfí luach a chur ar an charbón. Séard a bhí i gceist aige ná go mbeadh ar chuideachtaí móra agus ar rialtais íoc go daor as ceadúnais a thabharfadh an ceart dóibh gáis cheaptha teasa a astú. Íocann an truallaitheoir de réir an méid carbóin a astóidh sé.

Tá Pavan Sukhdev, geilleagraí le Deutsche Bank, ar aon intinn le Stern. Dar leisean, ní mór luach airgeadais a leagadh ar na socmhainní nádúrtha. Tá Sukhdev ag déanamh staidéir geilleagair ar éiceachórais áirithe. Léiríonn an staidéar sin go bhfuil an domhan ag cailliúint idir $2 trilliún agus $5 trilliún in aghaidh na bliana de dheasca an dífhoraoisithe. Ach ar ndóigh, ní chuireann an margadh aon luach faoi láthair ar an ról tábhachtach atá ag foraoisí in éiceachóras an domhain. Chuir Sukhkev san áireamh an chaoi a n-ionsúnn na foraoisí carbón agus an dóigh a rialaíonn siad timthriall an uisce. Léiríonn na scéalta seo go bhfuil saineolaithe ag féachaint le coincheap an mhargaidh a leathnú ionas go mbeidh an luach comhshaoil intuigthe i ngach praghas a íoctar ar tháirgí agus ar sheirbhísí. An t-easnamh is mó a bhaineann leis na hiarrachtaí seo, ná céard a tharlóidh munar leor iad chun stop a chur leis an scrios atá á dhéanamh ar an domhan nádúrtha? Síleann an t-eacnamaí agus an t-éiceolaí Herman Daly (údar an leabhair Steady State Economics) nach leor an nasc idir fás geilleagair agus scrios comhshaoil a bhriseadh. Ní mór, dar leis, deireadh ar fad a chur leis an fhás gheilleagair agus an geilleagar a chobhsú mar atá sé faoi láthair.

Bheadh athrú mór de dhíth ar mheon an phobail. Bheadh orainn cúl a thabhairt don dearcadh tomhaltach i leith an tsaoil. Bheadh orainn an andúil i bhfás geilleagair a shárú. De réir a raibh le feiceáil in Éirinn le linn an tíogair cheiltigh agus ina dhiaidh, áfach, ní bhfaighidh Herman Daly ach an chluas bhodhar.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.