THALL IS ABHUS
Máithreacha agus Páistí
P.J. Mac Gabhann P.J. Mac Gabhann

Thug PJ Mac Gabhann suntas do fhógairt staidrimh chlannmhaireachta sa Fhrainc mar a bhfuil PJ lonnaithe le tamall de bhlianta. Is le mórtas a d’áirigh na húdaráis sa Fhrainc a gcuid uimhreacha mar go bhfuil borradh faoin lion beireatais agus go bhfuil moill faoin mbás ina measc. Is cosúil go mbeidh gasúir go leor ar an mbealach aníos le híoc as cúram na seanmhuintire.

Íomhá
Gasúr nuabheirithe le Claude Covo-Farchi
Íomhá
Cúram leanaí le Unicef
Íomhá
Francach, Jeanne Louise Calment, 122 bliana d'aois
Íomhá
Dati le taobh Sarkozy

Rinneadh caint go leor faoi mháithreacha sa Fhrainc an mhí seo caite agus faoina gcuid páistí. De réir staitisticí a d’fhoilsigh Eurostat ag deireadh na bliana seo caite (http://epp.eurostat.ec.europa.eu) tháinig méadú beag, ach suntasach mar sin féin, ar dhaonra na Fraince in 2008. Rugadh 834,000 páiste i bPoblacht na Fraince in 2008, an líon is mó riamh le tríocha bliain anuas: 801,000 sa Fhrainc féin agus 33,000 sna DOM (départements d’outre mer). Agus 64.1 milliún daoine ina gcónaí sa tír, is í an Fhrainc an dara náisiún is mó ó thaobh daonra de san Aontas Eorpach (AE), fós i bhfad taobh thiar den Ghearmáin (82.06 milliún) ach chun tosaigh ar an Ríocht Aontaithe (61.6 milliún) agus ar an Iodáil (60.09 milliún).

B’ábhar inspéise na staitisticí seo do na meáin chló agus chraolta sa Fhrainc agus chaith tráchtairí agus tuairisceoirí roinnt mhaith ama ag staidéar na bhfigiúirí agus á meas. Tá na rátaí torthúlachta (1) sa Fhrainc agus in Éirinn don bhliain 2008 ar na cinn is airde san AE; tá sé níos coitianta anois sa Fhrainc do bhean a bheith ar a laghad 30 bliain d’aois sula mbíonn an chéad pháiste aici (rugadh 21.5 % de naíonáin nuabheirthe in 2008 do mhná a bhí 35 bliain d’aois nó níos mó i gcomparáid le 16.5% in 1998); an leanbh fir a rugadh sa Fhrainc in 2008, mairfidh sé 77.5 bliain agus an leanbh mná, 84.3 bliain.

An mórtas

Bhí mórtas áirithe le brath i gcuid de na ceannlínte sna nuachtáin ar an lá a foilsíodh an scéal seo: ‘La France reste la championne de la fécondité en 2008’ (Le Monde); ‘Les Britanniques nous envient’ (Le Parisien). Thaispeáin na figiúirí, dar le cuid de na hiriseoirí, go raibh dóchas ag daoine i dtodhchaí na tíre in ainneoin na géarchéime geilleagraí. Léirigh sé chomh maith go bhfuil ag éirí leis an dúnghaois atá curtha i bhfeidhm ag rialtais leanúnacha le roinnt blianta anuas chun tacú le tuismitheoirí a bhfuil páistí óga acu – mar shampla, 16 seachtain de shaoire mháithreachais, liúntas leanaí iníoctha i ndiaidh breith an dara linbh (an mháthair sa Fhrainc nach bhfuil ach an t-aon pháiste amháin aici, ní fhaigheann sí an liúntas). Chomh maith leis an méid sin, chuir an stát bonneagar réamhscolaíochta éifeachtach ar an bhfód. I dtuairisc a d’fhoilsigh Unicef ag deireadh 2008 faoin teideal The child care transition: a league table of early childhood education and care in economically advanced countries (http://www.unicef-irc.org/publications/pdf/rc8_eng.pdf) ina ndéantar staidéar ar sheirbhísí um chúram leanaí i 25 tír, an Fhrainc agus Éire ina measc, cuireadh an Fhrainc sa tríú háit de bharr feabhas na seirbhísí a chuirtear ar fáil sa tír. Is ag bun an liosta, sa chúigiú háit is fiche, atá Éire. Ina theannta sin, cuireadh i gcuimhne dúinn gur chun leas na tíre atá an borradh seo faoin daonra. Tabharfaidh na tomhaltóirí breise seo speagadh láithreach don gheilleagar inmheánach agus cinnteoidh sé go mbeidh fórsa saothair líonmhar ann chun an tír a choimeád sa siúl agus chun ár bpinsean a íoc! Quel bonheur! Gach duine sásta.

A mhalairt de thuairim

Aisteach go leor, ní raibh gach duine sásta agus dar le roinnt daoine, is ar Rachida Dati, an tAire Dlí agus Cirt, an locht, nó cuid de. Shocraigh Madame Dati (nó cuireadh brú uirthi, dar le roinnt tráchtairí) dul ar ais ag obair cúig lá tar éis di a hiníon, Zohra, a thabhairt ar an saol. ‘Bealach eile é seo ag Rachida Dati’, a dúirt Le Canard Enchaîné (2), ‘le daoine a chur ag caint fúithi.’ Bhí ar a laghad dhá insint ar an scéal (3): (a) tá lánchead ag Dati dul ar ais ag obair aon uair is mian léi taobh istigh den tréimhse ama atá dlite di, fágaimis an cinneadh fúithi féin nó (b) ag dul ar ais ag obair chomh luath sin, nach bhfuil Dati ag tabhairt le fios gur tábhachtaí a cuid oibre ná a hiníon agus nach gá saoire máithreachais chomh fada a bheith ann in aon chor.A leithéid de chonspóid, a deir tú! Ach is cás ar leith í Rachida Dati agus ní toisc gur bean í a raibh páiste aici agus í ina haire rialtais. Bean de shliocht inimirceach (athair as Maracó, an mháthair as an Ailgéir), is í ‘la femme symbole’ de chuid rialtas Sarkozy, fianaise (b’fhéidir!) nach bladar é an chaint seo ar fad ar ré nua na hoscailte. Tuigeadh go forleathan go raibh seans láidir ann go gcaillfeadh Dati a haireacht ag tús 2009 (4) ach samhlaigh an tionchar a bheadh ag cinneadh Sarkozy dá socródh sé iarraidh uirthi an rialtas a fhágáil le linn di a bheith ar saoire máithreachais!

Croí an scéil

Nach é sin croí na ceiste, i ndeireadh báire, do na mná ar fad a thug páiste ar an saol in 2008? Conas roghnú idir an saol pearsanta agus an saol gairmiúil? Tá a fhios agam gur ceart an cheist chéanna a chur ar na fir inár measc ach níl an tsochaí ag an bpointe sin fós, a dheartháir! In alt dar teideal Pas mères et pas amères a foilsíodh sa pháipéar nuachta Libération ar an 19.01.09, déantar cur síos ar an ngluaiseacht Childfree a chuireann an tuairim chun cinn gur rogha fhreagrach é má chinneann bean ar gan páiste a bheith aici. Tá an iliomad cúiseanna ann a bheith saor ó pháistí, dar le Childfree: is mór an ceangal iad; tá an iomarca daoine ar domhan cheana agus tá brú rómhór ar na hacmhainní; níl fonn orm a bheith i mo thuismitheoir srl.Tuairimí nach bhfaigheadh mórán éisteachta sa Fhrainc (ná in Éirinn) ar na saolta seo, áit a bhfuil an naíonán nuabheirthe ina rí! 1. An méid páistí a bheadh ag aon sampla randamach de 100 bean idir 15-49 bliain d’aois.2. Foilseachán seachtainiúil cosúil le Phoenix Magazine in Éirinn nó Private Eye sa Bhreatain.3. Tuilleadh tuairimí le fáil ar an mblog feimineach http://plafonddeverre.fr4. http://www.rtl.fr/fiche/2713939/rachida-dati-est-elle-une-ministre-sur-la-sellette.html

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.