AR NA SAOLTA SEO
Dá mbeadh caint ag na híosphartigh
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Bhí Robert McMillen i láthair ag cur i láthair in Óstán na hEuropa, Béal Feirste i mí Eanáir nuair bhris callán amach sa tslua. D’fhág sé ábhar machnaimh ag cách, ar dhroim a raibh sa tuarascáil féin a d’fhoilsigh an Grúpa Comhairliúcháin an lá sin. Níor díbríodh éinne as an halla, ach is léir gur cneas thar ghoimh go leor d’íomhá shuaimhneach an tuaiscirt a bhfuilimid ina taithí le tamall anuas.

Íomhá
Géilleadh arrm an IRA
Íomhá
Cumann Cosanta Uladh
Íomhá
Beairic MI5 i gCo. an Dúin

Níl a fhios agam cad é déarfadh Caitríona Pháidín dá mbeadh sí maraithe ag an IRA agus í ag breathnú ar an scliúchas a tharla in Óstán na hEuropa ar an 28ú Eanáir nuair a seoladh tuarascáil an Consultative Group on the Past faoi stiúir Lord Robin Eames agus Denis Bradley. Cuireadh an Grúpa Comhairliúcháin ar bun chun comhráite a beith acu le grúpaí agus le haonaráin ar an dóigh is fearr ‘oidhreacht na dTriobloidi’ a láimhseáil. Cinnte, bheadh Caitríona Pháidín ag tabhairt amach go mbeadh a gaolta ag fáil £12,000 cionn is gur feallmharaíodh í nuair ba uaithise ar sciobadh an bheatha. Nó dá mbeadh sí i gcré na cille cionn is gur mharaigh saighdiúir de chuid Arm na Breataine í, an mbeadh sí ag caitheamh mallachtaí orthu sin a dúirt nach íobartach ‘ceart’ a bhí inti?

Dá mbeadh cead cainte ag na 3524 fíormharbhán a maraíodh le linn na dtrioblóidí ó thuaidh, cad é déarfadh siad? B’fhéidir go mbeadh siad chomh deighilte leis an bhunadh a d’fhág siad ina ndiaidh.

An cneasú thar ghoimh

Ainneoin go mbíonn gach duine ag caint ar an fheabhas atá tagtha ar an tuaisceart agus ar Bhéal Feirste ach go háirithe - "nach iontach na bialanna galánta atá agaibh ansin" - ba é an rud a léirigh an ruaille buaille san Europa nuair a thug íobartaigh agus ionadaithe na n-íobartach ón dá thaobh, náisiúnaíoch agus aontachtach, aghaidh ar a chéile a fhad is a bhí an móramh tostach balbh, thug sé le fios go bhfuil gangaid faoin dromchla, go bhfuil an seicteachas beo beathaíoch ar thaobh amháin. Ach ní ceart a rá go mbaineann sé le seicteachas amhain. Tá daoine i bpian cionn is nach bhfuil éalú ón phian atá siad a iompar ar feadh níos mó ná 35 bliain i gcásanna áirithe. Duine a chaill a dhearthair óg ionúin nuair a mharaigh an tIRA é, nó an duine a chaill a dhearthair óg ionúin nuair a maraíodh é le linn do a bheith gníomhach san IRA céanna.

Máthair na cointinne

An rud a bhí ina chnámh spairne ag aontachtaithe ná go bhfaigheadh gaolta daoine a maraíodh le linn dóibh a bheith i ngrúpaí paraimíleatacha an t-airgead chomh maith le daoine neamhurchóideacha. De réir an nuachtáin tuaisceartaigh, the Irish News, fuair teaghlaigh 27 mball de ghrúpaí paraimíleatacha, daoine a maraíodh ó dheas, €15,000 mar ‘acknowledgement payments’ ó rialtas Bhaile Átha Cliath i 2003. Bhí fear amháin ón UVF agus fear eile ón UDA san áireamh. (Maraíodh 85 duine ó dheas le linn na dtrioblóidí).

Tá aontachtaithe ag rá gurb ionann na gaolta agus na ‘sceimhlitheoirí’ nuair atá sé léirithe nach raibh a fhios ag cuid mhór teaghlach go raibh a mac nó a n-iníon ina mbaill de ghrúpa paraimíleatacha. Dá mbeadh a fhios ag cuid acu, stopfadh siad iad dá mbeadh siad in ann a dhéanamh.

Sluaphionós

Is cineál pionóis slua é - na tuismitheoirí, deartháireacha nó deirfiúracha - as peaca an aonaráin. Sin ráite, ní fheicim cén dóigh a leigheasfadh suim airgid an duine, is cuma cén tsuim atá i gceist, le faoiseamh a thabhairt do dhuine atá ag iarraidh faoiseamh intinne.Cinnte, do dhaoine a d’fhulaing, is maith ann an t-airgead mar chúiteamh beag don fhulaingt sin, ach is é nádúr an duine é go mbeidh teaghlaigh ag troid eatarthu féin faoi cad ba chóir a dhéanamh leis an airgead.

Ag cuid de na daoine, is tábhachtaí é fios a bheith acu cad é tharla dá ghaolta agus iad ag iarraidh an cheist is tábhachtaí a fhreagairt, cad chuige ar maraíodh é nó í agus tá moltaí eile sa tuarascáil a thugann aghaidh ar an fhadhb sin. Meastar go gcosnóidh an £12,000 an t-íobartach, £40 milliún, ach tá an Grúpa Comhairliúcháin ag iarraidh £300 milliún eile leis an obair a chur i gcrích.

Coimisiún na hIarmharta

Tá Coimisiún Oidhreachta, nó Coimisiún Iarmharta, á mholadh ag Eames/Bradley a mbeidh Coimisinéir idirnáisiúnta ina chathaoirleach air agus ceithre ghné á n-iniúchadh ag an Choimisiún. Tá cuid acu inmholta, an chuid eile ina chur amú ama dar liom.

Molann Eames/Bradley go mbunófaí eagraíocht úr iniúchta (a new investigative body) a thiocfaidh i gcomharbacht ar an Historical Enquiries Team le 3,000 dúnmharú a fhiosrú. Mura bhfaigheann siad eolas beacht ar chuid ar bith díobh seo, rachaidh na cásanna chuig an Aonad Faighte Eolais (Information recovery unit) a bheas mar chuid den Choimisiún fosta. Iarrfar eolas ar pharaimilitigh agus ar fhórsaí slándála na Breataine. Má tá rud amháin foghlamtha againn le 40 bliain anuas, tá se foghlamtha againn nach n-inseoidh paramiltigh, póilíní, saighdiúirí, polaiteoirí, státseirbhísigh, ach cibé is mian leo. Fanfaidh na rúin is tábhachtaí ina rúin. Níl an tIRA, nó an MI5, nó Oifig Thuaisceart Éireann ag dul a inse rud ar bith a chuirfeadh aiféaltas orthu do Choimisiún ar bith. Fanfaidh an fhírinne fá na dúnmharuithe is conspóidí ceilte go deo na ndeor agus ní bhfaighidh na teaghlaigh an faoiseamh a shantaíonn siad.

Molann an tuarascáil fosta nach mbeidh Fiosrúcháin Phoiblí ann feasta ar dhúnmharuithe conspóideacha ag an am céanna. Moltar £100 million a chaitheamh ar thograí frithsheicteachais. Tá Comhairle Chaidreamh Pobail agus a macasamhail againn le 40 bliain agus is beag difir atá déanta ag ceann ar bith acu. Is é an beart is feidhmiúla ná go dtabharfaí cúnamh praiticiúil do dhaoine a d’fhulaing nó ar bhain tráma dóibh de dheasca na dtrioblóidí.

Ar an drochuair, beidh na bearta praiticiúla caillte sa bhinb le íocaíocht an £12,000.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.