Tuigeadh do Bhreandán de Gallaí ar na mallaibh go mb’fhéidir go bhfuil ailtireacht ar son na mórotrachta curtha i bhfeidhm i dtíortha forbartha. Cé acu, an staighre nó an t-ardaitheoir a ghlacfas tú leis an oifig a bhaint amach? An gá go mbeadh mótarbhealach go doras againn le theacht ar an ghreim ghasta?
Bhí bainis toigh s’againne Deireadh Fómhair s’ chuaigh thart. Deirfiúr liom atá ina cónaí i Meiriceá le sé bliana anuas a phós Poncán agus tháinig slua Poncánach anall leofa mar sin leis an ócáid a cheiliúradh. Agus scaifte níos deise ní thiocfadh leat cuireadh a thabhairt daofa, dream a chleacht an “ná déan nós is ná bris nós”: ag glacadh páirt go huile is go hiomlán ins na gníomhaíochtaí ar fad, ag éirí ní ba ghaelaí ná na Gaeil iad féin. Creidim gurb é an rud atá mé ag iarraidh a rá, nó gur ól siad a seacht sáith.
Anois, tá mise i dtír s’acusan faoi láthair, agus ag imeacht domh, chuir mé suas ar facebook go raibh mé ar mo bhealach anonn. Bhí sé suimiúil go ndúirt bean de lucht na bainise “fáilte go tír a bhfuil bóithre ann atá níos leithne ná leithead carr amháin”. Girseach atá inti atá múinte agus galánta ar fad, agus tá mé cinnte go raibh a teanga dingthe go maith ina pluc aici agus í á rá, agus nach raibh sí ag déanamh an rud tipiciúil Meiriceánach sin “tá achan rud níos mó agus níos fearr i dtír s’againne”, ach tchímse go bhfuil sé iontach na rudaí a fheiceann daoine bua iontu.
Tá mé in Orlando faoi láthair, in óstán deas le seomraí móra, idirlíon saor in aisce, bricfeasta álainn, seomra aclaíochta agus beár. Tá sé 25 céim Celsius agus tá mé i ndiaidh a theacht as Éirinn – sioctha!, agus Nua-Eabhrac – níos sioctha arís (lúide 10), agus mheasfá leis an chlú atá ar Florida nach mbeadh áit níos áille le fáil fán am seo den bhliain. Ach tá mé ligthe síos. Tá an t-óstán ar chrosbhealach gnóthach agus thart fá 100 méadar ar shiúl, tá mórbhealach ar chosa taca a bhíonn plódaithe i dtólamh le gluaisteáin agus le leoraithe ag gearradh suas is anuas. Níl le cluinstint i mo sheomra leapa ach tormán tráchta i rith an ama.
Tá lár an bhaile, ó tharlaíonn sé, iontach cóngarach. Shiúlfá i deich mbomaite é. Mothaím leochaileach agus mé ag fágáil an óstáin i mo dhiaidh mar nár thóg siad an chathair seo agus bipeds ar intinn acu. Tá achan bhóthar ollmhór agus ar bhealach, níl fáilte romhat amuigh faoin spéir muna bhfuil tú i gcarr. Nuair a shroichim croílár na cathrach, feicim go bhfuil sé deas nua-aimseartha, le scoth na hailtireachta le bheith réasúnta. Tá sé glan agus tírdhreachtaithe go deas. Níl mórán carranna le feiceáil - tá na bealtaí glan. Ach le bheith ionraic, tá rudaí giota beag róshuaimhneach fá choinne cathair iomráiteach mar seo. Níl mórán daoine amuigh ar na sráideanna agus go díreach corrdhuine istigh sna Starbucks ag ól grande chai-tea Lattes. Tá seo i bhfad róchiúin. Cá bhfuil na daoine uilig? Scoith céad míle carr mé ar mo bhealach anseo. Cá bhfuil na daoine a bhí iontu? Shílfeá nach bhfuil croí nó anam ar bith ag an áit.
Ag a cúig a chlog ar an phointe, líontar na sráideanna le cnap carranna. Caithfidh sé go bhfuil achan duine ag obair istigh sna ilstóraigh spéire thart orm. B’fhéidir go dtiomáineann siad ó na bruachbhailte ar maidin; fanann siad san oifig ag am lóin; agus pilleadh ar ais chuig na bruachbhailte i ndiaidh am oibre.
Chuir seo ag smaointiú mé. Is maith liomsa cathracha a bhfuil daoine ina gcónaí iontu agus ní an cineál atá ann le gnó amháin a dhéanamh. Má imíonn daoine amach go dtí na bruachbhailte, fágtar ina ndiaidh scáilbhaile leadránach. Tá daoine riachtanach le beocht agus cuisle a thabhairt d’áit, ach caithfidh siad gan é a thréigean a luaithe is atá an lá oibre thart. Diomaite de Nua-Eabhrac, Chicago agus a leithéid, tá go leor cathracha sna Stáit Aontaithe mar seo. Cuirfear oifigí isteach in ilstóraigh agus bainfidh an lucht oibre feidhm as ardaitheoirí in áit staighre. Feidhmíonn na mórbhealtaí mar dhúnfoirt thart ar na bailte seo ag cur cosc le siúl nó le haclaíocht de chineál ar bith. Tá na bailte leagtha amach sa dóigh is go mbíonn an carr riachtanach. Níl siad cruthaithe sa dóigh is go mbeadh cónaí iontu tarraingteach. Mar gheall ar seo, tá carrspleáchas an duine i gceist. Ní hiontas ar bith go bhfuil an mhórotracht ina fadhb sa tír.
Is iad na rudaí beaga a choinníonn aclaí agus caol muid. Staighre in áit ardaitheoirí; muna bhfuil sé i bhfad ar shiúl – fág an carr i do dhiaidh agus siúl, ach an cineál seo iompar a chur i bhfeidhm go seasta.
Sin rud nach bhfuil mórán fágtha de i dtíortha eile – na bealtaí beaga casta. Cosúil le hachan duine eile, beadh dúil agam a bheith ábalta dul ar charrbhealach dúbailte as Baile Átha Cliath díreach go Leitir Ceanainn. Chuirfinn suas leis na bóithríní an chuid eile den bhealach chun an bhaile go Gaoth Dobhair, ‘fhad agus a bheadh siad sábháilte. Ach caithfimid a bheith cúramach nach n-íosfaimid suas an taobh tíre ar fad le hautobahn i ngach cearn.