Buaiteoirí Comórtas Mhí Eanáir
An Cheist: Cén áit sa Spáinn a bhfuil an foilsitheoir Gemser lonnaithe?
Na Buaiteoirí:
Aonghus Ó hAlmhain, Co. Chill Mhantáin
Karen Trundle, New Orleans
An Duais:
1.
Eileanór an Eilifint Éagsúilleabhar agus CD le Eric Drachman, maisithe ag James Muscarello,leagan Gaeilge le Tadhg Mac Dhonnagáin
Tá Eileanór an eilifint bheag ag iarraidh ceol a dhéanamh lena trunc, cosúil leis na heilifintí eile ar fad. Ach níl aici ach glór beag lag. Agus anuas air sin, tá easóg chrosta ag troid léi! An éireoidh léi a glór féin a fháil agus ceol breá láidir a dhéanamh?
Tadhg Mac Dhonnagáin, scríbhneoir Gugalaí Gug! a rinne an leagan Gaeilge den chlosleabhar álainn seo. In éineacht leis ar an CD tá ceathrar aisteoir as Conamara – Caitlín Ní Chualáin (láithreoir le RTÉ Raidio na Gaeltachta a chualathas cheana ar Gugalaí Gug!) agus triúr aisteoirí óga – Aoife Ní Nualláin Ní Thuathail (12), Caoimhe Ní Choisdealbha (10) agus Oisín Ó Fátharta (8).
ISBN: 978 – 0-9550983-3-834 lth, lándaite, 310 x 240mm, clúdach crua agus forchlúdach.Aoisghrúpa: 3 - 7Dáta foilsithe: 9.06.2008
Luach: €13.95 (CBL san áireamh)
2.
Frog sa Spéirleabhar agus CD le Eric Drachman, maisithe ag James Muscarello,leagan Gaeilge le Tadhg Mac Dhonnagáin
Is frog speisialta é Frainc. Níl sé sásta a bheith ag snámh. Ag iarraidh eitilt atá sé! Deir Mamaí agus Daidí leis nach bhfuil frog ar bith in ann eitilt – ach meas tú an gcuirfidh sé sin stop leis?
Tadhg Mac Dhonnagáin, scríbhneoir Gugalaí Gug! a rinne an leagan Gaeilge den chlosleabhar álainn seo. In éineacht leis ar an CD, tá beirt aisteoir as Conamara – Caitlín Ní Chualáin (láithreoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta, a chualathas cheana ar Gugalaí Gug!) agus Oisín Ó Fátharta (8), i bpáirt Frainc, an frog a bhí ag iarraidh eitilt.
ISBN: 978 – 0-9550983-4-534 lth, lándaite, 310 x 240mm, clúdach crua agus forchlúdach.Aoisghrúpa: 3 - 7Dáta foilsithe: 9.06.2008
Luach: €13.95 (CBL san áireamh)
Tá Beo! an-bhuíoch de Tadhg Mac Dhonnagáin, Futa Fata, An Spidéal, Co. na Gaillimhe as ucht na duaiseanna seo a chuir ar fáil. Tuilleadh eolas ag 091-504612/087-9037779 www.futafata.com