Seo chugainn an ‘ríomhlitríocht’ agus chuaigh Diarmaid Mac Mathúna ina bun cheana féin. Nochtann Diarmaid a thuairim féin linn san alt thíos ar áiseanna léitheoireachta atá ar an margadh ag dhá chomhlacht cheana féin, mar atá, an Sony Reader agus an iPhone.
![Íomhá](pics/16096.jpg)
![Íomhá](pics/16097.jpg)
An léifeá leabhar ar líne? Níor cheap mé féin go ndéanfainn a leithéid riamh. Ar eagla na míthuisceana, is breá liom ríomhairí, ach cheap mé go mbeadh sé amaideach leabhar a léamh ar ríomhaire. Caithim am go leor os comhair ríomhaire san oifig - agus bíonn sé sin crua go leor ar na súile gan a bheith ag dul sa tóir ar ‘ríomhleabhair’ (nó ‘ebooks’) mar a thugtar orthu.
Tá mo dhearcadh ar an gceist athraithe ar fad anois. Bhí seans agam triail a bhaint as Sony Reader (http://www.learningcenter.sony.us/assets/itpd/reader/) an lá cheana agus is álainn an píosa teicneolaíochta é. Tá sé breá bog ar na súile agus tá an scáileán i bhfad níos cosúla le gnáthleathanach páipéir ná scáileán geal an ríomhaire. Leis an gclúdach deas leathair agus dath airgid air, tá cuma iontach ar an ngléas freisin. Tá sé an-éasca a úsáid - ní gá ach cnaipe amháin a bhrú chun na leathanaigh a chasadh sna ríomhleabhair atá air cheana féin.
Ar ndóigh, níl Apple rófhada taobh thiar de Sony agus is féidir an iPhone a úsáid chun ríomhleabhair a léamh freisin. Is áis bhreise é seo atá curtha ar fáil tríd ‘Stanza’. Is ‘App’ nó clár ríomhaireachta beag an ‘Stanza’ agus tá sé saor in aisce. Tá an téacs breá soiléir i leabhair a léitear ar an iPhone freisin - ach chun an fhírinne a rá, tá sé beagáinín beag dian ar na súile mórán a léamh ar an iPhone toisc go bhfuil an scáileán chomh geal sin.
Agus má tá leabhar atá as cóipcheart á lorg agat, is féidir é a íosluchtú saor in aisce ó shuíomh ar nós Feedbooks (http://feedbooks.com/) nó Project Gutenberg (http://www.gutenberg.org/wiki/Main_Page). Má tá ríomhleabhair níos nua uait is féidir leat iad a cheannach ar líne freisin - ach cosnaíonn siad timpeall an méid céanna leis an ngnáthleabhar féin.
Cé go bhfuil na gléasanna seo an-éasca a úsáid nuair a bhíonn leabhar faoi leith á léamh agat, tá laige mhór amháin iontu: níl sé éasca leabhair nua a chur ar na gléasanna seo. Bhuel, is féidir é a dhéanamh, má tá taithí agat ar íosluchtú ar an idirlíon agus ar ghléasanna USB a cheangail le do ríomhaire. Ach tá a lán daoine ar mhian leo léitheoir ríomhleabhair a bheith acu, ach nach bhfuil taithí ar PCs go ginearálta acu - agus ar shlí, is margadh é sin atá á chailleadh ag Sony faoi láthair.
Ceist eile atá á cur ag daoine, cad atá cearr le gnáthleabhair? Fiú agus daoine ag taisteal go rialta, is beag an t-ualach é leabhar le léamh ar an turas. Ach má leanann leithéidí Ryanair ar aghaidh ag gearradh siar ar bhagáiste, b’fhéidir amach anseo go mbeidh cosc iomlán á chur ar bhagáiste láimhe agus go mbeimid ag tabhairt leabharlann linn i bhfoirm leictreonach chun ár leabhair a choinneáil faoi cheilt!
Tá an leagan Windows den ghramadóir "Ceart" a fhoilsíonn Diarmaid ar fáil ar an suíomh www.cruinneog.com, agus tá an litreoir GaelSpell ar fáil ón suíomh céanna freisin.