Cartlann
Líon alt a bhfuil an t-údar seo luaite leo: 44
Íomhá
Eagrán 100, Lúnasa 2009
CÚINNE NA nEALAÍON
Pat Butler

Chuaigh Pat Butler chuig an Antichrist, chonaic, agus chuir sé fainic anseo thíos ar gach éinne againn. Má théann tú ann, a deir sé, ar do cheann féin bíodh sé! B’fhéidir go dtiocfá ar dhearcadh saoil níos dearfaí i measc rogha na nDVDanna i ndeireadh an ailt.

»»»
Íomhá
Eagrán 99, Iúil 2009
CÚINNE NA nEALAÍON
Pat Butler

Ná bí ag caint ar Film Fleá na Gaillimhe ná ar Ghuth Gafa na gConallach ná ar a dhath mar iad. Ag bun thuas an domhain ó dheas a bhí Pat Butler ag scagadh na scannán an iarraidh seo! D’fhreastail sé ar Fhéile Scannáin Sydney, mura mhiste leat.

»»»
Íomhá
Eagrán 98, Meitheamh 2009
CÚINNE NA nEALAÍON
Pat Butler

Chomh maith le bheith ag déanamh cúraim de ghloine fíona thall i Londain, d’fhreastail Pat Butler ar sheoladh scannáin a mheabhródh friotal Chré na Cille do dhuine, “Pléascfaidh mé! Pléascfaidh mé”. ‘Voy a Explotar’ le Gerardo Neranjo (2008) a bhí ann.

»»»
Íomhá
Eagrán 97, Bealtaine 2009
CÚINNE NA nEALAÍON
Pat Butler

Cuireann Pat Butler tús an mhí seo le dearcadh isteach ar shaol na físe ar fud an tsaoil mhóir. Tugann Pat é féin míniú ag tús an ailt ar a mbeidh á chíoradh ann.

»»»
Íomhá
Eagrán 96, Aibreán 2009
AR NA SAOLTA SEO
Pat Butler

Ghrinnigh Pat Butler fíricí na cáinaisnéise inné agus bhreac roimhe mar a nocht an scéal i rith an tráthnóna. Beidh Mícheál Ó Máirtín saighdte amach chun tosaigh os comhair na meán leis an aoibh is fearr agus dea-leagan an rialtais a chur abhaile ar chách.

»»»
Íomhá
Eagrán 82, Feabhra 2008
CÚINNE NA nEALAÍON
Pat Butler

Is breá le Pat Butler saothar an scannánóra Ang Lee agus ní haon eisceacht an scannán is déanaí uaidh.

»»»
Íomhá
Eagrán 77, Meán Fómhair 2007
CÚINNE NA nEALAÍON
Pat Butler

Stiúrthóir scannán non pareil ab ea Ingmar Bergman agus mairfidh a shaothar ina éagmais, dar le Pat Butler.

»»»
Íomhá
Eagrán 75, Iúil 2007
AR NA SAOLTA SEO
Pat Butler

Bhí Pat Butler ar dualgas i ndáilcheantar Dhún Laoghaire le linn chomhaireamh na vótaí ansin in olltoghchán mhí na Bealtaine. San alt seo, tugann sé cur síos ar an atmaisféar a bhí i gceist le linn an chomhairimh sin.

»»»
Íomhá
Eagrán 71, Márta 2007
CÚINNE NA nEALAÍON
Pat Butler

Fuair Pat Butler deis an scannán Images (1972) le Robert Altman, an stiúrthóir a fuair bás i mí na Samhna, a fheiceáil i mBaile Átha Cliath arís le déanaí. Tugann sé a léamh féin ar an scannán agus ar Altman mar ealaíontóir san alt seo.

»»»
Íomhá
Eagrán 64, Lúnasa 2006
AR NA SAOLTA SEO
Pat Butler

Sa tríú halt seo dá shraith faoi Fhianna Fáil, féachann Pat Butler ar an méid atá tar éis titim amach sa pháirtí ó na seascaidí go dtí an lá atá inniu ann.

»»»
Íomhá
Eagrán 63, Iúil 2006
AR NA SAOLTA SEO
Pat Butler

Sa dara halt seo de thrí cinn, féachann Pat Butler ar a méid a thit amach do pháirtí Fhianna Fáil ó bhlianta an Dara Cogadh Domhanda go dtí teacht chun cinn Chathail Uí Eochaidh sna seascaidí.

»»»
Íomhá
Eagrán 62, Meitheamh 2006
AR NA SAOLTA SEO
Pat Butler

Féachann Pat Butler siar ar bhlianta tosaigh Fhianna Fáil, agus an páirtí ag ceiliúradh ceithre scór bliain ar an bhfód i mbliana.

»»»
Íomhá
Eagrán 61, Bealtaine 2006
AR NA SAOLTA SEO
Pat Butler

Féachann Pat Butler ar na tuairiscí a bhí le fáil sna meáin chumarsáide mar gheall ar dhúnmharú Denis Donaldson an mhí seo caite.

»»»
Íomhá
Eagrán 60, Aibreán 2006
AR NA SAOLTA SEO/AN EORAIP
Pat Butler

Féachann Pat Butler siar ar shaol “Bhúistéir na mBalcán”, Slobodan Milosevic, a cailleadh sa Háig an mhí seo caite.

»»»

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.

Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.