Sa dara halt seo de thrí cinn, féachann Pat Butler ar a méid a thit amach do pháirtí Fhianna Fáil ó bhlianta an Dara Cogadh Domhanda go dtí teacht chun cinn Chathail Uí Eochaidh sna seascaidí.
Bhí a lá fán ngrian ag Dev tar éis dó uasal le híseal a dhéanamh le Churchill leis an gcraoladh cáiliúil inar thug sé freagra ar an seanmheisceoir. Ba chliste a thagairt mhagúil do Churchill bheith “in the first flush of victory” nuair a labhair sé ar an BBC.
Bhí tréith fhoirfe ghrinn in Dev, rud nach n-aithnítear go minic. Fad a bhí Dev fán spotsolas lár stáitse, bhí glúin óg náisiúnaithe anois ar na cliatháin a mheas nach raibh an toil ná an fuinneamh fágtha i bhFianna Fáil chun tabhairt faoin “National Question” a raibh Martin Corry chomh tógtha san leis go lá a bháis.
Thug an Cogadh sonc ar aghaidh do dhreamanna éagsúla easaontais, ina measc Ailtirí na hAiséirí de chuid Ghearóid Uí Chuinneagáin. Bhí claontaí faisisteacha iontu, macalla na haoise. “An Náisiún Gaelach” buacach, b’in a bhí uathu. Chun an aidhm sin a bhaint amach, dhéanfaidís saol iomlán Gaelach a chruthú ar bhonn pearsanta laethúil.
Bheadh cosc iomlán ar Bhéarla sa teaghlach. Ní labhrófaí ach Gaeilge amuigh sa saol. Is iomaí giolla ticéad bus agus traenach a náiríodh nuair nár thuig sé an Ghaeilge. An teoiric a bhí laistiar den bhfeachtas seo acu ná go rabhadar lándáiríre faoi aidhm an Stáit i leith athbheochan na Gaeilge, agus go ndéana Dia trócaire ar aon ísleachán oifigiúil nár thuig chomh dáiríre is a bhíodar!
Teoiric mhaith, toradh truamhéalach uirthi. Ba mhó an líon daoine a chasadar go paiseanta i gcoinne na Gaeilge ná mar a mhealladar riamh ar bord leo. Níor chabhraigh an mana a bhí intuigthe i gcónaí – “an Ghearmáin Good, Sasana Bad”. Níor chabhraigh ach oiread an ciníochas frith-Ghiúdach a bhí le sonrú i gcuid dá bhfoilseacháin.
Nuair a bunaíodh Clann na Poblachta, mealladh a lán “ailtirí” a raibh fócas polaitiúil de dhíth orthu isteach sa pháirtí nua. Iar-Cheann Airm an IRA, Sean McBride, a bhí i gceannas air. Mac an Mhaoir Airm John McBride, a “drunken vainglorious lout” a
claochlaíodh, dar le Yeats, i gClós fuilteach an tSaor Cloiche i gcarcair Chill Mhaighnean. Bhí Clann na Talún ar an bhfód chomh maith. Sinn Fein imeallaithe, anois go raibh an neamhláithreachas ina dhlúthphrionsabal, seachas ina pholasaí acu. Bhí Dev i gcumhacht go leanúnach anois ar feadh sé bliana déag. Thug an pobal bata agus bóthar dó in olltoghchán na bliana 1948, in ainneoin an borradh suntasach a chuir Fianna Fáil faoi thógáil thithe Bardais agus Chomhairle Chontae. Ní raghadh an borradh sin gan aithint thionscal na tógála, áfach; ní fada go mbeadh an buíochas sin íoctha leis bPáirtí, le hús.
Ach níorbh é ceannaire Fhine Gael, Risteárd Mulcahy, a toghadh ina Thaoiseach. McBride faoi ndear sin. Ní raghadh sé in aon chomhrialtas le Fine Gael dá mbeadh “búistéir an chogaidh chathartha” ina Thaoiseach. Sheas Mulcahy ar leataobh. Tá dath an tírghráthóra curtha ar an mbeart ag Fine Gael ó shin. An fhírinne lom, ghoill sé go mór ar “Dickie Mul”, ach ní raibh an dara rogha aige. John A. Costelloe a ghlac séala na hoifige ón Uachtarán, agus bhí seal mífhoighdeach ag Dev ar bhinsí an Fhreasúra.
Má bhí mífhoighid ar Dev, is cosúil nach raibh a chuid iarairí sinsearacha – Lemass, Mac an tSaoi, ná Frank Aiken – ag cothú iomarca tinnis dó, bíodh is gur i bhfad ó theas na cumhachta ar chúlbhinsí an Fhreasúra a fágadh iad. Ar bhealach, is trua sin. Deir John A. Murphy, le hiarracht den gceart aige, go raibh seal Dev mar pholaiteoir / státaire tugtha fá thús na gcaogaidí. Ní raibh ceachtar den dá phríomhaidhm náisiúnta – athaontú na tíre agus athbheochan na Gaeilge – bainte amach aige agus bhí an geilleagar in umar na haimléise.
Ó bhlianta an chogaidh ar aghaidh, thóg plúr na bhfear is na mban óg an bád bán go Sasana. I mo thaithí féin, ní raibh oiread agus teaghlach i gCorcaigh nach raibh duine nó beirt as ag saothrú le Fords in Dagenham Essex. Thagaidís abhaile don Nollaig, puntaí na Banríona á gcaitheamh timpeall acu sna tábhairní amhail is gur choinfití ag bainis a bhí sna pócaí acu. Gheibhimísne, na páistí, pacaí “Spangles” agus “Gems” uathu, milseáin nach raibh díol ná fáil orthu abhus. Tuin bhreá Chocnaí ag chuile dhuine díobh, ag fiafraí dínn, “Ave ye bin oiver, mait?”
Má chuir “Scéim Máthair is Leanbh” Noel Browne caidhp an bháis ar chéad chomhrialtas Fhine Gael – bachall John Charles McQuaid “ag treascairt an tslua is ag tuargain treon” i measc Fheisirí faona ar dhá thaobh na Dála – fáiltíodh arís roimh Fhianna Fáil Dev in olltoghchán na bliana 1951. Is trua nár léigh Dev ina chroí istigh go raibh an deis cheart anois aige chun éirí as a Thaoiseacht agus a cheannaireacht ar Fhianna Fáil. Bhí polasaithe geilleagracha Lemass fadbhreathnaitheach, ach tháinig coimeádachas sóisialta an Rialtais idir é agus an beart a scaoilfeadh laincisí bhlianta an éadóchais, an ceann fé, agus meon tánaisteach an iarchoilíneachais eacnamúil a bhí ionainn go léir an tráth sin. Ná deinimis dearmad go raibh láithreacht thuarach Dev (cad déarfadh “an fear fada?”) ag oibriú mar choscán neamhráite ar chuile shaghas nuaíochta, ar chuile shórt dul sa tseans. A bhuíochas san dá stuaic, agus is in olcas a d’imigh cúrsaí. Bhí sruth na himirce ina thuile bhuí faoi 1954. Bhí Fianna Fáil as cumhacht arís.
An corpán ag corraí
Bhí cúig bliana is seachtó ag Dev nuair a bhain sé cumhacht amach arís sa bhliain 1957. Ní chuirfí aon cheangal ar Lemass an babhta seo. Sheol sé an Chéad Chlár um Fhorbairt Gheilleagrach i 1958. Leagadh na fáil chosanta thar oíche agus chorraigh corpán a bhí fada ina shuan. Mealladh tionscail thar farraige anall le deontais agus pacáistí fabhracha cánach. Bhí borradh nua san aer, agus cad a rinne m’athair Pat, an fear sa gharda onóra le Dev in athshealbhú na gcalafort cabhlaigh ar Inis Pic i 1938, ach a chéad ghluaisteán – carr athláimhe, Ford Prefect, uimhir DPI 206 – a cheannach.
Fad a bhí sinne ag tréigint bhus Bhun an tSábhairne agus thraein Eochaille, an bóthar go hiarthar Chorcaí agus go Ciarraí féin anois faoinár rothaí, tháinig Seán Lemass i gcomharbacht ar Dev faoi dheireadh sa bhliain 1959. Chuir an pobal Dev chun na Páirce mar Uachtarán an bhliain sin leis, ach cheil siad díbhunú an chórais PR ar Fhianna Fáil sa reifreann a cuireadh chucu an lá céanna. Críonnacht na muintire, gan cheist – sa dara beart, pé scéal é!
Nach sinne a bhí soineanta agus bua na muintire á cheiliúradh againn. Cúpla bliain roimhe sin tháinig grúpa de thógálaithe agus cuntasóirí le chéile, fir airgid, chun tacaíocht a thabhairt d’Fhianna Fáil.
An cuspóir a bhí acu ná Fianna Fáil a choimeád i gcumhacht go deo na ndeor. Dhein Fianna Fáil “an rud ceart” ina leith, thógadar lear mór tithe poiblí.
Ghlanadar amach na slumaí ba lofa, ceann i ndiaidh a chéile. An loighic shimplí a bhí ag an ngrúpa seo ná, “an rud a bhí go maith don tógálaí, bhí sé go maith d’Fhianna Fáil; is an rud a bhí go maith d’Fhianna Fáil bhí sé go maith don tír”. Féinchothú agus tírghrá ar lámha a chéile. Bhí Matt Gallagher, tógálaí, is a chairde chun tosaigh sa ghrúpa. Fir mar Des Traynor, cuntasóir Matt Gallagher, chun tosaigh leo chomh maith.
Chloisfí an dá ainm sin arís amach anseo. Is ait í an abhainn gan tobar. An t-ainm a thugadar orthu féin ná TACA.
Ó hEochaidh
Bhí fear óg eile ar na cliatháin pholaitiúla an tráth sin leis. Cuntasóir eile. Mac Óglaigh a chuaigh mar Oifigeach in Arm an tSaorstáit i 1922. Cathal Ó hEochaidh ab ainm dó. Nuair a roghnaigh Gallagher agus Traynor an fear lasrach éirimiúil seo mar shiombail ar an Éire nua a bhí á chruthú acusan, Gile Mear Éire nua na sainte agus an rachmais, bhí marc cinniúnach curtha acu ar scéal Fhianna Fáil sa dara leath den bhfichiú haois, marc nach bhfaighimis amach faoi go ceann daichead bliain eile.
San idirlinn, bhí rath ar rialtas mionlaigh Lemass ar shála olltoghchán na bliana 1961. Thóg sé fir óga uaillmhianacha isteach sa Rialtas leis – Brian Lenihan, George Colley, Donogh O’Malley, Patrick Hillary agus, sea, céile a iníne Maureen, Charles Haughey. Bhí borradh faoin ngeilleagar, é ag fás 4% in aghaidh na bliana. Rath ar an dtír faoi dheireadh. Dhíol Pat, m’athairse, an Ford Prefect i 1963 agus cheannaigh Ford Cortina Mark 1 úrnua i gCorcaigh agus an Clár um Fhorbairt Gheilleagrach á sheoladh ag Sean Lemass i mBaile Átha Cliath. Idir theilifís RTÉ agus chuairt an Uachtaráin Uí Chinnéide ar Éirinn, bhíomar déanta suas ar fad. Ghairm Donogh O’Malley an Scéim Saor-Oideachais Iar-bhunscoile i 1966, agus bhí an chuma ar chúrsaí ná mbeadh lá gann arís ag éinne, anois go raibh “báid uilig Lemass ag ardú ar an taoide”.
Bhris Lemass an tost fada fuar idir Baile Átha Cliath agus Béal Feirste. Bhí rath ar na teagmhálaithe sin go dtí go dtáinig ceiliúradh buacach na Cásca i 1966 idir Terence O’Neill agus a chara i dTeach Laighean. Má bhí fuacht san aer ar feadh tamaillín eatarthu, ní raibh ann ach réamhaisnéis ar an gcíor thuathail a bhí le teacht. D’éirigh Lemass as oifig agus as ceannaireacht Fhianna Fáil i mí na Samhna 1966. Deireadh ré. Tús ré eile.
Sular éirigh pluais Lemass fuar ar a imeacht, bhí na leoin óga i ngleic mharfach lena chéile faoi chraobh cheannaireacht Fhianna Fáil. Agus faoin sméar mhullaigh a d’imigh leis an onóir sin – Taoiseacht Éireann.
Nochtadh pór eile ar fad polaiteora de dheasca ghlámaireacht na mboc óg, pór nach n-aithneodh seanfhondúirí ar dhul Martin Corry, is nach sásódh iad ach oiread.
Críochnófar an triptych seo in eagrán na míosa seo chugainn de Beo!, fán dteideal: “Fianna Fáil – mar a bheas go brách le saol na saol ...?”
Is as Corcaigh ó dhúchas é Pat Butler. *Is craoltóir le RTÉ agus Stiúrthóir Scannán é. *
Bhuaigh sé Iriseoir Teilifíse na Bliana i nGradaim Náisiúnta na Meán i 1998 dá scannán “Ballyseedy”. *Sa bhliain 2000, bhuaigh sé Gradam Cumarsáide an Oireachtais - Teilifís do “Kilmichael”. Scríobhann sé colún míosúil don nuachtán Foinse.*