AR NA SAOLTA SEO
An tallaí agus an toghchán
Pat Butler Pat Butler

Bhí Pat Butler ar dualgas i ndáilcheantar Dhún Laoghaire le linn chomhaireamh na vótaí ansin in olltoghchán mhí na Bealtaine. San alt seo, tugann sé cur síos ar an atmaisféar a bhí i gceist le linn an chomhairimh sin.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Sean Barrett: chaith sé €60,000 ar a fheachtas
Íomhá
Richard Boyd-Barrett: an bhfaighidh sé an ceann is fearr ar Chiarán Cuffe an chéad uair eile?

Thit na páipéir amach ina sruth leanúnach, bosca i ndiaidh a chéile. Coinfití na mbrionglóidí. Toirneach fholamh na mboscaí ballóide ar urlár halla na coimhlinte. Arm an Chinn Comhairimh ar dualgas. Naoi a chlog ar an Aoine, 25 Bealtaine 2007, Ionad Fóillíochta Bhaile Uí Lachnáin.

Bhí an ceart ag PJ Mara. Más showtime é forógra an olltoghcháin, is é seo amharclann an tslada. Beidh fuil ar an dtalamh roimh thitim na hoíche.

Ní chaillim oscailt na mboscaí riamh, bíodh is nach mbím ar an aer go dtí a dó. An é boladh na fola a tharraingíonn gach uair mé, nó fiosracht, nó an bhfuil iarracht den voyeurism i gceist? Ní fheadar.

Faoi leathuair tar eis a naoi, tar éis dhá sheáp a thabhairt timpeall an halla, tá ar mo chumas na chéad trí suíochán a ainmniú. Táim réasúnta cinnte faoin gceathrú ceann agus cuirfead ainm leosan atá san iomaíocht don gceann deireanach.

Sin go léir in ainneoin nach dtosófar ar an gcéad chomhaireamh go dtí a dó dhéag. Míorúilt? Ní hea, ná baol air. Gaois agus taithí na mblianta? I leith an dá shuíochán deiridh, b’fhéidir. Ach, le bheith macánta, níl ann dáiríre ach an toradh a bhíonn ar shampla amháin den bhfeiniméan a aithnítear mar “an Irish solution to an Irish problem”. Tagairt cháiliúil CJ Haughey don leasú a bhí á mholadh aige siúd ar an dlí, leasú a thabharfadh cead do phoitigéirí coiscíní a sholáthardo lánúineacha pósta amháin – ar oideas!

Is fada ó Ré Dhorcha na n-ochtóidí anois sinn, buíochas le Dia.

Mar nach bhfuilimid dulta leis an vótáil leictreonach, caithfear vótaí a chomhaireamh de láimh. Chun vótaí a chomhaireamh de láimh, caithfear iad a oscailt amach. Má osclaítear amach gach ceann díobh i bhfianaise an phobail, agus má leagtar ceann i ndiaidh a chéile ar an mbord agus iad iompaithe i dtreo an phobail sin, beidh ar chumas an lucht féachana sa halla grianghraf an-chruinn d’fháil ar an mballóid ach nótaí a thógaint. Marc amháin a chur os comhair ainm gach iarrthóra ag freagairt do gach “uimhir a haon” a fhaigheann sé/sí.

Is é an comhoibriú neamhráite sin idir oifigigh an chomhairimh agus an pobal a thugann an tallaí dúinn. Agus mar nach bhfuil aon riail ina choinne, tarlaíonn amhlaidh.

Bail ó Dhia freisin ar chuid de na diabhal réitigh Ghaelacha sin!

Ní minic riamh go mbíonn níos mó ná 1% idir an tallaí neamhoifigiúil agus toradh beacht an chéad chomhairimh. Sin é an fáth go mbíonn ar mo chumas na chéad trí suíochán a “líonadh”, mar a déarfá, faoi cheann leathuair an chloig ó oscailt na mboscaí.

Ní gá dom féin nótaí a bhreacadh - sin obair fhir thallaí na bpáirtithe polaitiúla. Níl le déanamh agamsa ach siúl tharstu, ag féachaint ar na páipéir thallaí. Tar éis dhá gheábh timpeall an halla, faighim léamh ar an treocht.

Ainmhí faoi leithTráth dá raibh, b’ainmhí ar leith é an fear tallaí. Fear, gan amhras, a dheineadh an obair seo tráth. Bolg mór crochta thar choim an bhríste. Toitín ina bhéal. Peann luaidhe i lámh amháin aige, cúl an bhosca Woodbines sa lámh eile. Sup de pheann luaidhe eile mar chúltaca ar a chluas, san áit ina dtosaíonn, nó, más ciotóg é, san áit ina gcríochnaíonn an cíorthrasna.

A thiarcais, ach nach bhfuil a seal siúd tugtha ar na saolta seo. Anois bíonn an biro Armani in áit pheann luaidhe Paddy Power. Páipéir thallaí phriontáilte in áit an bhosca Woodbines. Sruth leanúnach de na páipéir chéanna á dtabhairt ag reathairí sealaíochta chuig “an gCeann Tallaí”, ard-draoi na bhfigiúirí, suite lena acolytes os comhair altóir na teicneolaíochta.

Cuntasóir le ríomhaire, más fearr leat mar sin é.

Gach deich nóiméad nó mar sin, teilgeann an printéir calóga móra bána amach. Tá staid na n-iarrthóirí agus na bpáirtithe araon le léamh ar na bileoga eolais seo. Timpeall ar bhord Cheann an Tallaí briseann “clibirt-na-meán” ceart amach. Tá lucht raidió ag únfairt is ag anfairt ar nós fhoirne Chorcaí agus an Chláir sa tollán i nDúrlas Éile. Ag iarraidh an ceann is fearr d’fháil ar a chéile. Cé a bheidh chun tosaigh ar an aer leis na figiúirí is déanaí? Newstalk 106? 108 FM? RTÉ Raidió a hAon? Raidió na Gaeltachta?

Bíonn lucht teilifíse níos réchúisí. Ní gá an fuadar céanna. Bíonn an teilifís ar a laghad leathuair an chloig taobh thiar den raidió i gcónaí pé scéal é. Agus fiú nuair atá scúp agat, bíonn ort seasamh sa scuaine fhada d’iriseoirí ó na hionaid chomhairimh eile, scuaine leictreonach, ar bís lena scéalta féin a chur ar an aer. Ach bíonn ort fanacht ar an teicneolaíocht, nó, ar uairibh, ar bhreithiúnas polaitiúil an stiúrthóra stiúideo.

Is minic gur fada an feitheamh céanna.

Bíonn teanga dá gcuid féin ag iriseoirí nuair is iad na figiúirí tallaí atá á bplé acu ar an aer. Má chloiseann tú a leithéid seo – “Tá an chosúlacht ar an scéal ag an bpointe seo”, nó, “de réir na bhfigiúirí tallaí”, nó “táthar á rá go dtoghfar Mary Halpin ar an gcéad chomhaireamh agus go mbeidh a lá ag Barry Andrews agus Eamon Gilmore chomh maith” – glac leis go bhfuil an triúr acu ar an dara gloine seaimpéin cheana féin – go príobháideach, pé scéal é. Más ar an teilifís a chloistear sin, seans gur ar an tríú gloine, nó, déanta na fírinne, ar a gcaid iomlán atáid!

Sa chás áirithe seo – comhaireamh na vótaí i ndáilcheantar Dhún Laoghaire – faoi leathuair tar éis a naoi feictear dom go dtoghfar Mary Halpin le móramh mór os cionn an chuóta ar an gcéad chomhaireamh. Beidh Barry Andrews ar a sála. Toghfar Eamon Gilmore sa tríú háit. Beidh suíochán arís ag Fine Gael ina seandúnfort. Náiríodh ann iad sa bhliain 2002, nuair a theip glan orthu oiread agus suíochán amháin a bhuachaint i ndáilcheantar seo na seanmheasúlachta.

Faoin a deich a chlog tá Sean Barrett chun tosaigh ar a chomhghleacaithe Eugene Regan agus John Bailey. Fear an airgid, an tUasal Bailey sin. €60,000 caite aige ar fheachtas aonair poiblíochta. Beart, i measc a lán eile, nár chothaigh cion ná meas na gcomhghleacaithe. Cogar leis faoi litir a seachadadh go déanach san oíche ag tabhairt le fios gurbh é an tUasal Bailey rogha an pháirtí “sa cheantar seo”, ag áiteamh ar dhaoine “d’uimhir a haon a thabhairt dó”. Ahem.

Arbh fhiú an seasca míle agus fuadar na litreach oíche? Bhuel má leanann an treocht mar atá fud fad an dáilcheantair, gheobhaidh Sean Barrett an ceathrú suíochán agus fágfar John Bailey ag smaoineamh ar conas an bhearna sin idir uaillmhian agus grástúlacht a líonadh.

Beidh cúrsaí níos casta as sin amach. Braithfidh an cúigiú suíochán ar ord imeachta bheirt eile Fhine Gael, agus ar conas a scaipfear farasbarr Barrett idir iad san uile atá fós ar an machaire.

Is léir fiú chomh luath seo san imirt go bhfuil suíochán Fiona O’Malley i mbaol. Agus suíochán Ciarán Cuffe faoi bhrú. Tá éacht déanta ag Richard Boyd-Barrett. Lear fairsing uimhreacha a haon á fháil aige, agus uimhreacha a dó is a trí chomh maith céanna. Ach coimeádaim mo phúdar tirim i gcás an tsuíocháin dheiridh.

Comhaireamh eileFós ag fanacht sa scuaine leictreonach, agus ar bhreithiúnas an léiritheora stiúideo, éalaíonn mo shamhlaíocht an díon amach go láthair chomhairimh eile, i bpríomhchathair na Mumhan, le linn olltoghcháin eile.

An uair a ghéill Máirín Quill a suíochán, beo ar Cork Multichannel, agus d’imigh, lena deirfiúr, abhaile. Deirtear gur sa leaba a bhíodar beirt, déanach amach san oíche agus neartaithe le gloine no dhó jin, ag breathnú ar Bhrian Farrell sa stiúideo. Gan choinne, bhris mé isteach air, ag tuar nach raibh Máirín as an áireamh fós. Nárbh as an mbarda céanna a máthair siúd agus máthair John Kelleher agus nach mbíonn tionchar ag a leithéid ar an gcaoi ina scaipeann na haistrithe? Fiú idir fear Pháirtí na nOibrithe agus bean na nDaonlathach. Bhí Kelleher díreach le cur as an áireamh, agus bheadh seans ann go mbaileodh Máirín vótaí uaidh nach mbeifeá, b’fhéidir, ag súil leo.

Dhein amhlaidh. Ar a dó a chlog ar maidin sheol Máirín agus a deirfiúr isteach i Staid Neptune, amhail dá mba bheirt Lady Bracknell iad. Thóg sí an suíochán, a bhuíochas san d’aistrithe John Kelleher.

Bristear isteach ar mo bhrionglóideacht le scéala ó Ard-Draoi an Tallaí – tá na figiúirí tallaí uilig istigh. Is ábhar bróid dom go bhfuaireas an toradh iomlán ceart, ó fhianaise na bhfigiúirí tallaí amháin, gan oiread agus vóta fós comhartha.

Bhain Hanafin, Andrews agus Gilmore na chéad trí áit. Tar éis do Fiona O’Malley agus Eugene Regan bheith curtha as an áireamh, toghadh Sean Barrett.

D’fhág sin an cúigiú suíochán idir Richard Boyd-Barrett agus Ciarán Cuffe, Boyd-Barrett fós chun tosaigh sular roinneadh farasbarr Barrett.

Sheas FG leis na Glasaigh, ní nach ionadh, seachas le fear Pháirtí Sóisialach na nOibrithe. Fiú agus cóta “People Before Profit” á chaitheamh aige an babhta seo.

Léim Ciarán Cuffe thar Richard Boyd-Barrett agus toghadh é. QED.

Agus mé chomh fada sin chun tosaigh anois, rachad sa tseans uair amháin eile – caillfidh Cuffe an suíochán agus beidh an lá leis an mBaróideach an chéad bhabhta eile.

Feicfimid!

Is as Corcaigh é Pat Butler agus is láithreoir agus tuairisceoir sinsearach é le RTÉ. Ceapadh le gairid é ina Iriseoir Cónaitheach, Scoil na Nua-Ghaeilge, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.