AR NA SAOLTA SEO
Fianna Fáil – mar a bheas go brách …?
Pat Butler Pat Butler

Sa tríú halt seo dá shraith faoi Fhianna Fáil, féachann Pat Butler ar an méid atá tar éis titim amach sa pháirtí ó na seascaidí go dtí an lá atá inniu ann.

Íomhá
Charles Haughey (ar dheis) agus George Colley le chéile
Íomhá
Jack Lynch i 1969
Íomhá
Charles Haughey (ar chlé) le linn Thriail na nArm
Íomhá
Garret Fitzgerald: d'íoc sé go géar as Haughey a mhaslú
Íomhá
Albert Reynolds, comharba Haughey mar Thaoiseach
Íomhá
An mbeidh Bertie Ahern fós ina Thaoiseach i ndiaidh olltoghchán 2007?

Ar imeacht Lemass, dóbair d’Fhianna Fáil scoilt ina dhá leath. Trúpaí na seanluachanna bunchreidmheacha, thógadar an fód, Léigiún an Chúlgharda, i ranga tacaíochta George Colley.

Ar an bpáirc rompu, fá mheirgibh Charles J. Haughey, bhí treallchogaithe na gcultacha móihéir, gadhair nuaghnáis an rachmaiscoileáin fhéindéanta TACA faoi dheifir chun gach deis a thapú ar a son féin, ar son Fhianna Fáil agus, mar a chreid siad féin, “ar son na hÉireann”. Agus ní mór é an t-idirdhealú a tharraingíodar idir trí eilimint na Tríonóide-lú-ná-Naofa sin. Bhí níos mó den mblustar agus den bhféintábhacht le sonrú ar an dream seo, le feiscint ina ngimp agus ina gcur chuige, agus le cloisint sa sórt cainte a tháinig uathu, ná mar a gheobhfá i ranga an fhreasúra inmhéanaigh sna trinsí rompu amach.

Thóg “eitic na seirbhíse poiblí” an pháirc i gcoinne “eitic chraosmhar an mhargaidh”. Tuigim gur leathan é an scuab sin ach tá príomheilimintí na bportráidí sin réasúnta cruinn. Ní beag san nuair is le hainmhí casta ilchosach atá tú ag iomrascáil.

Tháinig an airtléire throm amach (muintir Uí Riain is a leithéid siúd, leagan Fhianna Fáil de “Fhir Liatha” Pháirtí Coimeádach na Breataine) chun aontas na gluaiseachta a chaomhnú. Is gluaiseacht náisiúnta é Fianna Fáil, i dtuiscint na ballraíochta pé scéal é. Labhraíodh le Jack “deas” Lynch. Fear nár shantaigh ceannaireacht Fhianna Fáil riamh. Ba leasc leis dul sa bhfraoch ach níor tugadh an dara rogha dó. Tógadh Jack Lynch, iomaitheoir an chomhréitigh, i gcomharbacht ar Sheán Lemass. Fear lách don ghearrthéarma, b’in an chomhthuiscint choiteann. Bheadh lá eile ar scornacha a chéile ag campaí na beirte leonta cogaidh, Colley agus Haughey.

Tagann an t-am, tagann an fear. Laistiar den veilbhit phearsanta bhí faobhar na cruachta faoi cheilt. Is iomaí Tiobradach iomána a bhlais stoc an chamáin sna putóga nuair ba ghá é a cur óna rith – ar son na cúise, ar ndóigh. I mbun báire sa pholaitíocht, ní camán, ach scian sheiftiúil a chleachtaigh an Loingseach. Bhí sé ar ais, glanta, ina thruaill aige, sula bhfaca an réiteoir loinnir na lainne, sular bhraith an t-íospartach faobhar na cruaí, sular thiomáin boladh na fola an lucht leanúna ar an dtaobhlíne ar mire ar fad.

Feall, a réiteoir? Cad é atá i gceist agat? Ní dhéanfainn riamh a leithéid.”

Bhí aghaidh den tsórt san ar an Loingseach.

Is iomaí stoc sna putóga (agus scian sa droim dá mba ghá) a chleachtaigh an Loingseach le linn a thrí bliana déag mar Thaoiseach. Boland, Blaney, Haughey, Captain Kelly – iad san go léir i measc na gcorpán. Cén fáth? Mar ba ghá fáil réidh leo chun a chraiceann féin, Rialtas Fhianna Fáil agus an Stát Deisceartach a chosaint.

Dá mba ghá fios a chur ar Pierrepoint, chuirfí fios air. B’iomaí mac a bhí ag Dev. Ní raibh ach an t-aon mhac polaitiúil aige, agus ba Jack Lynch oidhre na hathaireachta sin. Nior ghá aon bhuairt a bheith ar WT Cosgrave fadó faoi iontaobhacht Dev nuair ba ghá an Stát a chosaint ná é a chaomhnú. Mac an athar pholaitiúil sin ab ea Jack Lynch. Ceolann mórchinntí uilig a Thaoiseachta an port céanna ina thaobh.

Bhí a fhios aige faoi obair “Choiste na nArm”. Bhí eolas aige ar an dá iompórtáil, an ceann nár theip air, agus an ceann ar chuala Liam Cosgrave faoi. Nuair ba ghá bréaga a insint sa Dáil, nó lasmuigh di, d’inis sé bréaga. Mar a dhein le linn eachtra na Littlejohns. Mar a dhein aon uair ba ghá an fhírinne a cheilt, “in the national interest”. Mar a dheineann gach Taoiseach, gach ceannaire Stáit ar domhan. Ach téann sé dian orthu go léir an t-idirdhealú a dhéanamh idir leas an náisiúin, leas an rialtais agus leas an pháirtí, gan trácht ar leas pearsanta an cheannaire féinig. Nó más feidir leo an t-idirdhealú sin a dhéanamh, téann sé dian orthu é sin a admháil.

Comhcheilg

Bhí Haughey sa doircheacht lasmuigh agus dúshlán gastronomique *“chamchuairt na sicíní rubair” a fhreagairt go fearúil aige le sraith de thiománaithe – PJ “dílis” Mara ina measc – sa Jaguar a bhronn Matt Gallagher ar a phrionsa óg chun stíl an cheannaire ar na cliatháin a mhaisiú le *mystique an airgid. Fán mbliain 1979, bhí séideán i seolta na comhcheilge in aghaidh an Loingsigh. Cuireadh Síle de Valera amach leis an tua. Briseadh ar thoil an Loingsigh agus d’éirigh sé as a Thaoiseacht, is as a cheannaireacht ar Fhianna Fáil.

San athimirt trí bliana déag ar aghaidh, ní raibh seans dáiríre ag Colley. Bhí gealach na bhfear “deas” ag dul di ar phláinéad Fhianna Fáil agus grian Haughey i gcinsealacht. An raibh an fhirmimint pholaitiúil ar tí titim as riocht agus lobhadh na hailse fós faoi cheilt i mbeo an stáit?

Cheap Conor Cruise O’Brien, ó Thriail na nArm ar aghaidh, go raibh. Ach bhí a lucht leanúna dílis ag CJ. Bhí fir “dheasa” Fhianna Fáil – Desmond-in-the-national-interest-O’Malley, Seamus Brennan, Ben Briscoe, agus ó am go chéile, Charlie McCreevy – gafa idir dhá thine Bhealtaine. Má bhíodh Haughey ag sealgaireacht ar Thaoiseacht an Loingsigh ón ndoircheacht lasmuigh tráth, ar an gcos eile a bhí an bhróg chéanna anois. Bhí amhras á chaitheamh ar oiriúnacht Haughey mar cheannaire páirtí agus mar Thaoiseach ag lucht leanúna Colley agus an Loingsigh laistigh den bpáirtí. Amhras ar tharraing an Gearaltach aird air nuair a luaigh sé an “flawed pedigree” sa díospóireacht cháiliúil Dála. Tuaiplis mhaslach mhíchúirtéiseach a bhí ansin agus máthar Haughey i ngailearaí na Dála d’ainmniú a mic mar Thaoiseach. Tuaiplis a chuaigh i gcoinne an Ghearaltaigh amach anseo agus a tharraing sé siar, le bheith féaráilte dó, ar ball. Ach tá rudaí áirithe nach féidir a tharraingt siar, agus b’in ceann díobh. Chuir sin an dubh ar Haughey dó.

Ón tús bhí boladh na coirdíte ón bhfear seo, an reibiliúnaí Taoisigh. Fear cliste, easurramach a bhí ann. Fear a d’fhág a mharc, chun leasa nó chun aimhleasa, ar gach ar leag sé méar air. Má bhí cuid den gceart i mbreithiúnas Cruise O’Brien air, bhí cuid den mhícheart leis ann.

Ach idir shnípéireacht leanúnach na naimhde, eachtrach is inmheánach, dhá olltoghchán agus trí éirí amach páláis ina choinne thar thréimhse bliana idir 1982/83, (bhí tacaíocht an neamhspleáigh Tony Gregory de dhíth ar Haughey chun Rialtas Fhianna Fáil a chruthú tar éis Olltoghchán mhí Feabhra na bliana sin), chaill Haughey cumhacht i mí na Samhna 1982 agus bhí ceithre bliana aige sa fhreasúra chun lámh stuama a chur ar mhaide stiúrach an Pháirtí a bhí ag imeacht le sruth uaidh fá ualach poiblí na n-argóintí “oiriúnachta” inmheánacha.

Bata agus bóthar

An chéad jab a bhí le déanamh ag Haughey ná bata agus bóthar a thabhairt don Máilleach. Sin déanta, bhí ar a chumas luí siar beagán ar na maidí rámha. Chaith sé tréimhsí fada ag seoltóireacht

timpeall na tíre. Tréimhsí eile ar oilithreacht spioradálta, nó i bhfolach alcólach, dein do bhreithiúnas féin air sin, istigh ar Inis Mhicileáin. Ins bhreithiúnas féin, fear cultúrtha a bhí ann. Fear an phobail. Gael dílis. Taoiseach. Fear ar fhuath leis polaitíocht Thatcher ach a raibh meas pearsanta aige ar a scileanna ceannasaíochta. Taoiseach a labhair amach go tréan in aghaidh Chogadh na Malvinas. Fear a chaith fallaing uaine na Poblachta nuair a bhain sin talamh ón nGearaltach. Fear a chleachtaigh sciúirse leanúnach ar Mhac Gearailt sa Dáil – thug sé fogha fíochmhar faoin Aontú Angla-Éireannach (1985). Mí-léamh a bhí ansin atá aitheanta anois ag Martin Mansergh, gúrú Haughey, a ghlacann cuid den fhreagracht sin ar a ghualainn uasaicmeach féinig. Ach ba é Haughey a chinn treo an pholasaí i leith an Tuaiscirt riamh. D’aimsigh Mansergh na freagraí, agus na ceisteanna, a réitigh le líne Haughey.

D’íoc an Gearaltach praghas nár bheag ar an dá fhocal nárbh fhéidir a tharraingt siar riamh, an “flawed pedigree” sin.

Le linn an ama seo go léir, mar is eol dúinn anois, bhí saol rúnda á mhaireachtaint ag CJ Haughey. Na milliúin á thógaint aige mar bhronntanais óna chairde. Ba é Des Traynor fear a mhála. Neamhní déanta ag an AIB faoi mhilliún punt, agus an farasbarr á íoc ag na cairde. É ar theilifís ár ngríosú chun sprionlaitheachta pearsanta agus chun srian a chur ar ár n-éilimh phá. Ach cad a bhí sna boscaí chuige féin as Páras an tráth sin ach léinte agus stocaí síoda Charvais, an cabal tacaíochta timpeall air a d’íoc astu.

Ní fios fós d’éinne ar dhein Haughey aon gar riamh dóibh san a thug tacaíocht airgid dó. Ag tógaint san áireamh an drochmheas a bhí aige orthusan a bhí ag iarraidh bheith deas leis, an fhantasaíocht alcólach inar mhair sé go minic agus a chuaigh in olcas agus é fá bhrú, paranáia leanúnach an bhréagadóra go bhfaighfí amach é, gan trácht ar an chlisteacht chiútálta fhéinchosantach a sheas go maith dó riamh anall, creidim nár thug sé fábhar speisialta ná deis riamh d’éinne a thug oiread agus pingin rua dó.

Bunús an bhreithiúnais sin? Chreid an fear seo go raibh sé i dteideal tacaíocht dá leithéid, agus b’in sin.

Bhí cíos á ghearradh ar na huaisle (lucht rachmais) ag an seansailéir (Traynor) ar son a shoilse (Haughey). Muna gcreideann tú sin, ní raibh aithne agat ar an bhfear. Nó b’fhéidir nár thuigis é.

Bhí an ego chomh mór sin aige gurb é an t-aon “ghar” a rinne sé dóibh ná iad a ligint isteach ina chúirt. B’in sin. B’in an “pay-off”.

Mar gur dhaoine le fíorairgead iad, bhíodar i gcónaí chun rachmas a chruinniú de dheasca na bpolasaithe airgeadais agus na bhforbairtí geilleagracha a bhrúigh Haughey chun cinn ar bhonn phrionsabal an mhargaidh, beag beann ar an gciorcal órga laistigh. Bhí na deiseanna céanna ann dóibhsean le mórairgead nár thug oiread agus pingin rua dó, ná d’Fhianna Fáil. Ní fheicim rachmasóirí Fhine Gael ná An Pháirtí Dhaonlathaigh ar an ngannchuid mar nár thugadar airgead do Charles J Haughey.

Eite nua

I 1992, trí bliana déag tar éis ar luíodh isteach ar dhroim an Loingsigh leis an mbata a mhúnlaigh Haughey dó, tháinig eite “Country and Western” Fhianna Fáil, fá shirriamacht Albert Reynolds, chun cumhachta nuair a ghríosaigh bean Sean Doherty a fear chun an fhírinne d’insint. An fhírinne faoin méid a thuig Haughey faoin gcúléisteacht a deineadh ar theileafóin na n-iriseoirí Bruce Arnold agus Geraldine Kennedy deich mbliana roimhe sin nuair a bhí rúndacht an rialtais á

sceitheadh go rialta in éadan leasa Haughey. Shéan Haughey go mion minic ag an am go raibh aon eolas aige ar an gcúléisteacht, gan trácht ar í a údarú. Ní raibh aon dul as anois aige, nuair ba léir go raibh Doherty ag insint na fírinne. Le Ben Dunne ag caint ar bhronntanais airgid sa bhreis ar an milliún punt a thug sé do Haughey sna hochtóidí, agus ceisteanna míchompordacha eile á n-ardú in aghaidh an lae ina choinne, ar deireadh ní raibh aon áit fágtha ag Haughey le dul i bhfolach. D’éirigh sé as oifig.

Níorbh í Terry Keane, ná éinne eile dá thréad ban, ach bean ionraic Sean Doherty agus Denise Wojcik, gairmiúlach a thug compord oíche do Ben Dunne in Orlando, a dhein an jab ar Haughey.

Nach ait an mac an saol.

Toghadh Albert Reynolds ina áit.

Bhris Reynolds ochtar de chúlgharda Haughey – Gerard Collins agus Ray Burke san áireamh. In olltoghchan na bliana sin, leis an ngaoth ón mBinse Fiosraithe Mairteola fána sciatháin, ghnóthaigh Páirtí an Lucht Oibre 33 suíochán agus ba é Dick Spring Tánaiste Albert Reynolds. Dhá bhliain a sheas an rialtas sin go dtí gur tharraing Spring an súsa amach fá bhun Reynolds nuair a d’éirigh easaontas eatarthu faoi ainmniúchán don Chúirt Uachtarach. Chuaigh Dicín, mar a thugtar i gCiarraí air, i gcomhar le John Bruton chun rialtas an “tuar cheatha” a cur le chéile. Bhí seal, gan choinne, sa bhfreasúra ag ceannaire nua Fhianna Fáil, Bertie Ahern.

I gcomhar leis an Páirtí Daonlathach, tá Fianna Fáil Bertie Ahern i gcumhacht go leanúnach anois ó mbliain 1997. “Mar a bhéas go brách ...?”

Cad faoi Burke, Lawlor, Dunlop agus an criú sin uilig? Bhláthaigh siad fá cheannaireacht Haughey. Iad glanta amach anois ag “Teflon” Bertie. Na drochlaethanta thart?

Ach cad é an t-ainmhí seo Fianna Fáil atá fós i gcumhacht, ceithre scór bliain ar aghaidh? Sé an “populism”, nó, ‘an ghnaíúlacht”, an prionsabal is treise atá anois á dtiomáint. Go deimhin, bhí eilimintí den ngnaíúlacht sa Pháirtí ón gcéad lá. Ach bhí níos mó ná sin i gceist in Halla an La Scala fada siar sa bhliain 1926. An Phoblacht a bhí uathu. Éire Ghaelach. Áit fán ngrian don “man of no property”. Níos mó ná páirtí, gluaiseacht náisiúnta ab ea an Fianna Fáil sin. Cén sórt “gluaiseachta” atá fágtha ar na saolta seo? Bhuel, a Bhertie?

Tagann ceist Martin Corry fadó chun cuimhne leis, iompaithe orthu féin. An bhfuilid fós “sound” ar an gceist náisiúnta? An bhfuilid iontaofa i gcumhacht? An bhfuil an ailse sa bheo phoiblí gearrtha amach fós? An bhfuil teacht aniar iontu ó oidhreacht an Chaptaein a bhí i bpá na gceannaithe móra laistigh dá chiorcail órga, fad a bhí na ceadaithe pleanála i gcúlphócaí chuid dá chriú le malartú do chlúdaigh donna litreacha na n-entrepreneurs céanna?

Is léir go bhfuil muinín an phobail iontu lag ag an bpointe seo. Caithfear súil a choimeád orthu i rialtas, a deir an pobal – jab don Lucht Oibre nó “Junior Chamber Ireland-at-Politics”, i.e. An Páirtí Daonlathach. Nó fáil réidh leo ar fad agus deis a thabhairt d’Fhine Gael.

Ach fan go dtitfidh fómhar na SSIAs isteach i gcuntais iad san atá ag smaoineamh ar vóta a chaitheamh i gcoinne Fhianna Fáil an chéad babhta eile. An bhfuil níos mó de phrionsabal sa phobal anois ná mar a bhí sa bhliain 1977, nuair a cheannaigh an Loingseach pobal Éireann i gcomhar le Martin O’Donoghue? An mbeidh Fianna Fáil ar ais i gcumhacht, bealach amháin nó bealach eile, tar éis olltoghchán na bliana seo chugainn?

Mar gur Fianna Fáil atá ann, ní chuirfinn tharstu é.

Neosfaidh an aimsir.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.