Féachann Pat Butler siar ar shaol Bhúistéir na mBalcán, Slobodan Milosevic, a cailleadh sa Háig an mhí seo caite.
Bhí Sarajevo fuascailte nuair a bhain foireann Léargas amach forhalla an Holiday Inn i gceartlár Chaolsráid na Snípéirí, Lúnasa 1996. Léigear a lean 1,425 lá. 12,000 sibhialtach marbh, 50,000 gortaithe go dona. 329 ollsliogán, ar an meán, caite isteach sa chathair gach lá idir 5 Aibreán 1992 agus 29 Feabhra 1996, ag óglaigh Arm na Seirbia agus iad i mbun cinedhíothaithe. Laochra ar dualgas dá sladmháistir Slobodan Milosevic, Búistéir na mBalcán.
Tá idir fhíricí agus bhreithiúnas sa mhéid sin.
Seasaim leo araon.
Nuair a tugadh mo rogha seomra dom san óstán, dfhreagraíos go cúramach. Ag cur san áireamh nach raibh an Bhoisnia ná Sarajevo fós socraithe síos, seo a dúrt: Preferably a room without a view.
Bhris meangadh gáire amach ar aghaidh an fháilteora. Thuig sí go maith gur iomaí iriseoir a tógadh amach as an Holiday Inn ar chláirín. Ní de bharr an iomarca dí amháin, deirimse leat.
Suas liom go seomra 1026 ar bharr an tí. Tá fáinne eochrach an tseomra fós agam, meabhrú laethúil ó shin dom ar na huafáis a chonaiceamar, uafáis nach n-oireann focla dóibh.
Níorbh é Milosevic amháin faoi ndear gach coir in aghaidh na daonnachta a tharla tráth titim as a chéile don Iúgslaiv, nuair a bhí iar-Impireacht Aontas na bPoblachtaí Sóivéadacha Sóisialacha ag saothrú an bháis. Ach ba é Milosevic a dadaigh gríosach mharfach fuath na gcianta idir Seirbiaigh, Moslamaigh agus Crótaigh. Gríosach dhubh an chiníochais. Tine a dadaigh sé daon ghnó le séideán briathra. Eisean a chothaigh cinedhíothú mar ghléas stáit den chéad uair san Eoraip ó aimsir Hitler anall. An Ridire Ceartchreideamhach Críostaí ar chrosáid in aghaidh an Daoscarshlua Mhoslamaigh sa Bhoisnia, agus Eiricigh na Róimhe sa Chróit.
Bhí na bréagíocóin dhiamhaslacha amuigh ar an Satharn an 18 Márta ag tórramh Milosevic i mBelgrade. Slobodan deartha mar naomh na hEaglaise Ceartchreidmhí, an ceathrar soiscéalaithe á ghardáil. Bréagíomhá a mhaslaíonn an Ceartchreideamh Críostaí agus Seirbiach araon. Íomhá a thugann an dá mhéar dá íospartaigh uilig agus do luachanna daonna an domhain mhóir ina iomláine.
Sula bhfágaim creach Sarajevo, is fiú an Sarajevo Oriental Institute a lua. Sheas mé ar a láthair. Smionagar amháin a bhí fágtha. Ní haon ionadh san. Ar an 5 Aibreán 1992, céad lá an léigir, séideadh as a sheasamh breis is míle bliain den léann Moslamach. Léann san Araibis, sa Pheirsis, sa Tuircis, sa Laidin-Araibis, gan trácht ar na mílte lámhscríbhinn san aibítir Choireallach agus i dteanga atá níos ársa fós, ar a dtugtar an tSean-Bhoisnis.
Ní sliogán ar strae a rinne seo, ná baol air.
Is beag lá sa léigear nár chaith na Seirbiaigh corrshliogán eile isteach i bhfothrach na seanleabharlainne.
Tá barbarthacht agus barbarthacht ann.
Ní cinedhíothú amháin a bhí mar aidhm ag brúideanna míleata Milosevic, na gadhair fhiaigh a scaoileadh amach lena chaoinchead chun drochobair Shátain a chur i gcrích.
Ní shásódh cinedhíothú amháin leithéidí Arkan agus Mladic, muna raibh an cuimhnedhíothú mar sprioc aindiaga lena chois.
Níor leor gach Moslamach a mharú, chaithfí gach rian díobh is dá gcultúr a ghlanadh ó thalamh naofa na Seirbia Leathnaithe.
Creach oscailte
Téann fréamhacha na caismirte seo siar chomh fada le Cath Ghort na Lonta Dubha i 1389. Bhris na Turcaigh ar an Arm Seirbiach sa Chosaiv.
Créacht oscailte i sícé na Seirbiach a dábhraigh is a lobh ó shin i leith. Agus nuair a bhí an talamh sleamhain faoi chosa Milosevic i 1989 agus greim an fhir bháite aige ar an gcumhacht, cad é a rinne an sionnach lofa ach sean-néaróis Sheirbiaigh na Cosaive a mhúscailt le briathra lasracha ag comóradh cúig chéad bliain Chath Ghort na Lonta Dubha.
Agus cliarlathas na hEaglaise Ceartchreidmhí mar acalaithe spioradálta lena thaobh, thug Milosevic óráid nimhneach uaidh a thiomáin breis is milliún Seirbiach le báiní ar láthair an tseanchatha.
An splanc curtha sa sponc aige, na Balcáin ina mbladhm lasrach arís.
Bin an lá a cheannaigh Slobodan Milosevic deich mbliana breise cumhachta dó féin, dá chlann agus dá pháirtí.
Ni haon ionadh gur chuir an cabal coirpeach timpeall ar Milosevic corp an deachtóra le holagón agus deora fá scáth an chrainn teile ina ghairdín dúchais ag 41 Sráid Nemanjina, i Pozarevac, Dé Sathairn, an 18 Márta 2006.
Tá deora Sarajevo, Srebrenice, Vukovar agus Mostar go léir silte. Deora Sheirbiaigh an Krijina leis, i dteannta na fírinne.
Is beag ábhar caointe ata fágtha ag na pobail threascartha sin.
Ní mór líon na ndaoine lasmuigh de sheanfhondúirí a pháirtí féin agus dílseoirí an dúchais a raibh cloch le cur acu ar charn an tseanbhúistéara. Ba bheag an t-olagón a bhí le feiscint, chun an fhírinne a insint, i measc fhormhór an phobail Sheirbiaigh lá na sochraide ach oiread.
Sin ráite, tá an baol ann i gcónaí sa taobh sin tíre go ligfí sceimhle Milosevic i ndearmad le himeacht aimsire, agus go gcothófaí cultas na mairtíreachta timpeall ar mhiotas an laoich ar lár.
Is mithid dúinn seancheacht na mBalcán a thabhairt chun cuimhne athuair. In aimsir an ghátair náisiúnta tá an-bhaol ann go dtiocfadh deachtóir chun cumhachta ar mhuin éagóir na staire. Sceimhlitheoir a cheartódh maslaí na mblianta, fíor agus samhlaithe, suite go domhain laistigh de mhiotaseolaíocht an chine ar leis é.
Leithéid Milosevic, Karadzic, Mladic, i gcás na Seirbia.
Tujdman sa Chróit agus Izetbegovich sa Bhoisnia-Herzogovina, bíodh is nach gcuirfinn an dís thuasluaite ar leibhéal céanna an uafáis le Milosevic féin is a chriú.
Is scanrúil an smaoineamh é - cothaíonn fir chrua a macasamhail sna glúnta fós gan bhreith. Mar is eol dúinn féin go maith. Ach ní sin ábhar coganta na míosa seo dom.
An binse fiosraithe
Ní féidir déileáil le bás Milosevic gan an Binse Fiosraithe Coiriúil Idirnáisiúnta don Iar-Iúgslaiv a mheas agus a scagadh.
Go háirithe an chaoi ar chaitheadar le hUachtarán na Seirbia.
Bhí an Chúirt ar tí breithiúnas a thabhairt ar Milosevic, agus an chuma ar an scéal go bhfaighfí ciontach é i gcinedhíothú san Iar-Iúgslaiv, ciontach i gcoireanna cogaidh, ciontach chomh maith i gcoireanna in aghaidh na daonnachta.
Breith cheannródaíoch a bheadh ansin Ceann Stáit, den chéad uair, ciontaithe i gCúirt shollúnta de chuid na Náisiún Aontaithe. Ciontaithe i gCúirt Idirnáisiúnta Dlí a bhí tionscanta in údarás dleathach agus ag teacht síos le hurraim agus stádas doshéanta.
Bin an plean. Ach is minic nach mar a síltear a bítear.
Is cosúil gur mharaigh Milosevic é féin trí thaisme ceimiceach.
Fear éirimiúil ab ea é. Is maith a thuig sé nach raibh aon éalú ann dó ón tsáinn a chruthaigh sé dó féin sa Háig.
O thús na bliana bhí druga neamhordaithe á úsáid aige ina chillín an t- antaibheathach rifampicin. Chealódh sin éifeacht na ndrugaí a bhí ordaithe dó ag dochtúirí na Cúirte don mbrú fola is don gcroí.
Plean é seo chun go ligfí chun na Rúise é ar bhonn sláinte, áit nach bhfilleadh sé riamh as chun dul faoi bhreith na Cúirte.
Má déalaigh Milosevic ó bhreith na cúirte, is ar cheann na cúirte féinig an teip sin. In ionad fear míshláintiúil a chur faoi thriail ar thrí nó ar cheithre chúis shamplacha in 2001, chaitheadar an leabhar ar fad leis. Cúig bliana ar aghaidh, agus Milosevic ar an dé deiridh, bhíodar fós ag treabhadh leo.
Fiú má eiseachadtar Karadzic agus Mladic, is muiríní in áit an bhradáin iad. Beidh lá fada ann go mbeidh an deis arís ag aon duine Ceann Stáit a chiontú i gcinedhíothú, i gcoireanna cogaidh, ná i gcoireanna in aghaidh na daonnachta.
Agus mé ag breathnú anois ar an bhfáinne eochrach sin ón Holiday Inn i Sarajevo, cloisim scread feirge na marbh mar bhreithiúnas orainn uilig faoi gach teip a lig don rud a tharla san Iúgslaiv titim amach. Chailleamar le bás Milosevic an deis is fearr a bheidh againn riamh chun na taibhsí a saolaíodh de dheasca na caismirte a ligean chun suain.
Is as Corcaigh ó dhúchas é Pat Butler. Is craoltóir le RTÉ agus Stiúrthóir Scannán é. Bhuaigh sé Iriseoir Teilifíse na Bliana i nGradaim Náisiúnta na Meán i 1998 dá scannán Ballyseedy. Sa bhliain 2000, bhuaigh sé Gradam Cumarsáide an Oireachtais - Teilifís do Kilmichael. Scríobhann sé colún míosúil don nuachtán Foinse.