Ná bí ag caint ar Film Fleá na Gaillimhe ná ar Ghuth Gafa na gConallach ná ar a dhath mar iad. Ag bun thuas an domhain ó dheas a bhí Pat Butler ag scagadh na scannán an iarraidh seo! D’fhreastail sé ar Fhéile Scannáin Sydney, mura mhiste leat.
Más i Londain Shasana a bhí ‘Kino’ d’eagrán na míosa seo d’imigh tharainn, is i gceartlár Fhéile Scannáin Sydney na hAstráile atáimid an dul seo. B’ait go rabhas ag breathnú ar theachtaireacht dea-mhéine Ken Loach agus Eric Cantona ar an scáileán i Sydney ag tabhairt le fios nach mbeidís i láthair toisc gur seoladh domhanda tríchosach a gheobhadh an scannán seo i Manchain, Londain agus i mBleá Cliath sa tseachtain chéanna. Chailleas beirt de na déithe teaghlaigh seo’gamsa toisc nach rabhas ar an mór-roinn cheart san am tráthúil. Se la vie – Sin é an chaoi.
LÉIRMHEAS NA MÍOSA - ‘LOOKING FOR ERIC’
CEANNLÍNETá Loach ar ais ar a sheanléim arís le ‘Looking for Eric’. Dán grinn faoi dhínit an fhear oibre.
Cliar Foireann
Steve Evetts Eric Bishop Ceamara Barry AckroydEric Cantona Eric Ceol George FentonStephanie Bishop Lily Script Paul LaveryJohn Henshaw Meatballs Stiúrthóir Ken Loach
D’oscail Féile Scannáin Sydney na hAstráile le Gala Taispeántas de scannán úrnua Ken Loach. Bhí Amharclann an Stáit ag cur thar maoil, agus murab ionann agus dhá bhliain ó shin, fearadh fáilte chroíúil an dul seo roimh ‘Kino’. Ciall cheannaithe. Sea, a chairde, d’íoc mé as mo thicéad an babhta seo in ionad iarracht a dhéanamh ar dhul isteach i measc lucht an phreasa. Is cumhachtaí an naoi dollar déag san Astráil ná cárta an NUJ, is cosúil.
Shocraíos isteach i seanbhruíon mhaorga na mbrionglóidí ar Shráid an Mhargaidh chun bata tomhais a cur ar obair l’enfant terrible cineama na Breataine sna seascadaí, Ken Loach. An fear a thug ‘Kathy Come Home’ dúinn, dráma don mBBC faoi dhúshaothrú na dtiarnaí talún ar a dtionóntaithe sna plódtithe cathrach. Dráma a thug sonc ar aghaidh chomh maith d’fheachtas tithíochta Chiarraíoch óg sagairt i Slough Shasana san am, fear a thuill gean na n-imirceach Éireannach uile, an tAth. Eamon Casey.
Thabharfadh Ken Loach ‘Up the Junction’ agus ‘Kes’ roimh dheireadh na seascadaí dúinn. An sóisialaí a sheasann an fód leis an ngnáthdhuine in éadan an chórais. An Ken Loach atá ina leannán ag Poblachtaigh na hÉireann den uile dhath tar éis ‘The Wind That Shakes the Barley’ (2006). Is beag eile a aontódh Martin McGuinness, Ruairí Ó Brádaigh agus Thomas ‘Slab’ Murphy ar na saolta seo, ach bheidís uile ar aon fhocal faoi Ken Loach, creidim. (Tá agallamh le Ken Loach anseo mar gheall ar an scannán sin: http://www.socialistworker.co.uk/article.php?article_id=8973)
AN SCÉAL
Fear poist is ea Eric Bishop, a chaitheann a shaol de shíor ag ligint air go bhfuil gach rud OK nuair nach bhfuil. Níl d’acmhainn ann labhairt faoina chuid mothúcháin. É i dtrioblóid mhór, ag titim as a chéile. Tá an dara bean bailithe léi seacht mbliana ó shin. An bheirt mhac cliamhain sa bhaile imithe as smacht, an teach féin ina chíor thuathail. Ní thuigeann Eric cad tá cearr leis féin. É imeallaithe, aonarach. Na maiteannaí ar obair an-bhuartha faoi. Ba rinceoir rac is roll den scoth é tráth. Bhí na bróga gorma svaeide fiú amháin aige, a chosain pá seachtaine fadó air. Ba rinceoir rac a chéad bhean Lily leis. Níl fágtha den bhfear sin anois ach crotal folamh gan bhrí.
I léamh sóisialach Loach, seo fear beag oibre eile brúite faoi chois ag an saol is ag an gcóras. Agus anuas ar sin, sa deich mbliana ó d’fhág a laoch Eric Cantona Manchester United, níor fhreastal Eric a’ phoist ar oiread agus cluiche amháin sacair.
Buailimid leis ar dtús ag tiomáint sa treo contráilte ar thimpeallán. San otharlann tar éis na timpiste, deir sé, idir codladh is dúiseacht, ‘Lily, I’m so sorry’. D’réir mar a fhásann an scéal cuirimid aithne ar Lily. Shiúl sé amach uirthi fiche bliain ó shin. Lily, a tréigeadh gan míniú, le páiste óg ina baclainn aici. Ach tháinig Lily tríd. Bhog sí ar aghaidh. Ar gcúl atá Eric imithe ó scaradar. É anois ar an liogram lag, ag an mbrisphoinnte. An t-aon ceangal atá eatarthu ná an iníon, bean singil le leanbh óg. Tá sise ar ais arís ag staidéar. Iarrann sí ar Eric cúram an linbh a roinnt le Lily. Méadaítear ar sceimhle Eric – beidh air bualadh le Lily. Is beag an dul as atá aige.
Tá póstaer lánfhad de Cantona i seomra codlata Eric. Labhraíonn sé leis tar éis cúpla gal cnáibe, goidte as pluais fholaithe fear den chlannmhac chliamhain. Tré sheift cineamúil an réalachais draíochta, agus an corrghal mídhleathach, is cosúil, tagann an laochfhealsúnaí Eric Cantona chun comhairle a cur ar Eric an phoist.
Tosaíonn an caidreamh slánaithe eatarthu. Diaidh ar ndiaidh, roinneann Cantona a chuid saíochta ar Eric seo’gainne ina sheomra codladta, ar bhalcóin an chip árasáin, agus i mír ‘an-Loach-úil’ ar fad, le linn argóna sa tábhairne faoi éiteas agus eitic chorporáideach Manchester United na saolta seo. Macalla na hargóna faoin gConradh i ‘The Wind That Shakes the Barley’. Daoine ag gearradh isteach ar a chéile - teicníc na trasnála gan réamhchleachtú. Tríd an allagar seo uile, fásann meanma agus misneach Eric an phoist. Spreagtar chun gníomhaíochta é tréna chairde. An tseansóisialachas ‘ar teachtaireacht’, mar déarfá.
Aithneoidh lucht sacair Cantona na finscéalaíochta. Gach uair a d’imir sé – ‘I offered the crowd a gift’. Raibh eagla air riamh? – ‘I was scared it might stop’. An éacht is mó aige dar leis ? ‘It was a pass’. Chuig Denis Irwin, mar a tharla. Cuireann an Francach an chomhairle seo a leanas ar an Sasanach - ‘Always trust your teammates. And surprise your opponent. But first, surprise yourself.’ Tá caint chomh maith ar thrálaeirí, faoileáin agus ar shaláin, ach bíonn ort fanacht ar na teidil chreidiúna do sin. Agus tagann na cúil iontacha go tiubh chomh maith. Idir Lily, Cantona agus na cairde go léir sa jab, soilsítear bealaí éalaithe as sáinn éagsúla ár gcara, ceann i ndiaidh a chéile.
Tá Loach an-siúrálta le greann, le fir oibre, le mná oibre, le spórt, le foréigean/brúidiúlacht na bpóilíní, le foréigean/brúidiúlacht choirpigh nua-aoiseacha na háite. Ní loitfead an scannán ort agus castaí uilig an phlota a sceitheadh anseo. Ach, maidir le greann -
Eric an phoist – ‘Sometimes we forget you’re just a man’.An Eric eile – ‘I am not a man. I’m Cantona’.
Agus nuair a bhuaileann Eric le Lily don chéad uair arís deir sé – ‘Hello Chrissie’. Tagann an freagra - ‘I’m Lily, your first wife’. Gháir mise os ard níos minicí ná mar is dúil dom in Amharclann an Stáit ar Shráid an Mhargaidh i Sydney mífháiltiúil na hAstráile, nó in aon cineama eile, i dteannta na fírinne.
Tá trí saintréithe Ken Loach soiléir san obair seo - cumhacht shlánaithe bhean mhaith oibre (Lily), cumhacht shlánaithe na finscéalaíochta (Cantona), agus cumhacht shlánáithe meitheal na gcarad san obair, fiú nuair is gá an dlí a shárú chun an rud ceart a dhéanamh in éadan na bullaíochta sráide. Mar dhuine a mhair trí na seascadaí, tá sé ina chompord ar mo luath-sheanaois nár dhíol Ken Loach amach d’éinne go fóill beag. Is sóisialaí neamh-athstruchtúrtha é an Sasanach, saevo indignatio fós á thiomáint. Maisíonn Loach an teachtaireacht shóisialach le hóipiacht an ghrinn sa cheann seo. Bheadh Peadar O Donnell RIP agus Joe Higgins MEP araon sásta.
Ná caill an coiméide smaointeach seo, agus ceannaigh an DVD nuair a thiocfaidh sé amach.
Breithiúnas **
Beidh ‘Rogha na nDVD’s’ ar ais in eagrán na míosa seo chugainn - má éiríonn liom éalú ó mhór-roinn ollmhór na marsúipiach!
Pat.Butler@beo.ie
PB Scripsit – Sydney, Meitheamh 2009