CÚINNE NA nEALAÍON
Ingmar Bergman, 1918 – 2007
Pat Butler Pat Butler

Stiúrthóir scannán non pareil ab ea Ingmar Bergman agus mairfidh a shaothar ina éagmais, dar le Pat Butler.

Íomhá
Ingar Bergman: bhí sé fós ag obair agus é ceithre scór bliain d'aois

Bhí Donie Wallace ar an gcliathán le Cork Hibernians tráth, uair éigin sna seascaidí sular chuir mé spéis ar bith i scannáin ealaíne. Ba é cogar na sráide go raibh scannán salach ar taispeáint sa Ritz, pictiúrlann bheag ar Shráid Washington. Bhí fear sa scéal a bhuail isteach ar chorp mná finne, sínte lomnocht agus í os cionn cláir. Radharc nach mbeifeá ag súil leis ar aon scáileán i ndeoise an Easpaig Connie Lucey.

Seó tráthnóna a bhí ann. Ní raibh ach beirt eile i láthair, cúpla sraith suíochán chun tosaigh orm. Scannán gan bheann, gan bhrí a bhí ann, cheapas.

Tháinig an mhír sa mharbhlann faoi dheireadh. Ghluais an ceamara thar cheann na mná, thar a cíocha, a bolg agus a cosa. Ní raibh a fhios againn conas déileáil leis seo. D’fhonn an míshuaimhneas a bhriseadh, scairt duine den bheirt romham amach, “She have a pair a legs like Donie Wallace.

Chuir mé eolas ar shaothar Ingmar Bergman den chéad uair trí chosa Donie Wallace. Ní minic a thagann an cineama ardealaíne agus an cultúr coiteann le chéile in aon bhladhm inspioráide amháin!

Tá Donie Wallace fós ina steillbheatha, buíochas le Dia. Maireann a ghaisce i mbéal na ndaoine. Tá Bergman imithe ar shlí na fírinne. Mairfidh a ghaiscesean ina éagmais.

Cúlra BergmanMac ministir ab ea Bergman, agus bhí máthair dhuairc phiúratánach aige. Oireann léargas cáiliúil Wordsworth dó: “the child is father to the man”. Seo páiste a d’fhulaing le linn phósadh seaca a thuistí. Páiste a d’fhoghlaim conas a chuid mothúchán a cheilt. Conas dul i bhfolach sna cúltrinsí agus a thuistí in adharca a chéile go leanúnach. Conas féachaint amach ar an saol briste, do bholg ar an urlár fuar agus tú i bhfolach faoin mbord.

In aois a dheich mbliana, fuair Bergman laterna magica mar bhronntanas. Nuair a chuireadh an válsa diúltach feirge a Mham agus a Dhaid i mbaclainn reoite a chéile sa seomra béal dorais, théadh Ingmar i bhfolach sa vardrús. Bhíodh pictiúir dhraíochta an laterna aige mar sciath in éadan oighear na spéirlinge lasmuigh. Mar seo a scríobhfadh sé faoina ríméad agus é i mbun eagarthóireachta scannán:

No form of art goes beyond ordinary consciousness as film does, straight into your emotions, deep into the twilight room of your soul....I still feel that dizzy sense of magic of my childhood: in the darkness of the wardrobe, I slowly wind one frame after another, see almost imperceptible change, wind faster – a movement

The Magic Lantern, 1987

DúcheisteannaNí haon ionadh go bhfuil an bás, an mhortlaíocht agus mistéir Dé agus na beatha i measc na ndúcheisteanna a threabhann Bergman ina chuid ealaíne. Ní haon ionadh ach an oiread go bhfuil a shaothar breac le fadhbanna grá, teip an ghrá, agus, níos uaigní fós, cé acu an bhfuil caidrimh phearsanta neamhfhéideartha sa tírdhreach sceirdiúil spioradálta sin agus cé acu an maireann saoi an cheamara ansin. Tírdhreach eiseach, fásach folamh is ea é. Tá Bergman ina mháistir ar ghluaiseacht sin an chineama ina bhfuil Dia marbh don chine daonna, agus déanta na fírinne, vice versa. Níos measa fós, in ainneoin gach iarrachta chun an craos spioradálta grá ionainn a shásamh, níl faoiseamh in ann dúinn. Go bunúsach, tá daoine marbh dá chéile de cheal na féidearthachta go mbeidh caidrimh eatarthu.

Fan, sula lorgaíonn tú an scian chun deireadh a chur leat féin. Fear a phós cúigear ban agus a raibh ar a laghad naonúr páistí aige ab ea an Sualannach “céasta” seo! Ní fios cé mhéad máistreás a bhí aige. Rinne Bergman seasca scannán a stiúradh. Bhí gairm bheatha eile aige chomh maith, mar léiritheoir amharclainne a léirigh saothair ardchaighdeáin. Fear a lean air ag obair agus é in aois a cheithre scór. Saol le maireachtaint, scannáin fós ar na bacáin aige. Fear nár chaill dóchas riamh ab ea Ingmar Bergman.

Agus ar eagla go measann tú, mar a mheas mise agus mé fós i mo dhéagóir tútach, nach bhfuil bun ná barr lena chuid scannán, go bhfuilid róthrom agus ródhuairc, nach bhfuil aon scéal iontu, gurbh léachtóir fealsúnachta go bunúsach é, seachas fear scannán, ní fíor sin, ná baol air. Scéalaí scannán non pareil ab ea Ingmar Bergman. Agus níl cruthúnas níos fearr air sin ná corpus a chuid saothar, go háirithe an obair a rinne sé i mbarr a mhaitheasa, idir na caogaidí agus na seachtóidí.

Siúrálta, thug Fanny and Alexandra cnag idirnáisiúnta agus Oscar dó sa bhliain 1983, agus bhí an gradam sin tuillte go maith aige. Ach ní raibh lucht Hollywood ar a suaimhneas riamh le Bergman. Thuigeadar a thábhacht, ach níor bhain a shaothar leo, dáiríre. Thug Fanny and Alexandra leithscéal dóibh an rud ceart a dhéanamh, agus rinneadar. Jab déanta. Ar ais go dtí an day job anois, lads!

Is fiú tagairt a dhéanamh don chompántas repertoire a chruthaigh Bergman thart timpeall air. Rinne Erland Josephson ceithre scannán déag leis, Max von Sydow agus Bibi Andersson trí cinn déag, Ingrid Thulin agus Liv Ullman deich gcinn an duine. Chuir Bergman an-chuid oibre i dtreo an fhir ceamara ab ansa leis, Sven Nykvist. Chruthaigh Bergman a ghuth, a stíl, a bhealach scannánaíochta leosan.

In ord a ndéanta, tá na teidil seo a leanas i measc na scannán is fearr a léiríonn sainfhís an mháistir:

Smiles of a Summer Night (1955)

The Seventh Seal (1957)

*Wild Strawberries *(1957)

The Virgin Spring (1960)

*The Devil’s Eye *(1960)

*Through a Glass Darkly *(1961)

*Winter Light *(1962)

*The Silence *(1963)

*Persona *(1966)

Cries and Whispers (1972)

Tá áit acusan ar aon seilf DVDanna agus tá a bhformhór le fáil ar an idirlíon. Seolfaidh Tartan Video leagan speisialta dá shárshaothar, The Seventh Seal, ag deireadh na míosa seo.

Is fiú cúpla péarla eile dá chuid a chur ar a chloch chinn:

“I write scripts to serve as skeletons awaiting the flesh and sinew of images.”

“Antonioni concentrated on single images, never realising that film is a rhythmic flow of images, a movement.”

“A film’s suggestiveness lives in a combination of rhythm and faces, tensions and relaxation of tension. For me. The lighting of the image decides everything.”

Anois, maidir le cosa Donie Wallace ...

Is as Corcaigh é Pat Butler agus is láithreoir agus tuairisceoir sinsearach é le RTÉ. Ag tús 2007, ceapadh é ina Iriseoir Cónaithe, Scoil na Nua-Ghaeilge, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.