Cartlann
Líon alt a bhfuil an t-údar seo luaite leo: 42
Íomhá
Eagrán 25, Bealtaine 2003
AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Tom Deignan

Tá cur síos i mbeathaisnéis ón naoú haois déag, atá díreach foilsithe, ar an chruatan a d’fhulaing na hÉireannaigh a thrasnaigh an tAigéan Atlantach chun teitheadh ón Ghorta Mór. Tá an leabhar léite ag Tom Deignan.

»»»
Íomhá
Eagrán 24, Aibreán 2003
AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Tom Deignan

Bhí na mílte ar shráideanna Manhattan an mhí seo caite ag agóid i gcoinne an chogaidh san Iaráic ach, mar a mhíníonn Tom Deignan, tá go leor daoine ar imeall na cathrach atá go mór i bhfábhar an ionraidh.

»»»
Íomhá
Eagrán 23, Márta 2003
AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Tom Deignan

Measann Tom Deignan go bhfuil íoróin ag baint leis an dóigh a bhfuil an sceimhlitheoireacht ag bagairt ar chlár bliantúil a thugann páistí ó Thuaisceart Éireann trasna go Meiriceá ar saoire chun faoiseamh a thabhairt dóibh ón fhoréigean sa bhaile.

»»»
Íomhá
Eagrán 22, Feabhra 2003
AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Tom Deignan

Tá an-bhorradh faoi chúrsaí Léann na hÉireann Ollscoil Notre Dame, a bhuíoch sin do Donald Keough a thug suim mhór airgid don institiúid i 1992 chun tús a chur leis an chlár. Labhair Tom Deignan le Keough agus thug cuairt ar an choláiste féin le déanaí.

»»»
Íomhá
Eagrán 21, Eanáir 2003
AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Tom Deignan

Sa dara cuid de 2002, thosaigh go leor daoine ag rá le Tom Deignan, agus le hiriseoirí eile, go raibh an chaint ar fad sna meáin ar uafás an 11 Meán Fómhair ag cur as dóibh, go raibh sé in am éirí as an chlúdach leanúnach a bhí i gceist go dtí sin.

»»»
Íomhá
Eagrán 20, Nollaig 2002
AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Tom Deignan

Tá an-ráchairt ar úrscéal nua leis an Ghael-Mheiricéanach Dermot McEvoy, saothar a bhfuil Micheal Collins mar phríomhcharachtar ann. Labhair an t-údar le Tom Deignan faoin úrscéal agus faoina shaol.

»»»
Íomhá
Eagrán 19, Samhain 2002
AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Tom Deignan

Tá an Eaglais Chaitliceach i Nua-Eabhrac ag iarraidh smacht a fháil ar an ghrúpa Voice of the Faithful, in ainneoin gur dream iad nach bhfuil ró-radacach. Tuairisc ó Tom Deignan.

»»»
Íomhá
Eagrán 18, Deireadh Fómhair 2002
AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Tom Deignan

Tá Tom Deignan tar éis leabhar nua a léamh faoi Rannóg Dóiteáin Nua-Eabhrac (FDNY), saothar a léiríonn an ceangal láidir atá ag na hÉireannaigh leis an rannóg sin leis na glúnta.

»»»
Íomhá
Eagrán 17, Meán Fómhair 2002
AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Tom Deignan

Tá cuid póilíní agus fear dóiteáin Nua-Eabhrac míshásta lena gcoinníollacha oibre agus tá siad ar tí dul ar stailc dá bharr seo. Tuairisc ó Tom Deignan.

»»»
Íomhá
Eagrán 16, Lúnasa 2002
AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Tom Deignan

Osclaíodh an Irish Hunger Memorial i Nua-Eabhrac go hoifigiúil i lár na míosa seo caite. Féachann Tom Deignan ar an tábhacht bhreise a bhaineann leis an ionad seo anois de bharr eachtraí an 11 Meán Fómhair anuraidh.

»»»
Íomhá
Eagrán 14, Meitheamh 2002
AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Tom Deignan

Bhí go leor searmanas ar siúl le cúpla seachtain anuas i gcuimhne orthu siúd a cailleadh san ionsaí sceimhlitheoireachta ar Nua-Eabhrac i mí Mheán Fómhair anuraidh. I measc na ndaoine a rabhthas ag cuimhneamh orthu ag na hócáidí sin, bhí póilín de bhunadh Éireannach, Stephen Driscoll. Tuairisc ó Tom Deignan.

»»»
Íomhá
Eagrán 12, Aibreán 2002
AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Tom Deignan

Tá na scannail ghnéis go léir a tháinig chun solais le tamall anuas ag déanamh an-dochair don Eaglais Chaitliceach i Meiriceá. Tuairisc ó Tom Deignan.

»»»

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.

Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.