166
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Bhí go leor searmanas ar siúl le cúpla seachtain anuas i gcuimhne orthu siúd a cailleadh san ionsaí sceimhlitheoireachta ar Nua-Eabhrac i mí Mheán Fómhair anuraidh. I measc na ndaoine a rabhthas ag cuimhneamh orthu ag na hócáidí sin, bhí póilín de bhunadh Éireannach, Stephen Driscoll. Tuairisc ó Tom Deignan.
»»»Chaith Brian Ó Broin cúpla lá pléisiúrtha i measc daoine de shliocht Gearmánach i Wisconsin le gairid.
»»»Tá Ciarán Mac Aonghusa den tuairim gur mithid athruithe a dhéanamh i gcóras polaitíochta na tíre, ach caithfear athruithe níos bunúsaí a dhéanamh go forleathan chomh maith le sinn a chur ar bhealach ár leasa.
»»»Molann Roseanne Smith don té Smutleabhrach ar mian léi nó leis a bheith feiceálach ann, a bheith go haischlibeach i scríobh na scéalta fógraíochta.
»»»Tá Roseanne Smith i ndiaidh tosaigh ar an iPiggyBank a líonadh le teacht ar iPad di féin amach anseo.
»»»Léiriú smachta thar aon ní ciallmhar nó feidhmiúil is ea iompar stáit ár linne i gcoinne na hinimirce. Ceistíonn Alan Desmond sriantacht inimirce an stáit san alt seo.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Muireann Ní Mhóráin, an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, Baile Átha Cliath.
»»»Is fada sráidbhailte na Gaeltachta ina gcrann taca ag teanga na Gaeilge. Anois, san aon léim amháin, tá caint agus nuacht na nGael i ndiaidh dul i mbéal pobail sráidbhaile eile, is é sin, ‘sráidbhaile an domhain’, mar is minic a thugtar air. Is fada taithí againn gurb iad pobail an Bhéarla agus teangacha domhanda eile amháin a bhíonn ag caint lena chéile trína leithéidí d’ollmheáin fhíse agus leictreonacha ach, le blianta beaga anuas, is suntasach mar atá fáil na mionteangacha ar acmhainní an idirlín imithe i méid agus anois tá an meáisín míorúilteach céanna i ndiaidh sinne, Gaeilgeoirí, a chur faoina chomaoin arís.
»»»Tá cur síos ag Liz Curtis an mhí seo ar chathair ilchultúrtha Londan, áit ar chaith sí tréimhse le déanaí.
»»»Más fánach an áit a bhfaighfeá fonn ceoil, is féidir gur fánach an áit a bhfaighfeá sióg freisin. Ar aon nós, bíonn Colm Ó Snodaigh ag coinneáil súil ghéar ar na leictreoin dúinn, ar John Hutchinson agus ar Nikola Tesla.
»»»Níl Brian Ó Broin ag tacú le ‘cogadh’ eile san Iaráic, ná le fad a bhaint as an bhforéigean a thosaigh airm ‘an Iarthair’ sa tír chéasta sin ag deireadh na mílaoise.
»»»Tá tairbhe áirithe le baint as an imirce má roghnaíonn tú ionad oibre spéisiúil duit féin, dar le Ross Ó Briain. Ní bhfaighidh tú bás den ocras agus b’fhéidir go sloigfidh tú teanga sa bhreis thar lear freisin.
»»»Spreag graifítí ar bhalla sa chomharsain aige Robert McMillen i mbun machnaimh, tharla gur ag cur i gcoinne Sinn Féin go láidir a bhí an graifítí sa ‘ceantar is láidre Sinn Féin in Éirinn’. Cad é tá ag titim amach i ndáiríre in áiteanna mar sin? An bhfuil bá na cosmhuintire ag trá i gceantair ó thuaidh? Bhí Robert ag cíoradh na ceiste.
»»»Tá éirithe le comhlacht Meiriceánach carr leictreach a fhorbairt a bhfuil an-tóir air. Tuairisc ó Phádraig Mac Éamoinn .
»»»Tá grúpa ag tabhairt faoi shiúlóid sa Bhreatain Bheag an mhí seo a thabharfaidh iad ó shiombail amháin de chuid na saoirse go siombail eile. Féachann Tony Birtill ar stair cheann de na háiteanna atá i gceist, Frongoch.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.