AR NA SAOLTA SEO/MÓR-CHEIST NA MÍOSA
Stair sráidbhaile thar na blianta
Liz Curtis Liz Curtis Liz Curtis

Chaith Liz Curtis seal le gairid i gCromba, sráidbhaile i dtuaisceart na hAlban a bhfuil stair spéisiúil aici, dar léi.

Íomhá
Cromba, an sráidbhaile cois farraigeGrianghraf: Liz Curtis
Íomhá
An bád farantóireachta idir Cromba agus an Neag Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Teach Hugh Miller Grianghraf: Liz Curtis

Is sráidbhaile an-tarraingteach é Cromba, atá ar an phointe is faide soir d’Eilean Dubh, ó thuaidh ó Inbhir Nis in Albain. Tá sé an-chiúin anois, ach tá stair an-suimiúil agus ilchineálach aige.

Tá Cromba suite ag béal Chaolas Chrombaidh, a bhfuil dhá cheann tíre ollmhóra aige mar chosaint ón teiscinn mhór. Tugtar North Sutor agus South Sutor ar na cinn tíre sin. Ciallaíonn sutor gréasaí i mBéarla na hAlban agus, de réir an bhéaloidis, is beirt ghréasaithe ollmhóra iad, a chaitheadh a gcuid uirlisí chuig a chéile, le hiad a roinnt.

Sna meánaoiseanna, théadh oilithrigh trí Chromba ar a mbealach go scrín Naomh Dubhthaich i mBaile Dhubhthaich. Bhí Rí Séamas IV ar an oilithreach ba chlúití a chuaigh ansin. Thaistealaíodh sé ar an bhád farantóireachta ó Chromba go dtí an Neag. Sa lá atá inniu ann, is féidir an bád fartha gluaisteán is lú sa Bhreatain Mhór a fháil don turas céanna.

TráchtáilBa phort trádála agus iascaireachta é Cromba. Tháinig an-rath air sa 18ú haois, i ndiaidh d’fhear saibhir, George Ross, Eastát Chromba a cheannach sa bhliain 1767. Thóg sé cuan nua leis an iascaireacht a fhorbairt sa cheantar, agus chuaigh sé i mbun roinnt mhaith tionscal, monarcha cnáibe agus grúdlann ina measc.

Ní raibh an mhonarcha cnáibe meicnithe. Rinne fíodóirí éadach ansin a bhíodh mar chuid den trádáil idir Londain agus na hIndiacha Thiar. Rinneadh saic as an éadach le cadás, siúcra agus earraí eile a iompar. Mar sin, bhí rath Chromba ag brath ar obair sclábhaithe sna plandálacha.

Thóg Ross teach mór grástúil nuachlasaiceach dó féin, atá ann go fóill. Is teach príobháideach é, ach tá bealach isteach thollán na ngiollaí agus na gceardaithe le feiceáil - tá sé ag dul ó bhóthar duilleogach go dtí an teach. Thóg ceannaithe saibhre tithe breátha sa bhaile, atá ann go fóíll.

Rud eile a thóg Ross ná séipéal Gaelach do na Híleantóirí a tháinig go Cromba le hobair a fháil. Is fothrach é anois; tá sciatháin leathair sa túr agus crainn ag fás sa chorp.

I lár an 19ú haois, theip ar thionscail Chromba de bhrí go raibh na monarchana i ndeisceart na hAlban nua-aimseartha agus meicnithe. Ag tús na haoise, ba phort tábhachtach eisimirce é Cromba, ach nuair a tháinig an t-iarnród go hInbhir Nis, b’fhearr leis na Híleantóirí traein a fháil ón áit sin go Glaschú nó Learpholl, áit a bhfaigheadh siad bád go Meiriceá nó Ceanada.

Ar feadh blianta fada ní raibh ann ach baile beag iascaireachta. Ach is cuan mór nádúrtha den scoth é Caolas Chrombaidh, agus i rith na gcogaí domhanda, ba bhunáit thábhachtach cabhlaigh é. Ansin sna seachtóidí, tháinig tionscal nua: ola ón Mhuir Thuaidh. Úsáideadh an caolas mar áit le haghaidh thógáil agus sheirbhísiú na rigí ola.

Hugh MillerSa bhliain 1802, tháinig duine an-suimiúil ar an saol i dtigín ceann tuí i gCromba. Hugh Miller an t-ainm a bhí air agus tá an teach ann go fóill. Saor cloiche, geolaí, scríbhneoir, bailitheoir béaloidis agus eagarthóir nuachtáin a bhí ann. B’fhear é a bhain oideachas amach dó féin, an saghas duine a dtugann na hAlbanaigh lad o’pairts air.

Tá an teach inar rugadh é faoi chúram Iontaobhas Náisiúnta na hAlban anois agus is féidir cuairt a thabhairt air. Tá an-atmaisféar san áit; tá na síleálacha íseal agus tá seantroscán dorcha ann. Tá taispeántas maith faoi Hugh Miller sa teach béal dorais, áit ar chaith sé féin agus a bhean Lydia trí bliana.

Ba chaptaen loinge é athair Hugh, a fuair bás i longbhriseadh nuair nach raibh Hugh ach cúig bliana d’aois. Agus é óg, bhíodh sé ag fánaíocht go minic le buachaillí eile ar na haillte agus ar na cladaigh charraigeacha. Agus é 17 mbliana d’aois, thosaigh sé ag obair mar shaor cloiche i gcairéil, ag taisteal thart ar Albain. Obair an-chrua a bhí inti agus bhuail síleacóis, an tinneas uafásach scamhóige, é. Ach, ag an am céanna, tháinig sé ar a chéad fhionnachtana móra geolaíochta, iontais éisc agus phlandaí ina measc.

De bharr a bhreoiteachta, thosaigh sé ag obair mar shaor cloiche ornáideach, ansin fuair sé post i mbanc. Thosaigh sé a fhoilsiú a chuid scríbhneoireachta fosta. I ndiaidh cúirtéireachta fada, phós sé Lydia Fraser, bean óg oilte a raibh a tuismitheoirí míshásta leis an chleamhnas. Bhain tubaiste don lánúin nuair a fuair a gcailín beag, Liza, bás agus gan í ach cúig mhí dhéag d’aois. Shnoigh Hugh leac chuimhneacháin di, atá le feiceáil i reilig Naomh Regulus, seanreilig chrannmhar ar imeall an tsráidbhaile.

Agus Hugh ina dhéagóir, dúirt sé gur aindiachaí é, ach ansin d’iompaigh sé ina Phreispitéireach. Bhí gluaiseacht mhór ann a raibh sé mar aidhm aici stop a chur le cumhacht na dtiarnaí talún i ngnóthaí na heaglaise. Ag an am, bhí na tiarnaí talún ábalta ministrí a cheapadh. Scríobh Hugh paimfléad an-éifeachtach ar son chúis na gluaiseachta, ansin chuaigh sé go Dún Éideann mar eagarthóir nuachtáin a raibh The Witness mar theideal air. Sa bhliain 1843, bhí scoilt mhór in Eaglais na hAlban, agus cuireadh Saor-Eaglais na hAlban ar bun.

Bás brónachBhain Hugh Miller clú agus cáil amach mar scríbhneoir, eagarthóir, geolaí agus cainteoir poiblí. Bhí sé i gcónaí modhúil agus cotúil, áfach, agus chaith sé breacán aoire i gcónaí. Bhí bás brónach aige. Agus é 53 bliain d’aois, bhuail pian sa cheann é; bhí brionglóid uafásach

aige, agus ansin scaoil sé urchar leis féin. Síltear anois go raibh sceachaill inchinne aige. Measadh go raibh 4,000 duine ag a shochraid.

Is sráidbhaile suaimhneach cairdiúil é Cromba anois. Stop mé féin i dteach iontach leaba agus bricfeasta darb ainm Denoon Villa. Tá bean an tí, Linda, an-chineálta, agus déanann sí bricfeasta den chéad scoth.

Is féidir neart siúlóidí taitneamhacha a dhéanamh sa cheantar, agus in amanna tagann tú ar rudaí nach mbíonn tú ag súil leo. Ar bharr an South Sutor, feiceann tú go bhfuil foirgnimh thréigthe mhíleata ar fud na haille, agus taobh thiar de sconsa,collaigh fhiáine le feiceáil!

Tá tuilleadh eolais i dtaobh Hugh Miller le fáil sa leabhar The Legend of Hugh Miller, a scríobh Martin Gostwick agus a d’fhoilsigh Cromarty Courthouse i 1993.Is scríbhneoir agus grianghrafadóir í Liz Curtis, a bhfuil cónaí uirthi i nDún Éideann.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.