183
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Is maith is aithin le muintir na tíre Cathy Jordan agus Dervish as na blianta ceoil agus as dlúthdhioscaí a eisiúint, gan trácht ar a n-iarracht ar son na hÉireann ag an Eoraifís i Helsinki cúpla bliain ó shin. Is cuimhin le roinnt d’éisteoirí RnaG an dóigh a raibh Cathy in ann gáire le Rónán Mac Aodha Bhuí ar a chlár go gairid i ndiaidh na hEoraifíse. Bhuail Seosamh Mac Muirí léi ar na mallaibh lena ceistiú féachaint cá bhfuil sí féin agus Dervish ar na saolta seo. Bhí sé le hinsint aici, i measc rudaí go leor eile, go mbeidh dlúthdhiosca á sheoladh aici in éineacht le Séamie O Dowd agus le Rick Epping i lár na míosa seo.
»»»Tá na scannail ghnéis go léir a tháinig chun solais le tamall anuas ag déanamh an-dochair don Eaglais Chaitliceach i Meiriceá. Tuairisc ó Tom Deignan.
»»»Tá sé níos deacra ná mar a bhí riamh ag na hÉireannaigh lonnú i Nua-Eabhrac, mar a mhínigh roinnt daoine a bhíonn ag obair le hinimircigh sa chathair do Tom Deignan.
»»»Ní aontaíonn Colm Mac Séalaigh leo siúd a deir gur sárbhliain a bhí ann do na cluichí Gaelacha ach measann sé go raibh caighdeán na himeartha go han-mhaith mar sin féin.
»»»Tá go leor daoine sna Stáit Aontaithe ag súil le deireadh uachtaránacht George Bush. Ach an bhfuil slánaitheoir i measc na n-iarrthóirí don chéad téarma eile, a fhiafraíonn Brian Ó Broin.
»»»Tá Ciarán Mac Aonghusa sásta rátaí tí a íoc leis an tír a chur ar ais ina neart, ar a dhá bhoinn go luath.
»»»Tá sé tugtha faoi deara ag Ruth Nic Giolla Iasachta nach bhfuil bunadh na Nua-Shéalainne chomh sásta céanna a bheith ag canadh is atá na hÉireannaigh ach go gcuireann siad i bhfad níos mó béime ar an spórt agus ar an aclaíocht.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Tomás Mac Con Iomaire, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Casla, Conamara.
»»»Bhuail Alex Hijmans le beirt mhisniúil a léiríonn fuinneamh agus tuiscint a bpobail, beirt atá ar tí dul i mbun gníomh a chuideoidh thar na bearta leis an bpobal sin a threisiú.
»»»Ní hiad na mílte duine a cheannaigh scaireanna in Eircom amháin atá thíos le príobháidiú an chomhlachta, dar le hUinsionn Mac Dubhghaill, ach pobal na hÉireann i gcoitinne.
»»»Dá giorra turas Aoife Uí Fhaoláin ar an Tansáin, chuaigh an tír agus a muintir i bhfeidhm go mór uirthi. Chonacthas di corrchosúlacht idir sean-nósanna na hÉireann agus roinnt de chleachtais na Tansáine.
»»»Chruthaigh Breivik an tslada mharfaigh san Iorua deacrachtaí mínithe d’aos fuatha ar Mhoslamaigh, an ADL san áireamh, a deir Maidhc Ó Cathail.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: ag déanamh réidh d’agallamh.
»»»Ní lia tír ná córas míchothromaíochta agus ní taise do chóras oideachais na hAstráile é dar le Bearnaí Ó Doibhlin.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.