AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
An ‘lacha bhacach’ agus a chomharba
Brian Ó Broin Brian Ó Broin Brian Ó Broin

Tá go leor daoine sna Stáit Aontaithe ag súil le deireadh uachtaránacht George Bush. Ach an bhfuil slánaitheoir i measc na n-iarrthóirí don chéad téarma eile, a fhiafraíonn Brian Ó Broin.

Íomhá
An tUachtarán George W. Bush
Íomhá
An greamaitheoir mór-ráchairte
Íomhá
Trúpaí Meiriceánacha san Iaráic
Íomhá
An roghnófar Clinton nó Obama mar iarrthóir na nDaonlathach?
Íomhá
An Seanadóir Fred Thompson

Le bliain nó dhó anuas, tá greamaitheoir tuairteora ag éirí níos coitianta ar ghluaisteáin i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Dáta atá ar an ngreamaitheoir: 01.20.09. Nuair a theannann tú leis an gcarr, feiceann tú "Bush’s Last Day" *scríofa go beag faoin dáta.* Thug mé faoi deara go raibh na greamaitheoirí seo díolta amach ó na gnáthfhoinsí, agus tá le tamall anois. Léiríonn sé sin cé chomh mór is atá pobal Mheiriceá ag súil le críoch na huachtaránachta seo.

Diaidh ar ndiaidh, is léir nach bhfuil tada le gnóthú ó fhanacht leis an uachtarán, nach bhfuil cumhacht ar bith fágtha aige agus go bhfuil sé ag caitheamh níos mó ama ar a rainse in Texas, de cheal oibre. Tagann ceannairí tíortha eile ar cuairt go fóill, ach bíonn drochnuacht leo. Níorbh fhada Gordon Brown i gceannas na Breataine gur tháinig sé go Meiriceá leis an teachtaireacht go mbeadh trúpaí a thíresean ag fágáil na hIaráice gan mhoill. Tháinig Uachtarán na Fraince ar cuairt, ach dhiúltaigh a bhean bualadh le Bush agus chuaigh sí ag siopadóireacht ina áit sin. An chéad uair riamh a tharla a leithéid, is cosúil, agus cruthúnas ar chomh lag is atá an tUasal Bush anois.

An lacha bhacachNíor nuacht é, mar sin, nuair a d’fhógair Karl Rove, príomhchomhairleoir an uachtaráin, go raibh sé ag éirí as a phost agus ag dul abhaile "chun níos mó ama a chaitheamh lena theaghlach", cé go bhfuil a aonmhac fásta anois. Sea, tá an t-othar beagnach marbh, agus na súmairí á fhágáil, de cheal fuil úr le hól.

Gan na comhairleoirí seo, tá an tUachtarán Bush ina lacha bhacach, mar a deir an Béarla – tá sé ag déanamh botún atá ag tabhairt uchtaigh don fhreasúra agus atá ag cur uafáis ar an mionlach síorlaghdaitheach atá fós ar a shon. Ba é an mheancóg ba dhéanaícúlú Mheiriceá as an Iaráic a chur i gcomparáid le cúlú

Mheiriceá as Vítneam, rud go cinnte nach ndéarfadh sé dá mbeadh a iarchomhairleoirí aige go fóill. Ar ndóigh, tá saorchead anois ag criticí an chogaidh na cosúlachtaí idir Vítneam agus an Iaráic a fhógairt go poiblí. Agus, ar ndóigh, níor éirigh go rómhaith le Meiriceá i gCogadh Vítneam ach oiread – maraíodh 60,000 saighdiúir agus gortaíodh breis is 300,000. Ba mhithid a gcúlú as an tír sin ach mharaíodar na milliúin sular imigh siad, agus d’fhágadar ceantar Vítneam lag agus díchobhsaithe. Mar a deir an tUachtarán Bush féin, ba é cúlú Mheiriceá ba chúis le réimeas an Khmer Rouge sa Chambóid.

Is mithid an chomparáid, agus b’fhéidir gur cheart dúinn buíochas a ghabháil leis an uachtarán as ucht a bheith réalaíoch, ach más ea, buíochas fuar ba cheart a ghabháil. Tá beagnach 4,000 saighdiúir Meiriceánach marbh sa chogadh díchéillí seo, agus na céadta míle Iarácach marbh mar gheall ar éagobhsaíocht na tíre ó tharla ionruathar Mheiriceá. Agus cá bhfios céard a tharlóidh nuair a chúlóidh Meiriceá, agus anois glacann gach polaiteoir, nach mór, leis an tuairim nach mbeidh an dara rogha acu, luath ná mall, ach cúlú. Agus ní hionann an Meánoirthear agus an Ind-Sín. Is taisce púdair an réigiún uilig, réigiún a bhfuil an ghráin aige ar an bhfolús, agus réigiún a líonfaidh an folús sin le cogadh cathartha a tharraingeoidh gach comharsa, Iosrael san áireamh, isteach. Agus ar ndóigh, is tír núicléach é Iosrael (buíochas le SAM), a fuair $30 billiún dollar breise ó Mheiriceá coicís ó shin chun cur lena airm. Mar bharr ar an mí-ádh, cá bhfios cé chomh fada chun cinn is atá an Iaráin ó thaobh buama núicléach a bheith aici ach oiread. Idir an dá thír seo, seasann an Iaráic.

Oidhreacht Bush

Má tá polasaí eachtrach Mheiriceá ag titim as a chéile, níl rudaí pioc níos fearr sa mbaile. Mar gheall ar an méid comhlachtaí a thug morgáistí do cheannaitheoirí tí a raibh fadhbanna creidmheasa acu, agus nach féidir leo na morgáistí úd a íoc anois, tá earnáil na tithíochta ag titim as a chéile agus comhlachtaí baincéireachta ag titim i bhféimheacht dá réir. Tá eagla le brath go forleathan i measc lucht gnó idirnáisiúnta go dtarraingeoidh fadhbanna Mheiriceá meathlú geilleagrach ar an domhan.

Más cuimhin leat blianta deireanacha an Uachtaráin Clinton, caitheadh iad i mbun diantaidhleoireachta a thug síocháin do Thuaisceart Éireann agus a chuir Iosrael agus ceannairí na bPalaistíneach ag caint lena chéile. In ainneoin a chuid scannal gnéis, faoi dheireadh a théarma bhí sé ar an uachtarán ba mhó a raibh gean air ó na caogaidí amach. Faraor, is mó is dóichí go gcríochnóidh téarma an Uasail Bush leis an Meánoirthear faoi thine, an tóin tite as geilleagar na tíre, agus go mbeidh sé ar dhuine de na huachtaráin is lú a raibh gean air riamh. I láthair na huaire, tá níos lú ná tríocha faoin gcéad ina fhabhar.

Tar éis an tsaoil, ámh, ná déan dearmad gur vótáil pobal Mheiriceá dó, ní uair amháin, ach faoi dhó, agus gur bhua sách éasca a fuair sé ar a sheanchomrádaí ollscoile John Kerry i dtoghchán 2004. Is mór an difríocht idir sin agus an t-atmaisféar anois. Go tapa a athraíonn an ghaoth i bpolaitíocht Mheiriceá.

Glacann cuid mhaith cáinteoirí leis gurb é díomas Bush agus a chomhairleoirí is cúis leis an tsáinn ina bhfuil an tír anois. Gan tuiscint dá laghad a bheith acu ar chastacht an Mheánoirthir (tuairiscíodh tamall ó shin nach raibh an chuid is mó de pholaiteoirí Washinton in ann an difríocht idir Moslamach Sunnaíoch agus Moslamach Síteach a mhíniú), chuireadar arm ollmhór go dtí an Iaráic agus chuireadar isteach rialtas nua atá báúil le Meirceá. Anois, agus rialtas Nouri al-Maliki ag titim as a chéile, tá an CIA ag tabhairt le fios gurbh fhearr leo príomh-aire nua san Iaráic. Dá mba mise an tUasal al-Maliki, bheinn ag pacáil mo mhálaí mar is cuma faoin daonlathas - ruaigfear as oifig é más sin toil an CIA.

Faoi seo, shílfeá go mbeadh an ceacht foghlamtha ag na Stáit Aontaithe. Níor éirigh leo rialtas neamhbhailí a choinneáil i Vítneam, agus ní éireoidh leo a leithéid a dhéanamh san Iaráic ach oiread, ach déanfaidh siad a ndícheall mar sin féin, beag beann ar na himpleachtaí do Mheiriceá féin ná don domhan.

ComharbaDeirim seo agus mé ag smaoineamh ar chomharba Bush. Ar ndóigh, as seo amach níl sé i gceist ag an Uachtarán Bush tada a dhéanamh a thabharfaidh le fios go bhfuil an cogadh san Iaráic caillte. Agus ciallaíonn sé sin go bhfaighidh lear mór eile saighdiúirí bás gan ghá. Beidh cúlú na dtrúpaí mar fhreagracht an chéad uachtarán eile, agus beidh ar an duine sin an t-iliomad botún a rinne réimeas Bush a cheartú go tapa.

Scríobhas ráithe ó shin gurbh iad Barack Obama agus Hillary Clinton na príomhiarrthóirí don chéad toghchán eile, ach i ndíospóireacht phoiblí a reáchtáladh le déanaí, thug an tUasal Obama le fios gur mhithid ionruathar a dhéanamh ar an bPacastáin, in ainneoin thoil na tíre sin, dá mba ghá é chun an ruaig a chur ar Al-Qaeda. Faoi Obama, is cosúil, bheadh Stáit Aontaithe Mheiriceá i mbun cogaíochta i dtrí thír Mhoslamacha, agus is cinnte nach nglacfadh an domhan mór lena leithéid. Ní fhágann sin ach Clinton mar iarrthóir, dáiríre, rud a chuirfidh áthas ar Phoblachtánaigh, a cheapann (agus an ceart acu, b’fhéidir) nach bhfuil Meiriceá réidh go fóill d’iarrthóir mná, go háirithe bean chéile fir chonspóidigh. Mar bharr air seo, níl sé dearmadta ag daoine gur vótáil sí i bhfabhar an chogaidh in 2003, agus beidh sé deacair di a mhíniú cén fáth a ndearna sí athmhachnamh idir an dá linn.

Má tá smál ar an mbeirt phríomhiarrthóirí Daonlathacha, tá seans go fóill ag an tríú hiarrthóir is mó – John Edwards. Má tá, ámh, ní féidir le haon duine míniú cruinn a thabhairt ar cén fáth go bhfuil na meáin i Meiriceá chomh tréan ina aghaidh. Tá sé ina luaidreán gur íoc na comhlachtaí móra árachais airgead mór chun é a smálú mar gheall ar a phlean chun ollchóras sláinte náisiúnta a thabhairt isteach ar mhúnla na dtíortha Eorpacha.

Ós rud é go nglactar leis go mbeidh an chéad uachtarán eile ina Dhaonlathaí, tá saorchead ag na hiarrthóirí Poblachtánacha a rogha rud a rá, agus is tuairimí aisteacha atá á nochtadh acu. An Seanadóir Fred Thompson, fear a bhfuil aithne air mar aisteoir ón tsraith teilifíse "Law and Order", mar shampla. Is fear é a bhfuil taithí aige mar stocaire agus mar bhall d’institiúidí fíorchoiméadacha - an American Enterprise Institute, cuir i gcás, atá ag maíomh go fóill gurbh é Saddam Hussein faoi deara ionsaithe an 11 Meán Fómhair, nach bhfuil a leithéid ann agus téamh domhanda, gur cheart do gach saoránach seilbh a bheith aige ar ghunnaí, gur cheart teorainneacha Mheiriceá a láidriú arís eile, agus gur cheart don arm fanacht san Iaráic. I láthair na huaire, gan iarrthóireacht Thompson fógartha go hoifigiúil, is é Mitt Romney, an

Mormannach as Massachusetts, príomhiarrthóir na bPoblachtánach, ach tá go leor pobalbhreitheanna a thugann le fios go mbeadh seans iontach maith ag Thompson dá seasfadh sé. Tarlóidh go bhfógrófar a iarrthóireacht, deirtear go fairsing, go luath an mhí seo.

In ainneoin na ngreamaitheoirí tuairteora, mar sin, ní bheidh mórán dóchais agam maidir le comharba Bush, mura dtagann iarrthóirí eile chun cinn idir an dá linn mar mhalairt orthu siúd a choiméadfadh Meiriceá i mbun síorchogaíochta i ngach cearn den domhan.

Tá Brian Ó Broin ag obair i Roinn an Bhéarla in Ollscoil William Paterson i Nua-Gheirsí áit a bhfuil sé ag plé leis an teangeolaíocht, Léann na Meánaoiseanna agus an Léann Éireannach. Is as cathair na Gaillimhe ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.