THALL IS ABHUS
Mí na Meala le Muintir Masai
Aoife Uí Fhaoláin Aoife Uí Fhaoláin

Dá giorra turas Aoife Uí Fhaoláin ar an Tansáin, chuaigh an tír agus a muintir i bhfeidhm go mór uirthi. Chonacthas di corrchosúlacht idir sean-nósanna na hÉireann agus roinnt de chleachtais na Tansáine.

Íomhá
An tUachtarán Nyerere
le Karl H. Schumacher ar Vicipéid
Íomhá
Deaglán le muintir na Tansáine
Íomhá
Aoife i measc cairde

Nuair a chinn mé féin agus m’fhear céile ar mhí na meala a chaitheamh ar safari sa Tansáin in oirthear na hAfraice, ní raibh mé ag tnúth le cosúlacht ar bith a fheiceáil idir an tír choimhthíoch sin agus Éire, ach bhí dul amú orm.

Tír chuíosach mhór í an Tansáin ar chósta thoir na hAfraice. Tá sí buailte leis an gCéinia ar an teorainn thuaidh agus tá an Mhósaimbíc léi aneas. Tá an-tóir ar an Tansáin mar láthair thurasóireachta anois, idir cheantar Shliabh na Gile, nó Kilimanjaro, oileán coimhthíoch Sainsibeár agus ar ndóigh, na turasanna safari. Tá an tionscadal turasóireachta tábhachtach chun airgead sa bhreis a shaothrú do mhuintir Masai. Is treibheanna fánaíochta iad an mhuintir Masai a chónaíonn sa cheantar teorann idir an Chéinia agus an Tansáin. Fáiltíodh go mór romhainn sa sráidbhaile a bhí oscailte do na turasóirí agus rinneadh damhsa agus canadh traidisiúnta ar ár son. Caitheann gach duine sa treibh, idir fhir agus mhná, brat fada ildaite agus seodra go leor. Bhí na mná uilig maol, le slabhra troma timpeall a muinéal, agus iad ag díol seodra agus áilleagáin thraidisiúnta. Cheannaigh muid cúpla fail le bheith béasach agus thairg siad fíoreireaball wildebeast do m’fhear céile, ceann a úsáidtear i ndeasgháth timpeallghearrtha go hiondúil. Dhiúltigh seisean, ar ndóigh, don tairscint fhial sin chomh béasach agus ab fhéidir leis!

Trá Impireachtaí

Tá na traidisiúin seanda seo intuigthe nuair a chuirtear stair na bhfearann seo san áireamh. Mar shampla, fuarthas iarsmaí in Ailt Olduvai (Gorge) a thugann le fios go raibh homo sapiens sa cheantar breis agus 3.6 milliún bliain ó shin. Bhíodh an tír i seilbh Phortaingéileach, Arabach agus Ghearmánach sular ‘ghlac’ an Bhreatain ‘cúram’ na tíre i ndiaidh an Chéad Chogadh Domhanda. Nuair a d’imigh na Briotanaigh sna seascaidí, tháinig Julius Nyerere i gcumhacht agus thug sé faoin tír neamhspleách a chur chun feabhais, agus sin mar atá sa lá atá inniu ann.

Is ar an mbealach go dtí tearmann ollmhór an Serengeti a bhí muid nuair a thug muid cuairt ar shráidbhaile traidisiúnta de chuid na treibhe Masai. Chuir an sráidbhaile lena bhotháin bheaga ráthlios na hÉireann i gcuimhne dom. Murab ionann agus diamhracht an leasa áfach, d’aithin mé boladh an chaca a luaithe is a shiúil muid isteach sa chéad bhothán cónaithe! Bhí an díon an-íseal agus bhí an t-áras uilig lán deataigh. Ainneoin go raibh cúpla clann éagsúil ag gach fear, ní raibh ach dhá leaba tuí ann – ceann amháin don mháthair agus na leanaí agus ceann dá chuid féin don athair. Chuaigh an bothán sin agus leagan amach an tsráidbhaile féin go mór i bhfeidhm orm toisc go raibh a leithéid feicthe agam sa Pháirc Oidhreachta Náisiúnta i Loch Garman cheana, áit a bhfuil macasamhlacha de na ráthanna agus de na crannóga ina gcónaíodh muintir na hÉireann beagnach dhá mhíle bliain ó shin ann. Ach ‘crannóg’ bheo, ghníomhach ár linne féin a bhí anseo - fiú agus sinn bogtha ar aghaidh go dtí an t-aonú haois is fiche.

Caithfidh sé gur daoine seiftiúla iad an Masai a bhfuil scileanna ársa in úsáid acu mar ní raibh puinn féir le feiceáil sa cheantar ina raibh siad lonnaithe, dar linne, ach bhí siadsan in ann maireachtáil ar an talamh dhearóil sin. Ba dhream fánaíochta iad an Masai go traidisiúnta, treibh nár chuir fúthu in aon cheantar ar leith go fadtéarmach. Cuirtear brú ar lucht na treibhe Masai fanacht sa cheantar céanna inniu chun cabhair airgeadais a fháil ón rialtas maidir le cúrsaí sláinte agus cúrsaí oideachais ach go háirithe. Dá thoradh sin, tá na treibheanna níos socraithe síos i gceantair ar leith sa lá atá inniu ann, díreach mar atá baill áirithe den lucht siúil in Éirinn tar éis cur fúthu i dtithe le blianta beaga anuas.

Saothrú na Turasóireachta

Freastalaítear ar sheirbhísí phobal an tsráidbhaile, trí bhotháin ar leith eile don scoil, don phroinnteach, don obair cheardaíochta agus eile, agus iad ar fad lonnaithe taobh istigh de bhalla mór cruinn. Ba de dhéantús caoladóireachta móide tuí agus buarán na botháin, ar nós tithíocht go leor dár sinsear féin. Tógadh muid sall chuig foirgneamh na scoile tar éis dúinn éisteacht le caint ar stair agus ar nósanna na treibhe ó roinnt ógánach, a bhí i gceannas ar an tionscadal turasóireachta, de réir dealraimh. Measaim féin go raibh na fir óga seo tar éis seilbh a ghlacadh ar thodhchaí airgeadais na treibhe toisc go raibh oideachas foirmeálta agus an Beárla acusan, rud a bhí de dhíth ag a n-aithreacha is dócha. Leanaí gealgháireacha ar fad a bhí i dteach na scoile. Foghlaimíonn siad tríd an Araibis agus tríd an mBéarla. D’aithris siad na táblaí mata dúinn as Béarla agus cúpla amhrán ach bhí mé in amhras faoi chlár foghlama na scoile seo i ndáiríre. Dúradh linn gur toghadh an múinteoir as mná óga na treibhe, ach níor luadh rud ar bith faoin mbean seo a bheith oilte ar an múinteoireacht. Gach seans go raibh na daltaí seo tar éis na táblaí agus an litriú a fhoghlaim as Béarla ionas go mbeadh siad in ann dul i bhfeidhm ar na turasóirí. Ní raibh aon leisce orainne burla mór dollar a fhágáil sa bhosca tabhartais do na leanaí óga sin gan brógcuarán. Bhí bróga de shaghas éigin ag na daoine fásta ach b’éard a bhí iontu ná canta de bhoinn rubair agus barririsí trasna orthu mar chuaráin gharbha.

Is Maith Sú Bó, Beo nó Marbh Í

Is í príomhfheidhm na treibhe Masai an t-eallach. Úsáidtear an buarán mar ábhar tógála mar a luaigh mé; itear an fheoil; déantar pluideanna agus brait den tseithe; agus óltar an fhuil. Níos spéisiúla fós, d’inis ár dtreoraí óg dúinn go measctar an fhuil leis mbainne chun deoch shláintiúil bhlasta a chur ar fáil. Tá cosúlacht idir úsáid na fola sin agus putóg dhubh na hÉireann, sílim, agus más buan mo chuimhne, d’óltaí fuil na bó anseo in Éirinn le linn an Drochshaoil chomh maith. In ainneoin tábhacht lárnach na bó sa tsochaí áfach, bhí cuma stiúgtha ar na ba féin. Ní raibh iontu ach creatlaigh, gan fuil gan feoil. Chasfadh mo sheanathair san uaigh dá bhfeicfeadh sé an bhail a bhí orthu.

Molaim go mór cuairt a thabhairt ar an tír spéisiúil seo. Mheallfadh an radharc tíre mórthaibhseach agus na hainmhithe allta duine ar bith mar ní duine mór safari mise ar chor ar bith. Chuaigh an chuairt ar an sráidbhaile Masai i gcion go mór orm ach chuaigh mé féin i gcion ar lucht an Masai chomh maith. Nuair a chonaic siad chomh scanraithe is a bhí mé roimh na lucha a rith timpeall sa tuí, bhí mé i mo chúis mhagaidh cheart do lucht an Masai. Níor chreid siad go bhféadfadh duine fásta a bheith scanraithe roimh lucha beaga fad is a bhí siadsan ag dúnadh geataí an tsráidbhaile le clapsholas chun na leoin a choinneáil amuigh!

http://longgonedaddy.wordpress.com/2009/08/25/the-politics-of-a-swahili-identity/

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.