RANNÓG NA bhFOGHLAIMEOIRÍ/TAISCE FOCAL
Taisce Focal
Róise Ní Bhaoill, Róise Bhaoill, Gordon McCoy Gordon McCoy

Sa tsraith seo, cuireann Róise Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach . An mhí seo: ag déanamh réidh d’agallamh.

Íomhá
© Seán Ó Domhnaill

bhfuair Hannah néal codlata aréir. Chaith an oíche uilig ag athchognadh abairtí agus ceisteanna choinne an agallaimh poist arna mhárach. D’éirigh aniar sa leaba agus chuimil a dhá súil. D’amharc ar an chlog ag taobh na leapa. raibh ach leath i ndiaidh a cúig. Bhí ceithre huaire eile ag síneadh roimpi agus bhí na hingne síos go dtí an dúid aici cheana féin.

Bhí Emma le theacht tuairim is a hocht a chlog le cuidiú léi déanamh réidh don agallamh. Bhí Hannah ag meabhrú anois go mb’fhéidir nach raibh sin ar an chinneadh is céillí a rinne ariamh bheadh an t-ádh dearg orthu mura n-éireodh eatarthu sula mbeadh an mhaidin istigh. A fhad agus a bhí ag cur thart na smaointe sin ina hintinn thit néal codlata ar Hannah agus níor chuala gíog míog gur bhuail clog an dorais ar cheathrú go dtí a hocht. Phreab Hannah aniar sa leaba.

I ngeall ar Dhia,” ar sise agus í ag amharc ar an chlog, “i ndiaidh sin agus eile, chodlail istigh.”

Sháith a ceann amach ar an fhuinneog agus scairt síos le hEmma: “Tabhair sos don mhéar sin. Beidh leat anois.”

Síos an staighre léi agus d’oscail an doras d’Emma.

An gcreidfeá é?” arsa Hannah. “Thar ar bith eile, chodlail istigh.”

Féadann féin a chroitheadh suas anois, bhuel,” arsa Emma. “Gabh thusa isteach san fholcadán agus dhéanfaidh mise greim bidh. Char mhaith duit a bheith ag brúchtaíl leis an ocras le linn an agallaimh.”

Seo,” arsa Hannah, “níl an magadh maith. Dhéanfaidh gnaithe gan do chuid seanchainte maidin mar seo,” agus phill suas an staighre.

Chuir Emma síos friochadh breá agus, fán am a dtáinig Hannah anuas an staighre arís, bhí boladh muiceola sa chisteanach a leagfadh beithíoch.

Emma, cad é faoi Dhia atá a dhéanamh? Foscail cúpla fuinneog. An bhfuil ag iarraidh a leagan le boladh muiceola cad é?”

Órú fuist agus suigh síos ansin agus luchtaigh féin beidh tamall maith sula bhfaighidh greim eile,” arsa Emma.

Rinne Hannah mar a hiarradh uirthi ach, go raibh a goile thiar ar a droim, chomh luath agus bhris buíocán na huibhe tháinig samhnas uirthi. Bhrúigh an pláta a fhad uaithi agus a thiocfadh léi. Agus bhí ina suí ansin ag amharc ar bhuíocán na huibhe ag éirí crua nuair a dúirt Emma: “Cad é atá a chaitheamh?”

Sin ceist,” arsa Hannah.

Féadann a freagairt gan mhoill thig leat a dhul chuig agallamh agus gan toint ort,” arsa Emma.

Nach mór an cuidiú tusa,” arsa Hannah. “ cúpla culaith thuas an staighre agam. Siúil leat suas go bhfeicfidh muid cén ceann is fóirsteanaí.”

Nuair a chuaigh siad isteach sa tseomra leapa cúil chonaic Emma go raibh trí chulaith éadaí sínte ar an leaba ag Hannah. Ceann dearg a bhainfeadh an shúil asat, ceann dubh a d’fhóirfeadh go breá do thórramh agus ceann dúghorm a dhéanfadh gnaithe breá.

Bhí ag smaointiú ar an cheann dearg a chaitheamh,” arsa Hannah.

súil agam go mbíonn a gcuid gloiní gréine leo, bhuel,” arsa Emma.

Sin é,” arsa Hannah. “Bain na cosa as fúm nuair is cuidiú atá de dhíth orm. Nár shíl gur dhúirt duine inteacht gur cheart duit rud inteacht a chaitheamh a gcuirfeadh siad sonrú ann.”

Dúirt,” arsa Emma, “ach níor mhol siad *migraine *a thabhairt don bhord agallaimh agus ina cheann.”

Lig Hannah osna. “Cén ceann a mholfadh an cloigeann críonna, bhuel?” ar .

Bhuel, ó tharla nach bhfuil aon duine marbh go fóill agus nach bhfuil tórramh ort áit ar bith, mholfainn an ceann dúghorm.”

dhearna Hannah ach an chulaith a sciobadh den leaba agus a dhul isteach sa tseomra béal dorais. cheann cúpla bomaite phill agus an chulaith uirthi agus léine fhiáin dhearg faoin chasóg.

An ndéanfaidh gnaithe?arsa Hannah agus í ag cornadh bhun na casóige.

Is maith liom an léine,” arsa Emma.

Rinne Hannah gáire. “ a fhios agat an sean-nath,” ar . “An rud atá sa bhun bán, sa bharr glas.

Féadann sin a ,” arsa Emma.

Cén chuma atá air amuigh?” arsa Hannah. “An mbeidh cóta mór de dhíth orm?”

Beidh. Bhainfeadh an inniu an fheasóg den chat,” arsa Emma.

Bheir Hannah greim ar a cóta mór agus síos an staighre léi.

Ádh mór,” arsa Emma léi ó bharr an staighre.

Beidh uilig de dhíth orm,” arsa Hannah agus í ag tarraingt an dorais ina diaidh.

Róise Bhaoill agus Gordon McCoy ag obair le hIontaobhas ULTACH i mBéal Feirste.

Léaráid: Seán Ó Domhnaill (www.seanod.net)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.