220
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Tá sé ceithre bliana déag anois ó chuaigh Mairéad Ní Mhaonaigh agus Frankie Kennedy isteach sa stiúideo leis an albam ‘Altan’ a thaifeadadh. Réitigh siad chomh maith sin le beirt de na ceoltóirí a bhí ag seinm ar an albam, Ciarán Curran (bouzouki) agus Mark Kelly (giotár), gur chinn siad ar ghrúpa a bhunú leo agus Altan a thabhairt mar ainm air. Tá an domhan mór siúlta ag Mairéad agus ag an ghrúpa ó shin ach má tá sí ag éirí bréan den saol fuadrach seo, ní raibh sin le brath uirthi nuair a chuaigh mé chun cainte léi ag deireadh mhí an Aibreáin.
»»»Is de shliocht Éireannach é William Cunningham, duine de na comhairleoirí is tábhachtaí atá ag Méara Nua-Eabhrac, Mike Bloomberg. Dúshlán a bheas ann dó na hÉireannaigh a spreagadh le vótáil don mhéara sa chéad toghchán eile, áfach, dar le Tom Deignan.
»»»Bíonn féile ar siúl gach bliain in Sydney le ceiliúradh a dhéanamh ar fhéiniúlacht an phobail aeraigh abhus. Insíonn Bearnaí Ó Doibhlin dúinn faoin imeacht spraíúil seo agus faoin mbaint atá ag an nGaeilge le stair an homaighnéasachais san Astráil.
»»»Tá cloch le cur ag Pat Butler le carn Michael Dwyer, a fuair bás ar na mallaibh, sula dtabharfaidh sé géarmheas amach san alt seo ar scannán Peter Jackson, ‘The Lovely Bones’.
»»»Bhí na sluaite ina gcnapscuaine roimh Tony Birtill nuair a thug sé aghaidh ar an ionad vótála i Walton, Learpholl. Is cosúil gur le faitíos roimh na Coimeádaigh a chuaigh siad ann.
»»»Ní hí an Astráil is túisce a shamhlófá le sciáil ar an sneachta ach bhí Aoife Uí Fhaoláin ag foghlaim na sciála sna sléibhte i ndeisceart na tíre sin agus molann sí go mór é.
»»»Tá Máire Ní Chuagáin san Afraic faoi láthair, agus beidh sí ag triall ar an Áis níos moille sa bhliain, agus beidh sí ag scríobh tuairiscí rialta do Beo! mar gheall ar na heachtraí a thitfidh amach le linn a cuid taistil. An mhí seo, míníonn sí an dóigh ar chuir Mósaimbíc faoi gheasa í.
»»»Dearadh deas a cuireadh le huaigh an fhile Eabhraise Rachel Bluwstein a mheabhraigh do Gabriel Rosenstock go bhfeilfeadh a leithéid go breá abhus chomh maith ag uaigheanna aos na filíochta againn féin.
»»»Bhí Robert McMillen i láthair ag cur i láthair in Óstán na hEuropa, Béal Feirste i mí Eanáir nuair bhris callán amach sa tslua. D’fhág sé ábhar machnaimh ag cách, ar dhroim a raibh sa tuarascáil féin a d’fhoilsigh an Grúpa Comhairliúcháin an lá sin. Níor díbríodh éinne as an halla, ach is léir gur cneas thar ghoimh go leor d’íomhá shuaimhneach an tuaiscirt a bhfuilimid ina taithí le tamall anuas.
»»»Chaith Cóilín Ó Floinn seachtain i nGaeltacht na hAlban an samhradh seo caite agus chuaigh an cultúr agus na daoine i bhfeidhm go mór air.
»»»Bhí Donncha Ó hÉallaithe ag a chéad chluiche sacair i Sasana le gairid - cluiche sa Phríomhshraith idir Arsenal agus Manchester City. Chuir feabhas na himeartha agus díocas na coimhlinte gliondar air. Ardaíonn sé an cheist faoi cé chomh Sasanach is atá cluiche dúchais Shasana!
»»»Tá páistí na tíre ag titim chun feola agus cuireann Colm Mac Séalaigh an locht ar na polaiteoirí nach bhfuil sásta airgead stáit a chaitheamh ar áiseanna spóirt.
»»»Níor theastaigh ón Uachtarán George Bush go mbeadh fáil ag an bpobal ar thuarascáil faoi chúrsaí aeráide a chuir triúr fear sinsearacha sna Stáit Aontaithe le chéile, tuarascáil a chuirfidh an-imní ar go leor daoine. Tá sé le fáil ar an idirlíon anois, áfach, agus tá lón machnaimh ann do rialtais ar fud an domhain. Tuairisc ó Uinsionn Mac Dubhghaill.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.