Ní hí an Astráil is túisce a shamhlófá le sciáil ar an sneachta ach bhí Aoife Uí Fhaoláin ag foghlaim na sciála sna sléibhte i ndeisceart na tíre sin agus molann sí go mór é.
Ní mó duine a chreideann mé nuair a deirim go ndeachaigh mé ag sciáil san Astráil. Mar a deir mo mháthair i gcónaí – ‘níor chaith éinne cóta riamh ar Home & Away!’ In ainneoin an dearcaidh choitianta sin ar aeráid na hAstráile, bíonn sé fuar go leor sa gheimhreadh in áiteanna agus bíonn neart bláir shneachta idir Canberra agus Melbourne. Más aisteach féin le hinsint, is fíor gur san Astráil atá an cumann sciála is sine ar domhan. Eagraítear turasanna lae ó Chanberra síos go dtí na láithreacha sciála i séasúr an tsneachta gach bliain agus ba ar cheann de na turasanna sin a chuaigh muidne.
An chéad mhíbhuntáiste a bhaineann leis na turasanna lae ná go gcaitear éirí go han-luath ar maidin, toisc go n-imíonn na busanna thart ar 5:30rn. Cuimsíonn táille an turais an ticéad bus síos go dtí na bláir shneachta, cead isteach go Páirc Náisiúnta Kosciusko agus cead ardaitheora, chomh maith le húsáid scíonna, maidí agus buataisí sciála don lá ar fad. Cosnaíonn na turasanna thart ar $150 agus is conradh maith é, caithfidh mé a rá. Thug muidne aghaidh ar láthair sciála den ainm Perisher Blue, aistear dhá uair go leith ó Chanberra.
Nuair a shroich muid Perisher, ba é an chéad rud a thug mé faoi deara ná na sluaite. Níor rith sé liom roimhe sin go mbeadh tóir chomh mór sin ar an sciáil i ndeisceart na hAstráile. Bhí meascán daoine de gach aois ag dul timpeall, cuid acu an-oilte ar an sciáil agus an chuid eile fós ag dul i dtaithí uirthi. Chláraigh muid le haghaidh ranganna teagaisc ar an láthair ach bhí taithí réasúnta maith ag m’fhear céile agus fágadh mé liom féin i mbunrang do ghlantosaitheoirí.
Éalú an Fhir Chéile
An dara míbhuntáiste a bhain leis an turas sciála ná go raibh orm an trealamh go léir a iompar mé féin. Níor dúradh liom roimhré cé chomh trom is a bhíonn na scíonna agus na maidí nó cé chomh deacair is a bhíonn sé siúl timpeall sna buataisí troma sciála. Cheap mé go soineanta go n-iompródh m’fhear céile an trealamh dom dá mbeadh sé trom ar aon chaoi ach baineadh siar asam nuair a dhiúltaigh sé glan amach toisc go raibh a threalamh féin á iompar aige!
Nuair a taispeánadh na bunghníomhartha dom sa rang teagaisc, bhain mé an-taitneamh as an sciáil. Is é an gníomh is tábhachtaí ná conas thú féin a stad agus bhí cúpla timpiste agam sular éirigh liom é sin a chur i gcrích. Bhí náire ar m’fhear céile nuair a chonaic sé mé ag sleamhnú síos i dtreo grúpa daoine gan a bheith in ann na coscáin a chur i bhfeidhm! Ar ndóigh, bhí timpistí ag beagnach gach duine sa bhunrang nuair a thosaigh muid amach ach d’aimsigh mé na bunscileanna sar i bhfad agus ní raibh mé ar an duine ba mheasa sa bhuíon ar chor ar bith.
É sin ráite, ba é an rud ba mhó a chuir isteach orm ar an turas sin ná na páistí óga ag sciáil thart ar luas lasrach agus iad an-chompordach ar fad ar na scíonna nó ar na cláir shneachta. Ghlaodh na teagascóirí ar bhaill an ranga faoi bhun a hocht, nó a sé, nó a ceathair fiú, agus bhí an-éad orm go raibh na páistí beaga seo in ann deileáil leis na scíonna a fhad is a bhí mé féin fós mar ghlantosaitheoir. Is dócha go dtosaíonn páistí an cheantair ag sciáil nuair a bhíonn siad óg go leor agus tagann a lán teaghlach ar ais bliain i ndiaidh bliana.
An tArdaitheoir Mear
Nuair a chuaigh mé i dtaithí ar na scíonna a úsáid agus ar chosc a chur orm féin, bhain mé an-taitneamh as an gcuid eile den lá agus d’éirigh liom dul suas ar chuid de na bláir ísle. Níor thaitin an t-ardaitheoir liom áfach agus tharla gur fágadh mé ar an ardaitheoir uair nó dhó tar éis do m’fhear céile tuirlingt! Caithfidh tú bogadh ag an meandar ceart nó fágtar ar an suíochán thú agus bíonn ort dul suas go dtí an chéad fhargán eile chun teacht anuas de. Bhí mé an-mhórálach asam féin nuair a d’fhág mé na bláir ísle i mo dhiaidh agus bhí mé ag tnúth le dul suas go dtí bláir ní ba chasta nuair a tháinig an lá chun deiridh.
Lá fada a bhí ann toisc nár shroich muid Canberra go dtí a seacht a chlog an oíche sin. Bhain mé an-taitneamh as an turas go Perisher Blue cé nár thaitin sé liom nach raibh mé rómhaith ag an sciáil nuair a thosaigh mé. Is dócha gur róghnóthachtálaí mé ó dhúchas agus baineadh siar asam nuair nach raibh mé rómhaith ag déanamh an ghnímh nua seo. Ní dheachaigh mé ag sciáil ó shin ach tuigim anois a shásúla is a bheadh sé ruaig a thabhairt anuas ó na bláir arda go sciobtha dá mbeinn in ann dul i dtaithí ar an sciáil. Níl a fhios agam an bhfuil an fhoighne agam chun na scileanna go léir a fhoghlaim áfach mar ba é buaicphointe an lae, facthas dom, ná an tseacláid te a fháil sa bheár!