CÚINNE NA nEALAÍON
Cloch le Carn Michael Dwyer
Pat Butler Pat Butler

cloch le cur ag Pat Butler le carn Michael Dwyer, a fuair bás ar na mallaibh, sula dtabharfaidh géarmheas amach san alt seo ar scannán Peter Jackson, ‘The Lovely Bones’.

Íomhá
Palais des Festival i gCannes (le Filip Maljkovic ar Vicipéid)
Íomhá
Saoirse Ronan (Bubbleleh a tharraing, ar Vicipéid)
Íomhá
Peter Jackson (Natasha Baucas a tharraing ar Vicipéid)

Cailleadh Michael Dwyer, criticeoir scannáin an Irish Times ar an gcéad d’Eanáir 2010. Bhain an drochscéal sin na cosa díom. Sinne inIreland’s Eye a sheol Michael ar an dteilifís i dtús na n-ochtóidí. Eisean a chaith súil an léirmheastóra oinigh ar scannáin d’irischlár tráthnóna RTÉ2. Fear óg a bhí seanbhunaithe i gcúrsaí scannáin ab ea an a tháinig chugainn. Is beag a d’fhoghlaim Michael uainne. Guth foirfe údarásach a thug an Ciarraíoch oilte seo an doras chugainn isteach ón gcéad . Bhí idir bhreithiúnas agus tomhas, léamh agus eagna i cineaste óg Thrá . Paisean chomh maith, i dtaca le fuinneamh, crógacht agus pearsanacht mhór nár cheil ar a chairde ar a phobal. a scéal inste go maith fán dtráth seo. chuirim, mar chloch lena charn, ach a éacht féinig.

Ba é Michael Dwyer a leag síos, don gcéad uair in Éirinn, creatlach tomhais léirmheastóireachta scannáin ar an uaschaighdeán is foirfe amuigh. Bhí ar Michael na caighdeáin sin a thógaint, ina aonair, geall leis, in Éirinn na n-ochtóidí. Bhí grásta eile ag Michael mar bhláth ar an mbua sind’aimsigh friotal teangan go luath a chuir ar a chumas coincheapanna casta ealaíne a cur i láthair an phobail. Thug a nádúr cuideachtúil an cead isteach i gcroíthe na ndaoine .

D’oibrigh leis i Aibreán seo caite ar chlár faoi James Bond agus Kevin McClory. Nuair a bhí an jab thart, thosaíomar beirt ag cogaint na mine. Labhair faoi Fhéile Cannes, a bhí ina salon cineamúil bliaintiúil aige féin ó 1983 anall. Bhain Michael an-cheo go deo as an aitheantas a thug Poblacht na Fraince leis an ngradam Chevalier de l’Ordre des Arts et des Lettres sa bhliain 2006. D’fhiafraigh de ar thug sin cead a chuid chapall a uisciú sa Seine! biorán beag a théann leis an Chevalieracht atá inchaite go díscréideach go poiblí nuair a fhágtar an slabhra mór oinigh sa bhaile.

Is iomaí cóisir ardnósach i gCannes ar oscail an biorán sin an doras dom chuici, ar seisean, sult an Chiarraígh sheiftiúil á bhaint aige as an scéal. ‘ na Francaigh chomh tógtha le gradaim is atá an Sasanach. Bhí an raconteur ann faoi lán tseoil anois. Is ba scéalaí den scoth é.

Seachtain ina dhiaidh sin, d’fhreastail ar thaispeáint phreasa don scannánLet the Right One In. Chas Michael orm ag an deireadh. ‘Bheul, a Phat, caidé do mheas ar sin? B’sin an comhrá deiridh againn. Más ann do Neamh, go raibh cathaoir iumbó chuid féin sa phictiúrlann shíoraí ag Michael, beannaithe i measc lucht na ceallalóide.

D’éalaigh an chuid eile againn amach bhun na fallainge aonaraigh a chaith Michael Dwyer ón tús le stíl. Gura i mbaclainn na sinsear anocht thú, a chomhghleacaí.


Léirmheas na Míosa

The Lovely Bones le Peter Jackson

In ainneoin sárthaispeántas Saoirse Ronan, i bpáirt Susie Salmon, agus carachtracht láidir, scanrúil inchreidte Stanley Tucci, an péidearastach comharsan a dhúnmharaigh í, agus an bheirt acu sainiúil sa pháirt sin, in ainneoin chomh maith crógacht an ábhairan slad doleigheasta a imrítear ar shaol chuile dhuine i dteaghlach óna sciobtar páiste i gcúinsí mar iad, fiú ag cur san áireamh leis grásta agus soineantacht chumasach an bhanaisteora óg is foirfe ina raon aoise bhfaca le tamall, is teip chruthaitheach san iomlán éThe Lovely Bones. Agus sin in ainneoin na heilimintí uilig a fhaigheann Peter Jackson díreach ceart, ar an ábhar go bhfuil níos fós anseo a shleamhnaíonn uaidh, is baolach. Agus an teip is díofasan uilig teip bhunúsach scripte agus físe.

Is ar a bealach chun na bhFlaitheas atá Saoirse Ronan ar feadh dhá dtrian den scannán, í gafa leath bealaigh idir neamh agus talamh, í fós ag iarraidh a bheith rannpháirteach lena teaghlach, ach scartha uathu ar ndóighin; í fós ag iarraidh a Daid a threorú chun rún an dúnmharfóra a scaoileadh; í fós scriosta le cumha mar nach mblaisfidh riamh anois an chéad phóg sin a bhí geallta lena grágheal sa suntasán ar an Mall.

Seasann titeann an scannán seo ar an mbealach ina fhísítear an domhan ósréalaíoch seo ina bhfuil sórt liombó, ar a nglaíonn Susie, caractar Saoirse, ‘an t-idirshaol’ air, agus anneamh’ a aimsíonn ar deireadh. Más maoithneach, cáisiúil, , úsaidim an focal breá Meiriceánach sinhokey, más mar sin an domhan ósréalaíochta sin, cailltear an scannán. Agus is baolach gur sin díreach a tharlaíonn sa chás seo.

dóthain cáise, maoithneachais agushokiness sa domhan iarbháis sin a chruthaíonn Jackson chun fonn urlacain a ghiniuint. ina haonar ach oiread a bhaineann Susieneamh’ amach ar deireadhach í i gcuideachta ochtar eile cailíní óga a dhúnmharaigh ár ndúnmharfóir sraitheach sceimhliúil béal dorais, carachtar Stanley Tucci. Iadsaortha’ faoi dheireadh le chéile ar bhánta ildaite Elysium.

Drochleid á Chraobhscaoileadh

Bhíos thar a bheith míchompórdach faoin dtuairim go n-iomlánaítear ar neamh cailíní a dúnmharaítear faoi gháirsiúlacht bhreoite leithéid de dhuine agus carachtar Stanley Tucci, agus níos míchompórdaí fós, b’fhéidir, go mbeidís le chéile go síoraí sna flaithis, buíon íobartach, sainmhínithe de bharr oilc a ndúnmharfóra! Mo leithscéal, a chairde, thagann maith riamh ón olc agus contúirteach agus mífhreagrach an tuairim sin a chraobhscaoileadh. ár ndóthain lucht buailte cloiginn amuigh ansin gan leid fochomhfhiosach a thabhairt dóibh siúd ar imeall a slánchéille gur mithid dóibh dul agus cailíní óga ashaoradh’, is a sheoladh ar neamh!

Fuair Peter Jackson an gig seo de bharr a éacht oibre ar na fantasaíochtaíLord of the Rings agusKing Kong. Níorbh é Peter an chuige seo, faraor géar. Fuaireasliombó’ agusneamh’ Jackson saorga, áiféiseach. D’éirigh i bhfad Éireann níos fearr lena chuid iarrachtaíar thalamh’. Láimhseáiltear an teannas go máistriúilan mbéarfar ar mo dhuine sara maraíonn deirfiúr óg Susie atá éirithe amhrasach, imníoch faoi?Ach nílar thalamh’ iomlan sásúil ach oiread. Is leantóir gan chosaint ó mhealltacht Susan Sarandon de ghnáth. A thiarcais, ba ghearrthóg steireitipiciúil d’alcólaí mná méanaosta í i bpáirt na seanmhátharteip scripte agus léirithe: níor tugadh aon réimse ceart d’ábhar don mbean eile sin a leanaim, ar giorranáil go hiondúil, máthair Susie, Rachel Weisz. Teip scripte agus léirithe eile ina cás sise.

Is é éacht Saoirse Ronan gur chruthaigh rud álainn anseo agus ba cheart dúinn go léir dul chun í d’fheiscint, fiú i scannán atá lochtach ar an iliomad bealaí eile. grásta, gile, leochaileacht, soineantacht, éirim, agus nádúr éasca fírinneach ag an ngirseach shláintiúil seo. Réalta mór domhanda, fiú anois í, gan aon agó. Bean óg gan teora. ’Sí Saoirse Ronan aisteoir mná mór domhanda scannán Éireann faoi láthair. Nach deas an mhaise di tallann leithéid.

féidir liom an scannán seo a shamhlú ina héagmais. eile ach í a choinneodh ar an scáileán é? Sin a héacht. chuile gradam agus aitheantas a ghnóthóidhThe Lovely Bones do Saoirse Ronan tuillte aici agus a chonách sin uirthi.


ROGHA NA BLIANA 2009

  1. Das weisse Bande Michael Heneke2. Il Divo Paolo Sorrentino3. Let the Right One In Tomas Alfredson4. Broken Embraces Pedro Almodóvar5. Bright Star Jane Campion6. Voy a Explotar Gerardo Neranjo7. Looking for Eric Ken Loach8. Inglourious Basterds Quentin Tarrantino9. The Limits of Control Jim Jarmusch10. Ché Steven Soderbergh

Pat.Butler@Beo.ie


Naisc do Michael Dwyer: http://www.youtube.com/watch?v=SNIOH1qzjlghttp://en.wikipedia.org/wiki/OrdredesArtsetdesLettreshttp://www.irishtimes.com/newspaper/breaking/2010/0102/breaking1.htm do The Lovely Bones: An blaiseadh - http://www.youtube.com/watch?v=tc4BFI-U6-4&feature=relatedAn leabhar - http://en.wikipedia.org/wiki/TheLovely_Bones

Naisc

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.