THALL IS ABHUS
Cosa siúlacha! (Cuid 3)
P.J. Mac Gabhann P.J. Mac Gabhann

Tá Máire Ní Chuagáin san Afraic faoi láthair, agus beidh sí ag triall ar an Áis níos moille sa bhliain, agus beidh sí ag scríobh tuairiscí rialta do Beo! mar gheall ar na heachtraí a thitfidh amach le linn a cuid taistil. An mhí seo, míníonn sí an dóigh ar chuir Mósaimbíc faoi gheasa í.

Íomhá
An phríomhchathair, Maputo
Íomhá
Oileán Benguerra
Íomhá
Bob Dylan: tógtha le Mósaimbíc

Bhí Bob Dylan chomh tógtha sin le Mósaimbíc gur scríobh sé amhrán faoin tír. Seachas an t-amhrán sin agus na scéalta uafáis a tháinig ón ait le linn an chogaidh chathartha sna nóchaidí, ba bheag eolas a bhí agam faoi Mhósaimbíc go dtí gur shroich mé í ón Afraic Theas ag tús mhí an Mheithimh.

rian ré na coilíneachta fós le feiceáil go láidir i bpríomhchathair na tíre, Maputo. Tá cuid mhaith den chathair cosúil go leor le cathracha na Portaingéile, ach fós féin, ní bhíonn amhras ar bith ort ach gur san Afraic atá tú. I gcomparáid le Gána, tá Mósaimbíc breá réchúiseach - níl an tsíordheifir chéanna ar gach duine. Tá éagsúlachtaí le feiceáil sa chaoi a ngléasann daoine, sa bhia a itheann siad, sna rudaí atá ar díol ar na sráideanna agus, go mór mór, sa taobh tíre féin. Tá na mílte crann cnó cócó le feiceáil i ngach aon áit. Cé go bhfuil stair chasta, fhoréigneach ag Mósaimbíc, tá a muintir socair, sona agus sochma. Bíonn meangadh gáire ar dhaoine de ghnáth agus iad réidh le lámh chúnta a thabhairt duit gan teip, in ainneoin na mbac teanga. Mar is gnáth san Afraic, ní féidir gan bheith tógtha le cairdiúlacht agus féile na ndaoine.

Chaith mé cúpla lá cois farraige ar Thrá Tofo, píosa beag de pharthas in aice leis an Aigéan Indiach. Ní dhearna mé mórán ann seachas luí ar an trá, snámh san fharraige the agus beoir fhuar a ól, ag breathnú amach ar an ngealach, na réaltaí agus an mhuir. Tá clú ar Tofo mar láithreán tumadóireachta agus bíonn deilfeanna, roic chochaill, siorcanna agus míolta móra cruiteacha le feiceáil ann go minic. Níl an áit rófhorbartha, i gcomparáid leis na láithreáin sa Téalainn, san Éigipt agus araile, agus tagann daoine ar ais go Tofo arís agus arís eile chun leas a bhaint as na háiseanna iontacha agus chun bheith in áit dhraíochtúil.

Tá na hoileáin atá mar chuid d’Oileánra Bazaruto faoi chosaint mar pháirc náisiúnta. Tá an-tóir ar áit mar cheann scríbe i measc turasóirí saibhre agus lucht mhí na meala. Tá na hoileáin an-álainn ar fad – tá an gaineamh bán agus foirfe, agus tá uisce glan an Aigéin Indiaigh timpeall orthu. Is minic a d’fheicfeá deilfeanna, turtair, turtair mhara agus, corruair, an dugang, atá i mbaol mór anois, timpeall ar na hoileáin.

Óstán cúig réalta Chuamar amach ar bhád iascaireachta go hOileán Benguerra agus chaitheamar oíche ansin. Oíche Chéadaoin a bhí ann agus bhí an áit ina bhfuaireamar lóistín le dúnadh Dé Domhnaigh. Beidh

óstán cúig réalta in háit, agus ní bheidh aon áit le fanacht níos mó ag na taistealaithe atá ar bhuiséad íseal. Bhí sé chomh speisialta a bheith in ann breathnú ar dhul faoi na gréine agus na céadta míle réalta a fheiceáil sa spéir. Is mór an trua é nach mbeidh ach daoine rachmasacha in ann an parthas seo a fheiscint amach anseo. Ach, gan amhras, caitheann turasóir a bhíonn ag fanacht in óstán cúig réalta níos mó in aon oíche amháin ná mar a chaithfeadh turasóir ar bhuiséad íseal taobh istigh de sheachtain! B’fhéidir gur seo an rud atá ag teastáil ón earnáil turasóireachta i Mósaimbíc: airgead mór taobh istigh d’achar gairid. Ach is beag éifeacht a bheidh aige ar an bpobal áitiúil atá ag brath fós go huile is go hiomlán ar an bhfarraige, agus a mhaireann gan uisce píoba agus gan leictreachas, agus, bhí an chuma ar an scéal, gan oideachas oifigiúil ar bith.

Le linn dúinn bheith ar Oileáin Bazaruto, bhí deis againn dul ag snorcallú, rud nach raibh déanta agam riamh. Bhí mé ar bís chun triail a bhaint as, agus bhí sé go hiontach na céadta míle iasc a fheiscint thíos i ndoimhneacht na farraige. Faraor, ní raibh mo mhasc ag feidhmiú i gceart agus lig sé isteach go leor leor uisce, ionas go raibh orm éalú ón uisce - thar carraigeacha a bhí clúdaithe le rudaí beaga géara! Bhí an fhuil ag sileadh asam, ach bhí cuma ní ba mheasa ar chúrsaí ná mar a bhí siad i ndáiríre!

Go dtí seo níl mórán ag cur as dom seachas bheith ite ag na muiscítí agus gaineamh bheith i mo mhála, i mo leabhair, i mo bhróga agus i m’éadaí! Ach mé ag fágáil Mhósaimbíc, ag filleadh ar ais go dtí an Afraic Theas, bhí tuiscint éigin agam ar an draíocht a bhraith Bob Dylan agus go leor eile sa tír seo. Tá na daoine cairdiúil agus bríomhar, tá an tír féin álainn agus suaimhneach agus níl rian róláidir fágtha ag an turasóireacht uirthi – go fóill ar aon nós. Tá an bia iontach, tá an bheoir saor agus tá rithim an tsaoil breá mall.

Ba dheacair gan a bheith faoi gheasa ag Mósaimbíc, agus tá mé féin sásta gur éirigh liom seal a chaitheamh inti. Agus, ar ndóigh, léirigh sé dom arís cé chomh mór, iontach agus éagsúil is atá an domhan, é ar fad ag fanacht orainn.

Is as Cill Mhantáin ó dhúchas í Máire Ní Chuagáin. Bhain sí céim amach sa stair agus sa Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide in 2002 agus chaith sí dhá bhliain ag obair le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ina dhiaidh sin. Thug sí tréimhse ag obair go deonach san Afraic anuraidh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.