AR NA SAOLTA SEO
Na tubaistí a d’fhéadfadh a bheith i ndán don domhan
Uinsionn Mac Dubhghaill Uinsionn Mac Dubhghaill Uinsionn Mac Dubhghaill

Níor theastaigh ón Uachtarán George Bush go mbeadh fáil ag an bpobal ar thuarascáil faoi chúrsaí aeráide a chuir triúr fear sinsearacha sna Stáit Aontaithe le chéile, tuarascáil a chuirfidh an-imní ar go leor daoine. Tá sé le fáil ar an idirlíon anois, áfach, agus tá lón machnaimh ann do rialtais ar fud an domhain. Tuairisc ó Uinsionn Mac Dubhghaill.

Meán Fómhair 2022: I ndiaidh caismirtí idir buíonta Francacha agus Gearmánacha, tosaíonn cogadh idir an dá thír mar gheall, a deir siad araon, gur “goideadh” uisce na Rí-Abhann uathu féin. Aibreán 2016: géaraíonn ar an gcoimhlint idir iascairí na Spáinne agus iascairí na Portaingéile, agus cuirtear bád iascaigh go tóin poill. Glaotar abhaile na hambasadóirí. Dúntar an teorainn idir an dá thír.

Deargsheafóid, a deir tú? Ní fhéadfadh a leithéid tarlú in Eoraip aontaithe an 21ú haois? Nach bráithre uilig muid faoin am seo?

Go réidh, a mhac. Ní mise a chum ná a cheap. An Pentagon, by dad, atá dhá rá. Tá an tuairimíocht seo i measc na nithe scanrúla atá le léamh i dtuarascáil rúnda dár teideal An Abrupt Climate Change Scenario and Its Implications for United States National Security.

Glactar leis go coitianta go dtarlóidh cibé athruithe aeráide atá i ndán dúinn de bharr thionchar an tí ghloine go réidh, de réir a chéile. Bítear ag caint ar ardú 5 chéim sa meánteocht thar thréimhse céad bliain, mar shampla, agus ardú de mhéadar (nó níos lú ná sin) i meánleibhéal na farraige. Ach céard a thitfeadh amach dá dtarlódh athrú tobann, thar deich mbliana? Sin an cheist a chuir *éminence grise *an Pentagon, Andrew Marshall, fear a bhí i gcroílár na pleanála míleata san áit ar feadh breis is 30 bliain. D’iarr sé ar Peter Schwartz, comhairleoir de chuid an CIA agus iarcheannasaí pleanála leis an ollchomhlacht ola Royal Dutch Shell, agus ar Doug Randall ón Global Business Network, staidéar a dhéanamh ar fhianaise áirithe atá ag teacht chun cinn le blianta beaga anuas go bhféadfadh athrú tobann tarlú - agus go deimhin gur tharla eachtraí den chineál sin i bhfad siar sa stair.

Anois, nuair a théann leithéidí Schwartz agus Randall ag obair ar choimisiún a thug ceannasaíocht mhíleata na Stát Aontaithe dóibh, bí cinnte nach dtosóidh siad leis na teoiricí comhcheilge is “glaise”, ach a mhalairt. Is éard a thugann an fórsa dá dtuarascáil ná gur shéan an tUachtarán Bush go raibh a leithéid de rud ann is athrú aeráide ó toghadh é ceithre bliana ó shin. Thug sé neamhaird ar chomhaontaithe sollúnta idirnáisiúnta ar nós Koyoto agus lean sé air go meidhreach ag cabhrú lena chuid cairde sna comhlachtaí ola a réitigh an tslí chun an Tí Bháin dó.

Is é an rud is lú atá ó Bush, i mbliain seo an toghcháin, ná a chloisteáil go raibh sé contráilte ar fad, agus go bhféadfadh an scéal a bheith i bhfad níos measa ná mar a cheap daoine go dtí seo. Ach sin atá ráite go neamhbhalbh ag Schwartz agus Randall, i dtuarascáil a bhí ina húdar náire don rialtas thall agus a coinníodh ina rún daingean ar feadh ceithre mhí - go dtí le gairid.

Fógra sláinte: Níl siad ag rá go dtarlóidh na rudaí seo ar fad. Ach siad ag rá go bhféadfadh siad tarlú agus, go deimhin, go bhfuil fianaise láidir eolaíoch ann go bhfuil muid ar thairseach na dtarlúintí seo - go bunúsach, go bhfuil olltubaiste dhomhanda i ndán dúinn uaidh seo go ceann 20 bliain, go scriosfar codanna móra den phlainéad agus go gcaillfear na milliúin dá bharr. Is é an tátal a bhaineann siad as an staidéar ar fad ná gur mó i bhfad an chontúirt do shlándáil náisiúnta na Stát Aontaithe a eascraíonn as athruithe san aeráid ná bagairt na sceimhlitheoireachta, agus gur chóir do na Stáit Aontaithe déileáil leis mar ghéarchéim shlándála - ní mar argóint theibí idir an lucht glas agus lucht na dtionscal mór.

Dá dtarlódh an tromluí

De réir an *scenario *a chuir Schwartz agus Randall chun cinn ina dtuarascáil, tiocfaidh deireadh tobann le Sruth na Murascaille am éigin thart ar 2010, toisc go bhfuil i bhfad níos mó fíoruisce ag teacht isteach san fharraige sna réigiúin Artacha de réir mar a leánn na leacacha móra oighir. Ar ndóigh, is é an sruth seo a thugann aimsir atá cineálta go maith dúinn anseo in Éirinn agus in iarthar na hEorpa go ginearálta, agus má imíonn sé titfidh an meánteocht go tubaisteach - titim sé chéim in aghaidh na bliana go ceann deich mbliana. Rud a fhágfaidh aimsir na Síbéire ag cuid mhaith d’iarthar na hEorpa, agus ganntan mór uisce, go mórmór ar an Mór-Roinn.

In áiteanna eile, tarlóidh athruithe tubaisteacha, agus scuabfar na milliúin chun siúil de bharr gorta, galair, nó cogadh. Agus bia, uisce agus fuinneamh ag éirí gann in oirthear na hEorpa, a deir siad, beidh coimhlintí nua ann idir an Rúis agus na tíortha sin a bheas ina mball den Aontas Eorpach faoi thús na Bealtaine seo. Sa tSeapáin, beidh cuid mhaith de na cathracha cois cósta faoi uisce, agus cathú ar na Seapánaigh breathnú i dtreo Oileán Sakhalin, an t-oileán atá i seilbh na Rúiseach faoi láthair ach atá ina chnámh spáirne eatarthu cheana féin de bharr an taisce mhóir ola agus gáis atá sna farraigí mórthimpeall air. Beidh an Bhanglaidéis faoi uisce ar fad, nach mór, agus na milliúin teifeach ag brú isteach san Ind agus sa tSín, dhá thír mhóra a bheas buailte go dona ag an ngorta.

Níl deireadh leis. A leithéid seo:

2007: Tuilte móra san Ísiltír, nuair a bhristear na díoga cosanta le linn stoirme. An Hág agus cathracha móra eile faoi uisce. 2012: Triomach agus fuacht mór sna tíortha Lochlannacha. Na milliúin teifeach ag dul ó dheas. Teannas mór san Eoraip dá bharr. Cogadh san Áis agus na milliúin ar a dteitheadh i dtreo Bhurma. Diúracáin núicléacha á bhforbairt ag an tSeapáin. 2015: Coimhlintí leanúnacha taobh istigh den Aontas Eorpach faoi sholáthar an bhia agus an uisce. 2018: Déanann an tSín ionradh ar an gCasacstáin chun a soláthar ola a chosaint. 2020: Eisimirce ar scála mór ón nGearmáin agus ón Ísiltír i dtreo na Spáinne agus na hIodáile. Coimhlint idir fórsaí Mheiriceá agus fórsaí na Síne sa Meán-Oirthear - faoi ola, ar ndóigh. 2022: Coimhlint idir an Fhrainc agus an Ghearmáin mar gheall ar uisce. An tAontas Eorpach ar tí titim as a chéile.

Ní gá go dtarlóidh na rudaí seo, agus tá súil le Dia agam nach dtarlóidh. Ach is ábhar machnaimh é an tuarascáil. Bheadh an saol in Éirinn an-difriúil dá dtarlódh a leath. Céard is fiú €350,000 a chaitheamh ar theach inniu má tá todhchaí chomh héiginnte sin in ndán dúinn? Ar ndóigh, deir Randall nach dóigh leis go dtarlóidh siad i ndáiríre, ach gurb é an jab atá aige ná an cineál sin pleanála a dhéanamh. Glacaim leis go bhfuil roinn stáit éigin sa tír seo - nó an tArm - i mbun pleanála den chineál céanna. Nach bhfuil, a Bhertie?

Más mian leat an tuarascáil féin a léamh, tá sé le fáil ag: www.ems.org/climate/pentagonclimatechange.pdf

Is as Baile Átha Cliath é Uinsionn Mac Dubhghaill ach tá sé ina chónaí i gConamara anois, áit a bhfuil sé ag obair mar iriseoir físe le Nuacht TG4. Chaith sé seal freisin ag obair mar eagarthóir Gaeilge an Irish Times.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.