494
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Deir Breandán de Gallaí linn go bhfuil amharclann amháin a raibh sé i gcónaí ag iarraidh cuairt a thabhairt uirthi de chionn go dtáinig sé aníos go minic ar bhealaí éagsúla fríd a shaol – i leabhair staire agus é ag déanamh staidéir ar an cheol agus an damhsa – agus ansin arís cúig bliana ó shin, nuair a bhí taispeántas damhsa d’arbh ainm “Balor” le léiriú aige – is é sin an Théâtre Impérial du Châtelet i bPáras. Ar an drochuair, níor tharla an léiriú.
»»»Tá Balor ar an eolas ar fad te bruite as Cathair na bhFáithe. Bhí sé ag cúléisteacht le hÍosa Mhic Giolla Mháire nuair a bhris sí scéalta faoin Abu Proinsias.
»»»Tugann Roseanne Smith aird san alt seo ar chleasaíocht úr eile ár linne atá ag dul i bhfeidhm ar dhaoine agus ar chomhlachtaí an-ghar duit féin, i ngan fhios duit b’fhéidir.
»»»Tá Tony Birtill faoi imní mhór leis an dóigh a chaithfear airgead le Sliabh a Liag a ‘fhorbairt’ trí dhaoine a choinneáil ar shiúl ó áille agus ó fhiántas aiceanta na háite
»»»Chaith Liz Curtis tréimhse phléisiúrtha i measc na Muimhneach an samhradh seo caite.
»»»Tá Liam Upton an-tógtha leis an gciclipéid ar líne, Wikipedia, agus leis an leagan Gaeilge, Vicipéid, atá ar fáil le roinnt blianta anois.
»»»Déanfaidh na cóid phoist, a bhfuiltear chun tús a chur leo in Éirinn i gceann cúpla bliain, an-dochar d’ár n-oidhreacht logainmneacha, dar le Padraig Mac Éamoinn, agus tiocfaidh méadú mór ar an dramhphost chomh maith.
»»»Labhair Ciara Nic Gabhann le David Farrell, grianghrafadóir atá díreach tar éis duais mhór idirnáisiúnta a bhuachan agus a mbeidh taispeántas dá shaothar le feiceáil i mBaile Átha Cliath go luath.
»»»Míneoidh Ciarán Mac Aonghusa anseo cén fáth go gcliseann na scairteanna gutháin ort go minic agus tuige nach mbíonn seirbhís idirlín ag a lán daoine ag deireadh na seachtaine in Éirinn.
»»»Ná déan nós is ná bris nós. Tá Kate Fennell ag glacadh le nósanna na Tuirce, go fiú nuair a chiallaíonn sé do leanbh a scaoileadh le daoine coimhthíocha a chasfar duit sa tsráid.
»»»Ní hamháin go mbeidh deighilt idir paisinéirí ar eitleáin sa todhchaí toisc iad a bheith “sa stíris”, sa ghrád gnó nó sa chéad ghrád ach seans go mbeidh deighilt eatarthu toisc iad a bheith ar eitleáin dhifriúla, mar a mhíníonn Pádraig Mac Éamoinn.
»»»D’fhoilsigh Cois Life leabhar nua faoi iriseoireacht na Gaeilge, [i]Ar an Taifead: Fís, Fuaim, Focal[/i] le Breandán Delap, an mhí seo caite. Sa chaibidil seo ón leabhar déantar cíoradh ar na meáin úra agus na dúshláin a gcaithfidh na meáin Ghaeilge aghaidh a thabhairt orthu.
»»»Chaith Cóilín Ó Floinn seachtain i nGaeltacht na hAlban an samhradh seo caite agus chuaigh an cultúr agus na daoine i bhfeidhm go mór air.
»»»Creideann Donncha Ó hÉallaithe go mba é leas na Gaeltachta, dá gcuirfí deireadh leis an Aireacht Gnóthaí Pobail, Tuaithe is Gaeltachta, mar go bhfuil teipithe ar Éamonn Ó Cuív agus ar an Aireacht sin, dul i ngleic leis an gceist achrannach: cá bhfuil an Ghaeltacht?
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.