Tá Balor ar an eolas ar fad te bruite as Cathair na bhFáithe. Bhí sé ag cúléisteacht le hÍosa Mhic Giolla Mháire nuair a bhris sí scéalta faoin Abu Proinsias.
“Caidé is brí le bonkers?” a d’fhiafraigh Balor díom cúpla lá ó shin. Is cosúil go ndúirt Íosa Mhic Giolla Mháire go raibh Cliarlathas na hEaglaise Caitlicí bonkers. “Bhuel, seachas an ghramadach a bheith rud beag amhrasach, an gciallaíonn sé gur bonkers iad agus go mbíonn siad ag bonkáil?” a d’fhiafraigh sé le meacan díchreidimh ina ghlór.
Bhuel, ós rud é nach dtuigim an focal bonker nó fiú bonkáil, agus nach bhfuil ceachtar den dá fhocal san fhoclóir úr, ná fiú i bhfoclóir an Duinnínigh, ní thig liom mórán a rá faoin raic atá ar siúl idir an t-iar-Uachtarán agus na heaspaig, seachas go bhfuil baint aige le clúidíní salacha agus cac, mún agus buinneach. Shamhlódh duine nach mbeadh rudaí mar sin fóirsteanach mar ábhar cainte idir iar-Uachtarán agus easpaig.
Nach samhlófá go mbeadh rudaí níos práinne agus níos tábhachtaí ag Íosa Mhic Giolla Mháire le bheith ag gearán fúthu, seachas nár athraigh an Pápa clúidín salach riamh agus nár bhonkáil sé. Caidé mar a bheadh a fhios aici é sin ar scor ar bith?
Agus PhD i nDlí na hEaglaise Caitlicí anois ag Íosa Mhic Giolla Mháire, thig léi labhairt go húdarásach faoi rud ar bith ar domhan, nó níl rud ar bith ar chlár na cruinne nach bhfuil baint ag an Eaglais leis agus nach bhfuil an Eaglais sásta labhairt go húdarásach faoi. Shocraigh Balor cúpla ceist a chur ar an bhean féin. Tháinig sé uirthi agus í ag ullmhú le dul ar a hoilithreacht bhliantúil go hOdious Gael i nGleann Cholm Cille.
Seachtain in Odious
Balor: Bhuel, a Íosa, an bhfuil tú ag súil le seachtain eile a chaitheamh in Odious Gael, mar a dhéanann tú achan bhliain?
Íosa: Níl, a Bhaloir, agus inseoidh mé duit cén fáth. Seo cnámh Dé na fírinne anois: B’fhearr go mór liom a bheith ag ní clúidíní salacha ná ag triall ar Odious Gael, ach sin an breithiúnas aithrí a chuirim orm féin achan bhliain. Tá mé an-naofa, tá a fhios agat. Oiche Dé Sathairn seo chugainn beidh mé ag éisteacht le Leamh Ó Cuinneagáin. Caithfidh sé trí huaire an chloig ag insint dúinn cé chomh tábhachtach is atá Odious Gael sa chath shíoraí ar son chearta mhuintir na Gaeilge agus faoi thábhacht Odious Gael i saol cultúrtha na hÉireann. Meabhróidh sé dúinn arís agus arís eile go dtagann mic léinn go Gleann Cholm Cille as achan chearn den tír agus den domhan. Tá an léacht ar fad de ghlanmheabhair agam faoi seo.
Ansin gach lá ar feadh seachtaine ina dhiaidh sin beidh mé i mo shuí sa seomra ranga ag éisteacht le May Mac Ránais ag bladar faoin tuiseal ginideach agus faoin mhodh choinníollach agus ag ceol Thíos i Lár an Ghleanna arís agus arís agus arís eile; agus beidh mise ag samhlú dom féin go bhfuil mé ar ais sa Róimh ag ól cappuccino i gcaife beag i gCathair na bhFáithe. Ach sin mo pheannaid agus tá mé sásta cur suas leis, nó tá mé naofa, tá a fhios agat.
Balor: Caithfidh go ndearna tú an-chuid peacaí le do shaol nuair atá gá le haithrí mar sin. Ach inis dom, a Íosa, caidé a dhéanfaidh tú nuair a bheidh seachtain Odious Gael thart? Tá an PhD agat anois agus ní mac léinn níos mó thú.
Íosa: Bhuel, a Bhaloir, tá mé ag smaoineamh ar bheith i mo shagart. Más féidir le Sinéad O Connor é a dhéanamh is féidir liomsa é a dhéanamh. Agus tá PhD agam sa Dlí Canónach, agus mar sin tá an scéal ar fad ar eolas agam ón taobh istigh. Agus tá mé naofa. Agus tá mé cráifeach. Agus tá mo chuid paidreacha ar eolas agam, murab ionann agus roinnt daoine eile. Fan go bhfeice mé cé na cáilíochtaí eile atá agam… Bhuel, bhí mise ag glanadh tóineanna salacha leanaí sula raibh aon chaint ar Pampers ná Huggies. Pampers mo thóin!
Cathair na bhFáithe
Balor: An gcronóidh tú saol na Róimhe, a iar-Uachtaráin?
Íosa: Cronóidh cinnte, a Bhaloir. Beidh sé thar a bheith doiligh orm socrú isteach i saol na hÉireann arís. Bhí mé an-tógtha le slachtaíocht na nIodálach: na sála arda, na gúnaí áille ildathacha, na hataí dubha agus dearga agus corcra, na blúsanna bláfara galánta. Agus bhí spéis agam i bhfaisin na mban chomh maith. Agus…ós ag caint dúinn ar cháilíochtaí le bheith i do shagart, tá sciorta agus hata agus blús agam cheana féin.
Agus cronóidh mé na cupáin tae le mo chara Francie, mar a thugaim féin air. Deir sé liom gur mé an t-aon duine a thugann Francie air, ach ní chreidim é sin. Ba ghnách leis bualadh isteach chugam gach maidin Déardaoin fá choinne cupán tae de chuid Bewleys agus cúpla briosca Marietta. Dúirt sé go raibh sé ag súil le tae ceart de chuid Barrys, ach mhínigh mé dó gur tae de chuid na Léinte Gorma a bhí ansin. Níl a fhios agam ar thuig sé an méid sin nó nár thuig. Ó is iomaí comhrá agus seisiún giob geab a bhí agam le Francie. Dála an scéil, a Bhaloir, tá mórán Francies thart faoi Ghleann Cholm Cille. Ó a Bhaloir, tá an chaint seo faoi Ghleann i ndiaidh cur i gcuimhne dom nach bhfuil an obair bhaile ón bhliain seo caite déanta agam do May Mac Ránais. Maróidh sé mé. B’fhearr dom imeacht agus an obair bhaile sin a dhéanamh, a Bhaloir. An bhfuil aon chur amach agat ar an mhodh foshuiteach caite?