Chaith Liz Curtis tréimhse phléisiúrtha i measc na Muimhneach an samhradh seo caite.
Cúpla bliain ó shin, chonaic mé bileog de chuid Oidhreacht Chorca Dhuibne agus cúrsa an-mhealltach fógartha inti. An rud a bhí i gceist ná cúrsa faoi thimpeallacht agus sheandálaíocht Chorca Dhuibhne, tugtha trí Ghaeilge agus ranganna Gaeilge i gceist freisin.
“Tabharfar turasanna ar láithreacha spéisiúla,” a dúradh sa bhileog. Ba mhian liom dul ar an chúrsa sin ar an toirt, agus d’éirigh liom é sin a dhéanamh i mbliana. Ní dheachaigh an tsúil amú orm.
Caithfidh mé a admháil go raibh orm mo mhisneach a mhúscailt, mar nach raibh cúrsaí samhraidh déanta agam ach i dTír Chonaill go dtí sin. Bhí mé neirbhíseach faoi dhul go háit nua, agus bhí mé buartha freisin nach dtuigfí mo chuid Gaeilge, a d’fhoghlaim mé i dtuaisceart na hÉireann.
Ach ní raibh call ar bith le himní. Bhí achan duine an-deas fáilteach, agus cuireadh ar mo shuaimhneas mé láithreach bonn.
Bhí an cúrsa lonnaithe i sráidbhaile bríomhar Bhaile an Fheirtéaraigh. An duine stairiúil is clúití atá bainteach leis ná Piaras Feiritéar, an file agus saighdiúir a chroch na Sasanaigh i gCill Áirne sa bhliain 1653. Ba dhuine den uasaicme é Piaras, agus tá iarsmaí a chaisleáin le feiceáil go fóill ag Cuan an Chaoil.
Thiomáin mé anuas ó Bhéal Feirste, agus stop mé thar oíche i gContae Thiobraid Árann, i mbrú beag atmaisféarach darb ainm Kilcoran Farm Hostel, atá taobh amuigh den Chathair. Is breá liom an brú sin - ach ní bheifeá sásta leis más duine tú atá tógtha leis na deiseanna is nua. Tá sé chóir a bheith faoi cheilt go hiomlán ag an duilliúr agus tá féar ag fás ar an díon freisin. Seanleapacha atá ann, chan leapacha bunc, agus brat urláir agus mar sin de ar na ballaí. Titeann braon mór anuas ón sconsa sa chistín go rialta - ach is cuma!
Tá mé i ndiaidh fanacht ansin anois cúpla uair agus bualadh le roinnt daoine suimiúla ann, ina measc scríbhneoir óg ón tSairdín, a chuir faoi ansin ar feadh cúpla seachtain le roinnt scríbhneoireachta a dhéanamh. Tá fear cairdiúil darb ainm Karsten i mbun na háite. Is as an Ghearmáin é agus tá féith na garraíodóireachta ann.
Plódaithe
An lá dár gcionn chuaigh mé go Cill Áirne, ach bhí sé an-phlódaithe, mar sin lean mé ar aghaidh agus chuaigh mé suas ar chnoc go dtí áit ársa álainn darb ainm Achadh Deo, a bhfuil seaneaglais agus stoc cloigthí le fáil ann. Tá radharc iontach ann trasna locha Chill Áirne go dtí na sléibhte.
Acha Dá Eo (the field of the two yews) an bunainm atá i gceist, agus deirtear gurbh é Naomh Fionán Lobhar a bhunaigh mainistir ansin sa 7ú haois. D’fhéadfadh sé go raibh an chéad eaglais déanta as adhmad, ansin tógadh daimhliac níos moille. Tá iarsmaí ann a théann siar go dtí an 12ú haois. Baintear úsáid as an suíomh mar reilig go fóill, agus bhuail mé le cúpla duine a bhí ag tabhairt cuairte ar uaigh a muintire.
Bhuail mé an bóthar arís, ansin stad mé fá choinne siúlóide bige ag áit álainn eile, Trá Inse. Tá sé dochreidte chomh fada léi mar thrá - síleann tú nach bhfuil deireadh ar bith léi - agus sléibhte ceomhara i bhfad uait trasna na farraige. Bhí daoine ag snámh agus ag marcaíocht toinne freisin, go dtí gur tháinig bailc thobann fearthainne. Ansin shiúil na marcaigh thoinne isteach trasna fhairsinge an ghainimh fhliuch, ag iompar a gcuid cláracha toinne.
Ag tarraingt isteach duit ar Chorca Dhuibhne, feiceann tú sléibhte glasa cruinne agus fálta flannrua le deora dé. Tá baile an Daingin iontach deas. Níl sé chomh gleoite sin mar bhaile, measaim, ach tá atmaisféar breá réidh ann, leis na báid sa chuan agus aonach seó beag agus bialanna ag tairiscint iasc úr. Fuair mé iasc agus sceallóga an-deas i mbialann darb ainm Greaney’s, atá luaite sa Rough Guide.
Ansin thiomáin mé trasna na leithinse go dtí An Fheothanach, an áit a raibh mo lóistín. Tá magh ghlas chothrom ann idir sléibhte agus farraige, agus roinnt mhaith tithe scaipthe thart uirthi. D’fhan mé i dteach nua-thógtha Denise Begley, agus bhí gach deis nua le fáil ann.
Bhí an Triúr Deirfiúr le feiceáil ón fhuinneog - trí spuaic ghéara atá iontu atá cosúil le fiacla sáibh, ag éirí ón fharraige ar an taobh eile de Chuan Ard na Caithne. Dúirt Denise go bhfuil Cnoc Bréanainn taobh thiar dá teach, ach níl mé féin ábalta a rá go cinnte go bhfuil sé sin fíor mar nár tháinig sé amach óna bhrat néalta an tseachtain ar fad.
Bhí Denise cairdiúil beoga agus bhí buachaill an-deas darbh ainm Patrick ag cuidiú léi ag am bricfeasta. Rud maith faoin lóistín áirithe seo ná gur shuigh na haíonna uilig thart ar thábla amháin, mar sin bhí deis bhreá comhrá againn.
I measc na n-aíonna, bhí lánúin óg ghealgháireach nuaphósta ón tSlóvaic, agus iad ag ceiliúradh mhí na meala. Bhí carr ar cíos acu agus chuaigh siad i bhfad is i gcóngar. Dúirt siad gur shiúil siad suas go barr Chnoc Bréanainn, in ainneoin an cheo.
Is dócha go bhfuil sé ann, mar sin!
Tuilleadh eolais:
Tá sonraí roinnt mhaith tithe lóistín i gCorca Dhuibhne i leabhrán úsáideach dar teideal *Lóistín Gaeltachta *a chuireann Gaelsaoire ar fáil saor in aisce. Is féidir é a fháil trí www.gaelsaoire.ie. Is féidir liosta lóistíní a fháil ó Oidhreacht Chorca Dhuibhne freisin, agus tú ag freastal ar chúrsa. Tá roinnt mhaith ban tí ar an liosta sin a bhfuil cónaí orthu i mBaile an Fheirtéaraigh féin, agus iad fial flaithiúil lena gcuid Gaeilge chomh maith lena mbricfeastaí. Is féidir dul i dteagmháil le hOidhreacht Chorca Dhuibhne trí www.corca-dhuibhne.com.
Ar leanúint an mhí seo chugainn
Is scríbhneoir agus grianghrafadóir í Liz Curtis, a bhfuil cónaí uirthi i mBéal Feirste.
](..\2004-01\liz_seal.asp)