328
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Beidh spárálaí scáileáin de ghrianghraif as ceantar Gaeltachta le fáil i ngach eagrán de Beo. An mhí seo: Contae Mhaigh Eo.
»»»Nuair a chruann an easpa measa ina reacht, is deacair a shníomh ina cheart. Ní dea-scéala ar an scolaíocht sa Fhrainc atá ag PJ Mac Gabhann dúinn.
»»»“Ní féidir stad a chur le fás na Gaelscolaíochta má bhíonn an t-éileamh ann – is féidir an fás sin a mhoilliú, ach ní féidir stad a chur leis. … caithfear a aithint gur tháinig cuid mhór de sin ón phobal féin gan tacaíocht stáit. Ní raibh deontas ar bith, cuirim i gcás, ar Chumann Chluain Ard, agus tógadh Gaeltacht Bhóthar Seoighe gan deontas de chineál ar bith. Níl deontas de dhíth le mogalra teanga a fhorbairt, níl de dhíth ach daoine a theacht le chéile. Níl deontas de dhíth le teaghlach a thógáil le Gaeilge, agus sin an áit is mó a bhfuil dul chun cinn le déanamh go fóill – cur le líon na dteaghlach Gaeilge. Caithfidh muid oibriú níos cliste agus níos straitéisí; ní deontais ach toil phobail a thógfas pobail úra Gaeilge, ….”
»»»Is gearr go mbeidh an tOireachtas, féile mhór chultúrtha na Gaeilge, á cheiliúradh arís agus na sluaite ag triall air ó i bhfad is i gcóngar le spraoi a bhaint as. Ach tá fear amháin a bheas ag obair go dian roimh an fhéile agus lena linn, le féachaint chuige go mbainfidh gach duine taitneamh as a bhfuil ar siúl, is é sin, Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. Labhair Antaine Ó Faracháin leis le déanaí.
»»»An mac léinn eachtrannach a íocann táille an-ard le teacht chun na Breataine, maíonn Alan Desmond san alt seo nach mbeidh, is cosúil, fáilte chroíúil roimhe ann feasta.
»»»Tá go leor daoine san Astráil, feilméaraí ina measc, amhrasach faoin modhnú géiniteach, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.
»»»Tharraing sár-urghairí cúirte agus seanbhlas na liarlóg nuachtáin ar imreoirí sacair aird Mhíchéail Uí Aodha.
»»»Bíonn drámaíocht sa tsaol agus bíonn an saol ina dhrámaíocht chomh minic céanna, nó bhí an mhí seo chuaigh thart mar is eol do Robert McMillen.
»»»Tá cinneadh déanta ag an Steam Packet Company deireadh a chur leis an tseirbhís farantóireachta an-tapa idir Learpholl agus Baile Átha Cliath, rud a bheidh ina bhuille an-mhór dá chathair dhúchais, dar le Tony Birtill.
»»»Ní hamháin go mbeidh deighilt idir paisinéirí ar eitleáin sa todhchaí toisc iad a bheith “sa stíris”, sa ghrád gnó nó sa chéad ghrád ach seans go mbeidh deighilt eatarthu toisc iad a bheith ar eitleáin dhifriúla, mar a mhíníonn Pádraig Mac Éamoinn.
»»»Dfhoghlaim Liz Curtis go leor faoi shaol na manach fadó le linn di cuairt a thabhairt ar an áit a raibh mainistir Bheannachair suite fadó.
»»»Rinne Gaelchultúr tionscadal nua, ClubLeabhar.com, a sheoladh an mhí seo caite. Míníonn Stiúrthóir Oideachais an chomhlachta, Éamonn Ó Dónaill, cad é a spreag iad le thabhairt faoin obair seo.
»»»Admhaíonn Donncha Ó hÉallaithe go bhfuil sé i ngreim ag galar an tsacair. Is beag a shamhlaigh sé ina óige ghaelach Ghalltachta go mbeadh sé ina bhainisteoir ar fhoireann Ghaeltachta a imríonn an cluiche gallda úd, an sacar. Cuireann sé an locht ar a pháistí!
»»»Is mór an chailliúint é bás Kieran Hegarty, fear a raibh baint aige le gach clár Gaeilge a craoladh ar BBC Thuaisceart Éireann le ceithre bliana is fiche. Crónófar a dhóigh shéimh agus a cheannasaíocht dhocht, a deir dlúthchara agus comhoibrí dá chuid, Antaine Ó Donnaile.
»»»Tá rudaí deasa le déanamh againn sa tsaol a deir Robert McMillen agus, má tá ciall againn, ní ligfimid do dhonas an domhain bhradaigh dul idir sinn agus sonas an tsaoil seo.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.