CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Oireachtas 2005 ar siul i gCorcaigh
Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin

Is gearr go mbeidh an tOireachtas, féile mhór chultúrtha na Gaeilge, á cheiliúradh arís agus na sluaite ag triall air ó i bhfad is i gcóngar le spraoi a bhaint as. Ach tá fear amháin a bheas ag obair go dian roimh an fhéile agus lena linn, le féachaint chuige go mbainfidh gach duine taitneamh as a bhfuil ar siúl, is é sin, Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. Labhair Antaine Ó Faracháin leis le déanaí.

Íomhá
Íomhá
Íomhá

Antaine Ó Faracháin: Tá Oireachtas 2005 le bheith ann ag tús mhí na Samhna 2005. Cén áit a mbeidh sé ag tarlú i mbliana agus céard iad na hionaid a bheidh in úsáid do phríomhócáidí na féile?

Liam Ó Maolaodha: Is i gCorcaigh a bheidh Oireachtas na bliana seo agus tosóidh na himeachtaí Dé Luain, 31 Deireadh Fómhair, agus leanfaidh siad ar aghaidh go dtí Dé Domhnaigh, 6 Samhain. Beidh clár an-leathan imeachtaí i gceist: taispeántais, léachtaí, ceol agus, ar ndóigh, ón Déardaoin amach beidh na comórtais ar siúl. Tá an clár iomlán le feiceáil ar ár suíomh gréasáin, www.antoireachtas.ie

AÓF: An bhfuil aon tuairim agat cé mhéad duine a bheidh ag freastal ar an bhféile?

LÓM: Bíonn sé deacair a mheas roimh ré cé mhéad duine a bheidh i láthair. Tagann daoine agus imíonn siad, fanann daoine roinnt laethanta agus tagann daoine chun an cheantair agus b’fhéidir nach ndéanfadh siad aon fhreastal ar ócáidí foirmeálta an Oireachtais in aon chor.

AÓF: Céard iad na hócáidi is mó éilimh?

LÓM: Na comórtais amhránaíochta ar an sean-nóis, an damhsa ar an sean-nós, na hagallaimh bheirte agus na lúibíní, ach tá lucht leanúna dílis, mar shampla, ag leithéidí an chomórtais d’amhráin nua-chumtha agus is breá le daoine na comórtais amhránaíochta ar an sean-nós do na daoine óga. Cuimhnigh freisin ar na daoine nach dtéann chuig aon chomórtas ach chuig na seisiúin, na seoltaí leabhar agus dlúthdhioscaí agus, ar ndóigh, an club amhránaíochta, Casadh an tSúgáin - bíonn an-ócáidí aige sin chuile bhliain. Fonnadóirí agus lucht éisteachta dílis a bhíonn ann agus tugtar ómós iomlán don té atá ag casadh, faoi mar ba chóir, ar ndóigh.

AÓF: Bíonn go leor daoine ag tnúth go mór le bheith ag éisteacht leis na comórtais amhránaíochta dhúchasaigh ach an mbíonn sé deacair daoine a mhealladh le páirt a ghlacadh iontu?

LÓM: Bíonn agus ní bhíonn. Thuas seal, thíos seal a bhíonn roinnt de na comórtais. Ar an iomlán, áfach, tá níos mó daoine ag glacadh páirte sna comórtais againn, i measc na ndaoine óga, ach go háirithe, a bhuíochas sin, ar ndóigh, dá dtuismitheoirí agus dá gcuid múinteoirí. Ag breathnú ar thorthaí an Oireachtais le cúpla bliain anuas tá sé spéisiúil a fheiceáil cé as a bhfuil na buaiteoirí ag teacht.

AÓF: Céard faoi mholtóirí? An mbíonn sé deacair daoine a fháil chun moltóireacht a dhéanamh orthu?

LÓM: Níl sé baileach chomh deacair agus a bhíodh, agus a bhuíochas sin don chóras moltóireachta atá i bhfeidhm agus an dea-eagar a bhíonn ar na hócáidí freisin. Trí huaire an chloig a ghlac Corn Uí Riada anuraidh ach i gCaisleán an Bharraigh (sa bhliain 2000) bhí sé ag tarraingt ar mheán oíche nuair a bronnadh an Corn.

AÓF: Céard é ról an mholtóra dar leat?

LÓM: Go bunúsach is éard a bheinn ag lorg uaidh nó uaithi ná measúnú macánta ar amhránaíocht na n-iomaitheoirí agus iad ar an ardán os comhair na moltóirí ar an oíche. Tada thairis sin. Sin is brí le comórtas agus tá an comórtas ann i saol an duine ó bhí Pilib an Chleite ina ghasúr. Deirtear nach é an comórtas an bealach is fearr leis an sean-nós a chur os comhair an phobail ach céard eile atá ann? Tá go leor iarrachtaí déanta ag an Oireachtas le theacht ar airgead le taispeántais, ceardlanna agus ócáidí eile sean-nóis a eagrú ach ní léiríonn lucht urraíochta aon spéis ansin ach sna comórtais. Is iad na comórtais a thugann na sluaite le chéile agus is as sin a fhásann na seisiúin agus an chlub amhránaíochta agus na himeachtaí eile ar fad.

AÓF: Céard iad na tréithe a bhíonn á lorg agat i nduine a bheadh ag obair mar mholtóir?

LÓM: Saineolas ar an ábhar, más damhsa nó ceol nó agallamh beirte nó amhránaíocht atá i gceist. A bheith ionraic, macánta agus féaráilte do chuile iomaitheoir. Ní gá, ar ndóigh, go mbeadh damhsóir maith ar an duine is fearr ag déanamh moltóireachta ar dhamhsóirí eile.

AÓF: Is féidir leis an amhránaí a bheith i bhfoirm mhaith nó i ndrochfhoirm sna cúig nóiméad atá aige/aici leis an amhrán a chasadh, ach nach féidir le rudaí a bheith amhlaidh don mholtóir chomh maith céanna? An gceapann tú go mbíonn daoine ag súil leis an iomarca ó mholtóirí scaití, is é sin go mbeidís foirfe i gcónaí?

LÓM: Aontaím leat ar fad. Feiceann muid uilig é sin, abair, le linn cluiche peile nó iománaíochta. Tá chuile dhuine againn mar mholtóir ach caithfidh duine amháin an cinneadh a dhéanamh. Ag Corn Uí Riada beidh suas le 1,000 moltóir sa halla ach is ó thriúr a thógfaidh mise na marcanna agus is é an toradh sin an toradh oifigiúil. Tá an-mheas agam ar dhuine ar bith a dhéanfadh moltóireacht ag aon chomórtas - gan moltóirí ní bheadh aon chomórtas ann agus, mar a dúirt muid níos luaithe, ní gá gurb é an comórtas an bealach is fearr leis an amhránaíocht a chur chun cinn ach, mar sin féin tá ról an-tábhachtach aige.

AÓF: An bhfuil tú sásta leis na córais éagsúla moltóireachta a bhíonn in úsáid nó ar mhaith leat aon athruithe a chur i bhfeidhm?

LÓM: Tá. Ní thar oíche nó in aon iarracht amháin a thángthas ar an gcóras seo. Rinneadh roinnt mhaith cur agus cúiteamh ina thaobh. Bhí seimineár ann le gairid ag ar tugadh cuireadh do gach éinne a rinne moltóireacht ar chomórtas amhránaíochta ar an sean-nós ag an Oireachtas le trí bliana anuas. Le linn seisiúin amháin rinne an 18 moltóir a bhí i láthair moltóireacht ar chomórtas de chuid na bliana seo caite. Cuimhnigh gur triúr a rinne moltóireacht ar an oíche, ach tar éis marcanna 18 moltóir a bhí i láthair a chomhaireamh thángthas ar an toradh ceannann céanna.

AÓF: B’fhearr liom féin go mór nach mbeadh daoine (idir iomaitheoirí agus lucht éisteachta) chomh tógtha sin leis an gcomórtasaíocht ach go gcuirfidís níos mó spéise san amhránaíocht féin agus go mbainfidís taitneamh aisti. An aontófá liom go gcuireann daoine áirithe an iomarca béime ar an gcomórtasaíocht seachas ar an amhránaíocht?

LÓM: Bhuel, b’fhéidir go mbraitheann sin ar na fáthanna atá ag daoine le bheith rannpháirteach - má ghlacann duine páirt i gcomórtas ar mhaithe le buachaint amháin, is minice díomá ar an duine sin ná a mhalairt. Úsáideann roinnt daoine an comórtas ar mhaithe le hamhráin nua a fhoghlaim, glacann daoine páirt ann ar mhaithe lena chinntiú go mbeidh ionadaíocht ag a gceantar ag an Oireachtas, glacann daoine páirt le spreagadh a thabhairt do dhaoine eile. Bím anuas in amanna ar dhaoine a bhuaigh duais ag an Oireachtas, go mór mór Corn Uí Riada, agus a déarfadh nach bhfuil siad chun páirt a ghlacadh níos mó. Creidim gur cheart dóibh rud éicint a “thabhairt ar ais”. Is mór an meas atá agam ar dhaoine a bhuaigh an Corn agus a leanann leo ag glacadh páirte ann mar go dtugann siad sásamh agus spreagadh do dhaoine eile. Níl sa saol seo ach seal beag gearr.

AÓF: Mar éisteoir, an bhfuil aon amhrán ar leith a thaitníonn go mór leat?

LÓM: Is breá liom a bheith ag éisteacht le hamhránaíocht ar an sean-nós, ar an raidió, nó ar téip nó dlúthdhiosca. Bíonn cuid ag imeacht sa gcarr i gcónaí, ach ceanglaím go minic amhrán le hócáid ag a raibh mé i láthair agus gur chas amhránaí éicint an t-amhrán. Cuimhním ar Oireachtas 1991 i gCluain Dolcáin nuair a chas Tomás Mac Eoin “Caoineadh na dTrí Muire” nó oíche i Largs na hAlban nuair a chas Máirtín Tom Sheáinín “An Sagairtín”. Cé gur fearr i bhfad a bheith i láthair an amhránaí is iontach an rud é a bheith in ann éisteacht in am ar bith le dlúthdhiosca. Tá dlúthdhiosca de chuid Sheosamh Uí Éanaigh agam a bhíonn ag imeacht de shíor agam agus ar dhlúthdhiosca eile tá leagan aoibhinn de “An Mhaighdean Mhara” ag Annie Eoghain Éamoinn.

AÓF: Is minic a chuala mé thú ag rá nach bhfuil aon scil agat sa gceol nó san amhránaíocht, ach an bhfuil aon seans go gcloisfimid véarsa nó dhó d’amhrán uait féin le linn na féile?

LÓM: Ar mhaithe le sluaite an Oireachtais agus an taitneamh a bhaineann siad as imeachtaí na féile, táim sásta íobairt a dhéanamh agus gan aon taispeántas poiblí a dhéanamh i gCorcaigh!

Tuilleadh eolais ar fáil ag: www.antoireachtas.ie

Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.