AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Modhnú géiniteach – baol nó buntáiste?
Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin

Tá go leor daoine san Astráil, feilméaraí ina measc, amhrasach faoin modhnú géiniteach, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.

Íomhá
Íomhá

I mí na Samhna, fógraíodh gur cuireadh deireadh le triail a bhí ar siúl ag an Commonwealth Scientific and Industrial Research Organisation (CSIRO), rannóg taighde de chuid rialtas na hAstráile. Sa triail seo, a bhí ar siúl ar feadh deich mbliana agus a chosain $3 mhilliún (€1.9 milliún), cuireadh géin bhreise ó phónairí le piseanna lena gcosaint ó fheithidí. Ach nuair a tugadh na piseanna a raibh modhnú géiniteach déanta orthu mar bhia do luchain, rinne sé dochar do na scamhóga. Nuair a tugadh é sin faoi deara, cuireadh deireadh leis an triail agus scriosadh na piseanna ar fad. Dúradh nach bhféadfaí leanacht ar aghaidh leis an triail a fhad is a bhí baol ar bith go ndéanfaí dochar do dhaoine a d’íosfadh na piseanna.

Ba ghearr go raibh dhá leagan éagsúla á gcur ar an scéal. Dúirt an CSIRO, atá i bhfábhar modhnú géiniteach i gcoitinne, gur thaispeáin sé seo go raibh an córas ag oibriú mar ba chóir dó agus nach raibh aon bhaol ann don phobal. Ba é a mhalairt a bhí á rá ag daoine agus ag eagraíochtaí atá i gcoinne athruithe géiniteacha, Greenpeace ina measc – dúirt siadsan gur léirigh sé seo go raibh baol bunúsach ag baint le modhnú géiniteach ar bhia agus gur chóir deireadh a chur leis. Dúirt siad freisin dá mba chomhlacht príobháideach a bheadh i gceist nach bhfoilseofaí torthaí na trialach ar chor ar bith.

Níl ach roinnt bheag trialacha den tsórt sin a bhfuil na torthaí ar eolas againn. In dhá chás eile, in Albain agus sa Rúis, tugadh bia a raibh modhnú géiniteach déanta air do fhrancaigh agus rinne sé dochar dóibh. Sa triail Rúiseach, fuair an chuid is mó de na francaigh bás taobh istigh de thrí seachtainí.

an bhiteicneolaíocht ina ábhar conspóide le breis is scór bliain. Tá sí á húsáid go forleathan le drugaí a chur ar fáil agus glacann an pobal leis sin mar gur féidir buntáiste suntasach a fheiceáil uaidh. Ach is ceist eile ar fad é nuair a bhaineann sé le bia. Seachas sna Stáit Aontaithe, áit a bhfuil bia a bhfuil modhnú géiniteach déanta air á úsáid ó 1993, is beag glacadh atá leis. San Eoraip, tá an pobal an-amhrasach faoi agus is amhlaidh atá san Astráil.

Tá comhlachtaí a bhfuil an teicneolaíocht seo á díol acu ag rá go gcuireann sí le táirgiúlacht agus le brabach na bhfeilméaraí, go laghdaíonn sí an gá le lotnaid, go bhfuil sí sábháilte agus go bhféadfadh sí deireadh a chur le hocras domhanda nó é a laghdú ar aon nós. Deir daoine atá ina coinne nach méadaíonn sí an táirgiúlacht, go ndéanann sí dochar don chomhshaol agus nach mbeadh aon tionchar aici ar ghorta mar go bhfuil dóthain bia á thairgeadh anois agus gur cúiseanna polaitíochta agus geilleagracha atá leis an ocras in áiteacha éagsúla ar domhan. Tugadh tacaíocht don dearcadh seo cúpla bliain ó shin nuair a foilsíodh staidéar sa mBreatain a thaispeáin go raibh laghdú mór tagtha ar an líon beach, féileacán agus éan i gceantar a raibh bia a raibh modhnú géiniteach déanta air ag fás ann.

Cé go raibh suim ag feilméaraí na hAstráile sa teicneolaíocht seo ar dtús, anois tá amhras ar chuid acu. Tá eagraíocht bunaithe ag roinnt feilméaraí le cur ina coinne. Measann siad nach bhfuil na buntáistí tairgiúlachta a bhí á maíomh fíor ach is é an rud is mó atá ag cur as dóibh go ndéanfar an-dochar d’onnmhairiú bia as an Astráil má tá modhnú géiniteach de shaghas ar bith á dhéanamh ar bhia sa tír.

Tá Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney. Is as an gCeathrú Rua i gConamara ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.